Irish-Language

Caithfidh an seó leanstan ar aghaidh an mana atá ag Féile na Carraige

<b>CLANN MHIC CORRADH: </b>Beidh an chlann chl&uacute;iteach cheoil ag seinm le linn Fh&eacute;ile na Carraige an tseachtain seo chugainn agus beidh Michael Albert (<em>th&iacute;os ar dheis</em>) ag caint ar an eacnama&iacute;ocht rannph&aacute;irt&iacute;och agus an tOllamh Colin Harvey ag caint ar athaont&uacute; na h&Eacute;ireann
CLANN MHIC CORRADH: Beidh an chlann chlúiteach cheoil ag seinm le linn Fhéile na Carraige an tseachtain seo chugainn agus beidh Michael Albert (thíos ar dheis) ag caint ar an eacnamaíocht rannpháirtíoch agus an tOllamh Colin Harvey ag caint ar athaontú na hÉireann

AG SMAOINEAMH smaoineamh taobh amuigh den bhosca; ag brú an chlúdaigh; smaointeoireacht spéir ghorm – is cuma cad é mar a chuireann tú síos air, tá nuálaíocht agus cruthaitheacht de dhíth i ngach réimse den saol agus cé go bhfuil na frásaí amaideacha thuas mar chuid de shaol an ghnó, tá smaointe agus cur chuige ceannródaíocha ag teastáil le dul ar bith chun cinn a dhéanamh.

Tá sé sin aitheanta ag Glór na Móna, an grúpa pobail atá lonnaithe i gceantar Uachtar Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste, agus bíonn siad de shíor sa tóir ar mhodhanna úra smaointeoireachta a chothú i ndaoine – agus i ndaoine óga ach go háirithe – a ligfidh dóibh lámh an uachtair a fhail ar na fadhbanna sóisialta atá forleathan sa cheantar.

Reáchtálann Glór na Móna Féile na Carraige, seachtain de chainteanna, de cheol agus de chuideachta ach ar ndóigh, tá dúshláin neamhghnácha roimh lucht a eagraithe mar a mhínigh cathaoirleach Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh dom.

“Cosúil le grúpaí pobail eile, chaill muid amach ar chuid mhór airgid sa tréimhse seo agus chuir sin isteach go mór orainn ar fad,” ar sé.

“B’éigean dúinn cúpla féile eile a chur ar ceal chomh maith le ranganna, cumainn óige agus gach sórt, mar sin, chaill muid amach ón ioncam a eascródh as sin ach tharla rudaí dearfacha ag an am ceanna.

“Mar chuid d’fheachtas logánta, Ar scáth a chéile - Upper Springfield Covid19 Community Response, bhí muid in ann pacáistí bia a sheachadadh sa cheantar, comórtas biongó ó shráid go sráid agus comórtais ealaíne agus ceoil a reáchtáil, agus ar an dóigh sin, bhí muid ábalta sprid agus meanma an phobail a thógáil,” ar sé.

Chaill Glór an t-airgead a bheadh acu d’Fhéile na Carraige ach a bhuíochas d’Fhoras na Gaeilge, tá siad in ann féile fhíorúil a chur ar siúl an tseachtain seo chugainn. 

Mar a deir cliché eile, caitheann an seó leanstan ar aghaidh agus tá lón machnaimh agus anama mar is gnách i gclár Fhéile na Carraige agus é ag cloí le bunchlocha fhealsúnacht Ghlóir na Móna – Pobal, Páirteachas, Polaitíocht.

Mar chuid de ghné an phobail de, ar an Céadaoin 14 Deireadh Fómhair, beidh plé-phainéal fá Stair na Cultúrlainne ar siúl. 

In 2021, beifear ag ceiliúradh 30 bliain ó bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. 

Beidh a gcuimhní féin ag gach duine de na heagraíochtaí cheannródaíocha a bhíodh agus atá lonnaithe sa tréimhse sin.

Cluinfidh muid ó chuid acu siúd a d’obair ann faoi na dúshláin a bhí le sárú acu, faoin tionchar a d’imir siad ar shaol na Gaeilge agus faoin difear idir cúrsaí mar atá anois agus an saol mar a bhí. Craolfar an t-imeacht seo beo ar Facebook na Cultúrlainne agus beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur ar an phainéal cainteoirí. 

Tosóidh an ócáid ar a 2pm.

Ó thaobh an pháirteachais agus na polaitíochta de, beidh díospóireacht ar siúl ar Éirinn Aontaithe agus an dóigh is fearr le toradh dearfach a fhail i cibé reifreann a thiocfaidh, luath nó mall agus tá fáilte roimh an uile dhuine bheith páirteach sa phlé.

Ar na rannpháirtithe beidh Colin Harvey, Ollamh leis na dlíthe i leith chearta an duine i Scoil Dlí Ollscoil na Banríona; Eilish Rooney, scoláire Emeritus in Ollscoil Uladh; John Gormley, gníomhaí pobail leis an Lower Ormeau Resident’s Action Group agus Paddy Kelly, an dlíodóir agus Gníomhaí ar son chearta an duine.

Is é Niall Murphy, urlabhraí ar Ireland’s Future, grúpa a bhíonn ag stocaireacht do thionól saoránach uile-Éireann, a bheidh sa chathaoir.

Tá suim ar leith ag Glór na Móna i leas a gceantair féin, i leas na hÉireann ach tá an t-idirnáisiúnachas go láidir ina measc fosta.

Sin an fáth go mbeidh an gníomhaí Meiriceánach eacnamaíochta, Michael Albert, faoi agallamh le linn Fhéile na Carraige. Ach cé hé Michael Albert?

Is gníomhaí iomráiteach domhanda é, scríbhneoir, foilsitheoir agus údar a bhfuil breis agus 20 leabhar scríofa aige é Michael Albert agus a shaothar bunaithe ar an

“eacnamaíocht rannpháirtíochta” agus ar an athrú sóisialta. 

“Fear an-spéisiúil atá in Michael Albert,” arsa Feargal.

“Scríobh sé leabhar iontach clúiteach darb ainm Parecon: Life After Capitalism ina bpléann sé an eacnamaíocht a bhfuil gach duine páirteach ann agus ní “na saineolaithe” amháin. 

“Ag an am ceanna, ní teoiriceoir é - tá go leor tionscadal curtha i gcrích aige.

“Agus muid ag caint leis, dúirt muid gur shile muid gur seo an tréimhse is mo deiseanna an sochaí a athrú agus smaointe ailtéarnacha a chur chun cinn le méadú ollmhór ar líon na ndaoine a bheidh ar an dole sna míonna atá romhainn.

“Is maith liom an teideal atá ar an agallamh seo, What is to be Undone, mar ní shilim go bhfuil an dóigh ar oibir an sochaí roimhe seo fóirsteanach don tréimhse úr ina bhfuil muid,” arsa Feargal.

Ábhar machnaimh mar a dúirt mé ach beidh spraoi ar siúl le linn na féile chomh maith.

Is stiúrthóir é Dessie Donnelly ar The Participation and Practice of Rights Project, eagraíocht a bhfuil duaiseanna bainte acu as an obair a dhéanann siad ag cosaint chearta an duine.

Dé Sathairn 12 Deireadh Fómhair, beidh Gig Fhéile na Carraige ar siúl le Clann Mhic Corraidh, teaghlach a thóg  breis agus £17,000 d’Oispís na Sé Chontae i rith na dianghlasála le ceolchoirmeacha iomráiteacha s’acu a thuill ardmholadh ó Uachtarán Michael D. Higgins don iarracht dochreidte as an oiread airgid agus croí a thóg siad i rith tréimhse thar a bheith deacair. 

Is múinteoir bunscoile é Seán Óg i mBunscoil Phobal Feirste in iarthar Bhéal Feirste a bhí ag seinm lena athair Seán, a mháthair Fiona mar aon lena dheir úr Fionnuala.

Is iomaí gig sa chathair a bhí Seán Óg ag seinm ar an bhainseó agus Seán Mór ar an ghiotáir. 

I rith dhianghlasáil Covid-19, thosaigh an bheirt ag seinm sa ghairdín ar chúl an tí i Scioból an Cheoil agus é a chur ar fáil beo ar líne.

D’fhás na ceolchoirmeacha chomh gasta sin go dtáinig Fiona ar bord le hiarratais amhrán a ghlacadh agus tháinig Fionnuala isteach leis an chonsairtín. 

Beidh imeachtaí óige ar siúl chomh maith, ó fhíseán go dtí seisiúin scéalaíochta agus spraoi le Sorcha Nic Cathmhaoil.