Moved Permanently

The document has moved here.


Apache/2.4.25 (Debian) Server at www.irishnews.com Port 80
Ceol an domhain le cluinstin taobh le hAbhainn Cluaidh - The Irish News
PAGE NOT FOUND ERROR 404 - The Irish News

PAGE NOT FOUND ERROR 404

What can you do?

 

  • You can use the search box at the top right side of the page to find the information you’ve been looking for.
  • You can take a look at our Popular Posts section on the menu bar of this page. There you might find the information you’d like to get, and more useful articles you might be interested in as well.
  • You can also return home if you’re feeling lost.
  • You can find out more about the Irish News in the article About Us.
  • And if you think this is our mistake, you can also contact us. We’ll be thankful.
Irish language

Ceol an domhain le cluinstin taobh le hAbhainn Cluaidh

Beidh Anda Union (thuas) chomh maith leis na Chieftains. Moving Hearts agus Píobairí Ard Mhacha i measc na gceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte in Celtic Connections 2016
Robert McMillen

Is cuí go bhfuil an oilithreach ar cheann de théamaí Celtic Connections i mbliana mar, bliain i ndiaidh bliana, imíonn andúiligh an cheoil ó Éirinn go Glaschú do cheann de na féilte ceoil is fearr sna hoileáin seo.

Agus bíonn fearadh na fáilte roimh ghrúpaí agus roimh amhránaithe Éireannacha taobh le hAbhainn Chluaidh.

Fógraíodh clár Celtic Connections an tseachtain seo caite agus tá na Gaeil go mór chun cinn.

Beidh na Chieftains, Moving Hearts, Cathal O'Connell agus Boys of the Lough (cad e an tsuim a bhfaighfeá dá gcuirfeá aoiseanna bhaill na ngrúpaí sin le chéile?!) agus beidh oíche ar leith ar siúl in ómós do Phíobairí Ard Mhacha.

Idir an Déardaoin, 14 go dtí an Domhnach 31 Eanáir tiocfaidh 2,500 ceoltóir o gach cearn den domhan go Glaschú don 18 n-oíche ina mbeidh coirmeacha, céilithe, cainteanna, taispeántais ealaíne, ceardlanna, ócáidí saor in aisce, seisiúin mhalla, agus míle rud eile.

Cé go bhfuil an focal “Ceilteach” sa teideal, is iomaí seánra ceoil atá le cluinstin le linn na féile. bíodh siad Ceilteach nó ná bíodh.

Ar réaltaí móra an cheoil domhanda, tíre agus fréamhacha beidh Rickie Lee Jones, Lau, The Unthanks, Béla Fleck, Robert Plant, Lucinda Williams, Admiral Fallow, Toumani Diabaté agus Karine Polwart

Agus is féile thar a bheith idirnáisiúnta í Celtic Connections – beidh ceol ón Ion-Mhongóil agus Ard Mhacha, ón tSeineagáil agus ón Iodáil, ón Bhriotáin go dtí na hInnse Ghall agus deisceart Manitoba, mar sin is ceiliúradh agus léiriú í ar na cultúir shainiúla as ar eascair na ceolta a bheidh le cluinstin.

Má bhíonn deis agam féin ann oilithreacht a dhéanamh, is iomaí rud difriúil a roghnóinn le freastal a dhéanamh orthu.

Is breá liom albam Joni Mitchell, Hejira, bailiúchán amhrán ar théama an turais saoil ar a bhfuil muid uilig. Déanfaidh James Robertson athleagan den albam iontach seo le linn Celtic Connections.

Cé gur fhás na deirfiúracha Martha Wainwright agus Lucy Wainwright Roche aníos i ndá theaghlach éagsúla, bhí an dá theaghlach sin araon i ngrá leis an cheol.

Tá an dís ag ceol le chéile anois agus albam, Songs in the Dark, déanta acu agus beidh siad i nGlaschú leis na hamhráin a chuala siad agus iad ag fás aníos - amhráin Woody Guthrie agus Jimmie Rogers, amhráin a máithreacha Kate McGarrigle agus Suzzy Roche agus amhráin a n-athar, Loudon Wainwright III - a chur faoi bhráid an lucht éisteachta.

Is maith liom dul sa seans fosta agus tá sruth san fheile ar a thugtar The Shape of Folk to Come.

Ag glacadh páirte anseo, beidh Tríréad Aidan O'Rourke. Is de bhunadh Éireannach/Albanach é Aidan agus déanann sé ceol thar a bheith suimiúil i gcónaí mar cheoltóir aonair nó le Lau.

Beidh sé in ionad úr san fhéile, Drygate Brewery. Glaschú, grúdlann agus ceol. Foirfe!

Níor mhaith liom Anda Union ón Ion-Mhongóil a chailleadh agus iad ag dul don cheol scornaigh atá mar chuid lárnach de chultúir na ndaoine.

Cosúil leis na daoine sin a theann thar saile agus a chaitheann a gcuid ama i dtithe tábhairne Éireannacha, bheinn ag triail ar na coirmeacha Éireannacha cionn is nár chuala mé na Chieftains nó Moving Hearts le fada an lá agus tá sé iontach deas a fheiceáil go bhfuil aitheantas á thabhairt do Phíobairí Ard Mhacha i gcoirmcheogcoirmcheilil a bheidh ag ceiliúradh an chumainn atá ar an fhód le 50 bliain an bhliain seo chugainn.

San Old Fruitmarket ar an 20 Eanáir, beidh cuid de na ceoltóirí a fuair oiliúint agus spreagadh ón chumann ag seinm. Ina measc seo, beidh Cillian Vallely agus Lúnasa, Brian Finnegan le Flook agus Niall agus Caoimhín Vallely leis an bhuíon Buille. Beidh na píobaí chun cinn agus bunaitheoir an chumainn, Brian Vallely ar an ardán chomh maith le Tiarnán Ó Duinnchinn, Barry Kerr agus Jarlath Henderson.

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope:  

Irish News
301 Moved Permanently

Moved Permanently

The document has moved here.


Apache/2.4.25 (Debian) Server at www.irishnews.com Port 80