Irish-Language

Go leor imeachtaí Gaeilge le páirt a ghlacadh iontu le linn Fhéile an Phobail

FEARGACH GO FÓILL: Tá an dúrud bainte amach ag an Dream Dearg agus ag eagraíochtaí eile Gaeilge ach tá go leor le cur i gcrích acu, rud a phléifear an tseachtain seo in imeachtaí de chuid Fhéile an Phobail
FEARGACH GO FÓILL: Tá an dúrud bainte amach ag an Dream Dearg agus ag eagraíochtaí eile Gaeilge ach tá go leor le cur i gcrích acu, rud a phléifear an tseachtain seo in imeachtaí de chuid Fhéile an Phobail

Níl a fhios agam cá mhéad imeacht Gaeilge a bhí ar siúl le linn an chéad Fhéile an Phobail ach tabharfaidh imeachtaí na bliana seo spléachadh beag ar an dul chun cinn atá déanta ag lucht labhartha na Gaeilge ó bhí 1988 ann.

Tá gluaiseacht na Gaeilge fréamhaithe go daingean sna pobail ar cuid dóibh í. Láidríonn an ghluaiseacht na pobail agus láidríonn na pobail iad.

Is iontach an t-ardú meanman a thugann gníomhaíochtaí Gaeilge do dhaoine nach bhfuil focal den teanga acu. 

Bhí mé ag caint inné dar teideal The Ghost Limb, inar labhair Claire Mitchell (údar an leabhair, The Ghost Limb); Linda Ervine agus an tOirmhinneach Karen Sethuraman ar shaolta s’acu mar Phrotastúnaigh nach nglacann leis na seanmhúnlaí féiniúlachta a thagann anuas ó ghlúin go glúin.

B’ábhar mór dóchais an dearcadh a bhí ag na mná seo ar an dul chun cinn is féidir a dhéanamh agus sochaí úr dhearfach a thógáil anseo ó thuaidh, bíodh sé in Éirinn Aontaithe nó i Sé Chontae leasaithe.    

:: Inniu, beidh ócáid ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál agus Ó Díghalldú Go Dream Dearg/130 Years Of Conradh na Gaeilge mar theideal uirthi.

Is é atá i gceist ná comhrá i nGaeilge a dhéanfaidh 130 bliain den Chonradh.

Bunaíodh an cumann i 1893, tráth a raibh borradh mór athbheochana faoi chultúr na hÉireann.

An bhliain roimhe sin, scríobh bunaitheoir an Chonartha, Dubhglas de hÍde alt cáiliúil dar teideal The Necessity for De-Anglicising Ireland.

Rachaidh an ócáid oscailte seo i ngleic le cuid de na ceisteanna a thóg de hÍde, ceisteanna faoin díchoilíniú agus faoin phoblachtanachas ina measc, agus Conradh na Gaeilge i gcroílár an phlé riachtanaigh seo.

Imeacht saor in aisce atá ann, é ar fad i nGaeilge ach cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil.

Tosóidh an díospoireacht ar a 1pm inniu.

:: Tá an nasc idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil na hAlban ag dul i dtreise le tamall maith de bhlianta anois agus cuirfidh an dá dhream suim in imeacht dar teideal Machnamh Pearsanta ar an Ghaeilge agus ar an Ghàidhlig i bPreispitéireachas na hAlban.

Déanfaidh an tOirmhinneach Willie John Macdonald machnamh pearsanta ar a theanga agus a chreideamh. 

Rugadh an tOirr Macdonald in Uig ar Eilean Leòdhais sna hInnse Ghall ar chósta thiar na hAlban ag fás aníos mar chainteoir dúchais i gceantar Gaeltachta ar an oileán.

Bhí sé ina mhinistir in Eaglais na hAlban (Preispitéireach), agus é ag seanmóireacht agus ag adhradh i nGáidhlig don  phobal Gaelach.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal seo, tabhair cuairt ar www.antionolann.com 

Beidh cead isteach saor in aisce chuig an imeacht a bheidh ar siúl i Halla Naomh Comghall i Sráid Duibhise, ag toiseacht ar a 2pm.

Fiosruithe: 07707028312 nó Dtmoore765@gmail.com

:: Má tá cairde agat a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, is fiú iad a spreagadh dul chuig The Use and Development of the Irish Language a bheidh ar siúl i gCumann Naomh Pól, ar Bhóthar Seoighe i mBéa Feirste.

Sa chaint shuimiúil seo, labhróidh Fearghal Mac Bhloscaidh faoi fhorbairt agus úsáid na Gaeilge le blianta beag anuas,

Beidh an chaint i mBéarla mar sin dó tá sé thar a bheith áisiúil ag na daoine sin atá ag iarraidh fáil amach cad é atá taobh thiar d’athbheochan na teanga agus na cúiseanna ar chóir í a fhoghlaim.

Tá an chaint á eagrú ag CLG Naomh Pól agus Grúpa Cultúrtha Léana an Dúin. Beidh an chaint ar siúl san oíche amárach (9 Lúnasa) i gClubtheach CLG Naomh Pól, ag toiseacht ar a 7pm.

Tuilleadh eolais ó Glen Phillips ag 07906 179605.

::  Bhí an chaint a thug an Dr Micheal Ó Cróinín i nDoire anuraidh ar cheann de na cinn is fearr dár chuala mé le fada. 

Ag caint ar an éiceolaíocht agus an Ghaeilge a bhí sé agus in Ionad Mhic Ghoill ar a 7pm san oíche amárach, beidh sé ag caint arís ar an ábhar thar a bheith suimiúil seo. 

:: Tarlóidh an t-imeacht is mó Gaeilge le linn na Féile ar an Aoine seo romhainn nuair a reáchtálfar Comhaontú Aoine an Chéasta: Peirspictíoch na Gaeilge ina mbeidh plé agus Lón Gníomhaíochta ann.

Lena linn, beidh pobal na Gaeilge ag machnamh ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta ar an oileán seo,

le dhá phlé-painéil ag tarraingt ar thaithí ghníomhaithe a raibh ról lárnach acu i mbunú agus i gcothú gluaiseacht ghníomhach, pobal-bhunaithe teanga atá ar an fhód le seacht mbliana anuas.

Beidh dhá phlé-phainéal ann, an chéad cheann ina mbeidh Gerry Adams, Máirín Ní Ghadhra, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Brónagh Fusco (mé féin a bheidh sa chathaoir) ag toiseacht ar 11am.

Beidh an dara painéal ag toiseacht i ndiaidh am lóin agus Niall Ó Catháin, Sorcha Ní Cheileachair, Pilib Ó Ruanaí, Bláithín Mhic Cana ar na cainteoirí agus Feargal Mac Ionnrachtaigh sa chathaoir i seisiún dar teideal  Ag Tógáil Pobail ón Bhun Aníos.

Is féidir clárú ag https://www.eventbrite.co.uk/e/comhaontu-aoine-an-cheasta-

machnaionn-na-gaeil-ticéid-634677757257

:: Tá duine de na Gaeil is aitheanta ó thuaidh, Eoghan Ó Néill, i mbun leabhar a scríobh ar Stair Raidió Fáilte.

Abrasive Gaels: Stair Raidió Feirste agus Gaeil Bhéal Feirste, 1980-91 atá ar an leabhar atá á ullmhú faoi láthair ach seolfaidh an craoltóir agus údar a leabhar agus beidh sé páirteach i seisiún Ceisteanna agus Freagraí ar a chuid oibre agus ar obair an stáisiúin thar na blianta. 

Craolfar an seoladh beo ar Raidió Fáilte 107.1 FM agus ar líne ag www.raidiofailte.com ach tá spásanna teoranta i Seomra  - beidh áirithint riachtanach.

Fiosruithe 028 9031 0013 nó ó pobal@raidiofailte.com

:: An Mhíorúílt atá in Turas (oíche amárach ar a 7pm).

Nuair a oscalaíodh an t-ionad Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste, dúradh gur míorúílt a bhí ann gombeadh daoine ag foghlaim Gaeilge ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda, ach inniu freastalaíonn breis is 400 duine ar ranganna gach seachtain.

Tá dul chun cinn déanta ag Turas ag spréadh na fírinne - gur le gur le gach duine an Ghaeilge.

Imeacht saor in aisce atá arna eagrú ag Turas - East Belfast Mission.