Irish-Language

Téann Fiona agus Josie i ngleic leis na bainc – ach cé acu a bhainfidh?

DAVE DUGGAN: Faigheann fear Dhoire – via Londain agus Port Láirge – spreagadh ar shaol laethúil gháthmhuintir Dhoire agus áiteanna eile ach cuireann sé a dhraíocht chruthaitheach féin ar a gcuid scéalta le léargais a thabhairt dúinn ar shaol an uile dhuine againn
DAVE DUGGAN: Faigheann fear Dhoire – via Londain agus Port Láirge – spreagadh ar shaol laethúil gháthmhuintir Dhoire agus áiteanna eile ach cuireann sé a dhraíocht chruthaitheach féin ar a gcuid scéalta le léargais a thabhairt dúinn ar shaol an uile dhuine againn

AN UAIR DHEIREANACH ar chuir mé agallamh ar Dave Duggan, bhí sé in ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i ndiaidh é dul faoi scian.

An iarraidh seo, bhí sé i  ndiaidh teacht ón otharlann áit ar cuireadh cóir leighis air don ailse chraicinn, iarmhairt ón am a chaith sé ina chónaí sna Trópaicí, dar leis.

(Chaith fear Dhoire seal mar mhúinteoir i Boirneo agus ina dhiaidh sin mar stiúrthóir ar chlár d’oibrithe deonacha sa Ghaimbia.)

“Tá liosta fada de rudaí atá cearr liom, go háirithe sna cosa,” ar sé liom.

“An t-am deireanach, bhí mé san ospidéal nuair a bhain siad ladhracha na gcos díom agus anois, tá sé doiligh bróga cearta a fháil agus tá rudaí eile mícheart taobh istigh de mo chorp, agus bím iontach tuirseach go minic,” arsa an t-údar liom ag caifelann an Bhusárais i nDoire. 

Ach ainneoin na bhfadhbanna sláinte atá aige, léiríonn sé an sprid dochloíte atá in Dave go bhfuil sé ag saothrú leis, ag scríobh úrscéalta agus drámaí, i nGaeilge agus i mBéarla chomh maith lena bhlag a bhfuil teideal ag cur thar maoil le greann dubh air - Breathing with a Limp.

Is é Ór agus Mil an leabhair is déanaí uaidh, úrscéal atá suite i salon gruagaire i nDoire sa lá atá inniu ann.

Is ann a bhuaileann muid le Fiona agus le Josie, cairde ón chliabhán, páirtithe gnó le sé mhí, gruagairí nua-oilte le bliain ach tá an gnó s’acu faoi bhrú. Ní nach ionadh, tá an caidreamh eatarthu faoi bhrú mar gheall ar fhiacha agus ar cheilt. 

Ní fhaigheann siad ach seachrán óna dtiarna talún, Tightner. Níl ach idirghabháil ar fáil ó Eileen, máthair Fiona. Agus cé go bhfuil Phelim i ngrá le Josie, tá sé tobann is leithleasach. Nuair a bhagraíonn an banc orthu, cad é an taca atá ar fáil dóibh?

Ar ndóigh, b’éigean dom ceist a chur ar Dave faoin dúil mhór atá aige - mar fhear a bhfuil blagaid air - i ngruagairí. Scríobh sé dráma thar a bheith maith orthu i 2007 agus seo ar ais iad in Ór agus Mil. 

“Ba ghnách liom a bheith ag obair le daoine óga i scéimeanna éagsúla athmhuintearais i measc dhéagóirí agus bhí gruaig fhada orm. Bhí mé cosúil le ball de ZZ Top ach chinn mé an ghruaig uilig a bhaint dom agus is maith liom é,” ar sé.

Thiar i 2006, rinne an compántas drámaíochta Aisling Ghéar, teagmháil le Dave,  ag iarraidh air dráma a scríobh a rachadh ar camchuairt ar fud na tíre agus é dírithe ar dhaoine óga a raibh Gaeilge acu mar ba bheag ábhar a bhí ar fáil dóibh.

Chomh maith, gheobhadh daoine óga an deis aisteoireacht a dhéanamh ar an ardán.

Mar thaighde, thug Dave cuairt ar ghruagairí sa Cheathrú Gaeltachta le heolas a fháil ar shaol an salon.

Anois, tá boladh an laicear gruaige agus amóinia le mothú in Ór agus Mil.

“An t-ór, baineann sé sin le cúrsaí gnó agus an mhil, baineann sé sin le cúrsaí grá agus cairdis,” a mhíníonn Dave ach tá an t-úrscéal thar a bheith tráthúil agus gnónna agus úinéirí comhlachtaí beaga faoi strus ag an ghéarchéim eacnamaíochta agus teaghlaigh ar fud na háite ag streachailt le billí de gach sórt.

Tá sé seo le feiceáil ar shráideanna Dhoire, áit a bhfaigheann Dave spreagadh, ag breathnú agus ag déanamh comhrá le gnáthdhaoine faoi ghnáthchúrsaí an tsaoil.

“Is cinnte go bhfuil rudaí go dona i measc na gnáthmhuintire ach tá brabús ollmhór á dhéanann ag na bainc,” arsa Dave.

“Tá siad ag druidim suíomhanna gach áit, ag baint airgead tirim as an áireamh, ag cur iachaill ar dhaoine dul ar líne. ’Scrios ar na bainc’ mar a deirtear sa leabhar – agus sin glór s’agamsa ag teacht fríd,” arsa fear Dhoire, cé gur rugadh i Londain é de bhunadh na hÉireann a bhog ar ais go Port Láirge nuair a bhí Dave ocht mbliana d’aois.

Thart orainn, tá mná agus fir ag caint agus cuirim ceist orm féin agus mé i gcaifelanna, cad é a bhfuil daoine ag caint faoi? Cad é na scéalta a bhfuil siad á n-inse. Tá Dave mar a gcéanna. 

“Tá mé fiosrach gan a bheith ró-fhiosrach,” ar sé. “Tá an fhiosracht ionam ach níos tábhachtaí tá an tsamhlaíocht.

“Cé go mbím ag scríobh faoin saol laethúil sa chuid is mó (fágfaimid Makaronic as an áireamh!) cuirim spin fníos liriciúla orthu. Mar a deirim ag tús Ór agus Mil ‘buail isteach go mbuailfidh muid le Fiona agus Josie, ár laochra’ mar creidim gur laochra iad. Ní banríonacha nó uachtaráin iad ach gnáthchailíní atá ag plé leis an saol atá acu i láthair na huaire,” ar sé.

Ar ndóigh, is iomaí duine – chan é féin – a déarfadh gur laoch é Dave Duggan - tá “idir áthas agus iontas” air  agus iontas orm go bhfuil an t-úrscéal is déanaí foilisithe agus tá cnuasach aistí agus dráma stáitse idir lámha aige. Phew!

Tá Ór agus Mil foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.