Irish-Language

Tús curtha le forálacha lárnacha na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh

LORD JONATHAN CAINE: Ceapadh an Barún Caine mar Fho-Rúnaí Parlaiminte Stáit in Oifig Thuaisceart Éireann in 2021
LORD JONATHAN CAINE: Ceapadh an Barún Caine mar Fho-Rúnaí Parlaiminte Stáit in Oifig Thuaisceart Éireann in 2021 LORD JONATHAN CAINE: Ceapadh an Barún Caine mar Fho-Rúnaí Parlaiminte Stáit in Oifig Thuaisceart Éireann in 2021

Tá an próiseas ceapacháin don chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh le teacht sna seachtainí beaga atá amach romhainn, tá deimhnithe ag an Tiarna Caine, ball de Theach na dTiarnaí vagus comhairleoir seanbhunaithe don Pháirtí Choimeádach ar chúrsaí an Tuaiscirt.  

Tá rialacháin tugtha isteach ag Rialtas na Breataine le feidhm a thabhairt d'fhorálacha lárnacha de chuid na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh.

I measc na rialachán tosaithe atá foilsithe, cuirfear tús le bunú oifige don Choimisinéir Gaeilge snap Dé Chontae agus le próiseas ceapacháin don ról sin, mar aon le cumhachtaí úra don Stát-Rúnaí cinntí a thógáil thar ceann Airí Feidhmeannais.

Táthar ag súil leis anois go mbeidh Oifig an Fheidhmeannais ag cur tús leis an phróiseas ceapacháin poiblí gan mhoill.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, cé go bhfuil an tAcht nua don Ghaeilge ó thuaidh rite le breis agus 6 mhí, go raibh "go leor i bpobal na Gaeilge ag fanacht agus ag troid do na cearta seo le blianta fada anuas. Anois cuireann muid tús leis an chéad chéim eile sa aistear sin, an cur i bhfeidhm féin.

"Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Oifig ar an Fheidhmeannais agus ar an NIO bogadh ar aghaidh gan a thuilleadh moille leis an phróiseas chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh.

"Agus na céimeanna uilig curtha san áireamh, bheadh muid ag súil leis an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh taobh istigh de roinnt míonna. Beidh an ceapachán sin ina chlochmhíle stairiúil eile ar an aistear fada seo i dtreo chearta teanga.

Ag an phointe sin, cuirfear tús le bunobair an Choimisinéara féin agus caighdeáin teanga le dearadh do na húdárais phoiblí go léir anseo," ara an tUasal Ó Muadaigh.

D'eiligh an Conradh ar an NIO rialacháin a fhoilsiú chun míreanna eile sa reachtaíocht a chur i bhfeidhm, go háirithe an fhoráil chun an tAcht um Riar an Chirt (1737) a áisghairm, an dlí a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna ó thuaidh.

Is féidir breathnú ar an ráiteas ón Tiarna Caine i dTeach na dTiarnaí inniu ag https://questions-statements.parliament.uk/written-statements/detail/2023-06-06/hlws810 agus tá na rialacháin úra le feiceáil ag; www.legislation.gov.uk/uksi/2023/566/regulation/2/made