Irish-Language

An ceol clasaiceach beo beathach ag Raidió Fáilte

SREANGAIN FÁILTE: Tháinig ceathairéad ó Cheolfhoireann Uladh go Raidíó Fáilte inné agus chuir an lucht éisteacha faoi dhraíocht. Ó chlé, tá Thomas Jackson, Ana Vandepeer, Feargal Ó Dornáin agus David Edmonds.
SREANGAIN FÁILTE: Tháinig ceathairéad ó Cheolfhoireann Uladh go Raidíó Fáilte inné agus chuir an lucht éisteacha faoi dhraíocht. Ó chlé, tá Thomas Jackson, Ana Vandepeer, Feargal Ó Dornáin agus David Edmonds. SREANGAIN FÁILTE: Tháinig ceathairéad ó Cheolfhoireann Uladh go Raidíó Fáilte inné agus chuir an lucht éisteacha faoi dhraíocht. Ó chlé, tá Thomas Jackson, Ana Vandepeer, Feargal Ó Dornáin agus David Edmonds.

WOW! A leithéid d’am lóin. Den chéad uair riamh, bhí Ceathairéad sreangán de chuid Ceolfhoireann Uladh ag seinm sa Lonnán, spás imeachtaí Raidió Fáilte ar a 1pm inniu.

Tá ceanncheathrú na Ceolfhoirne i ndiaidh bogadh chuig Sráid Townsend taobh leis an stáisiún lánGhaeilge agus mar chomharsana maithe, chinn na craoltóirí agus lucht an cheoil ar chomhoibriú lena chéile.

Mar thoradh air sin, bhí Feargal Ó Dornán ar an viola, David Edmonds ar an dordveidhil, Ana Vandepeer agus Thomas Jackson ar an veidhlín ina suí cois an Westlink tráthnóna inné ach thiocfadh leat a bheith i ndomhan eile.

Amuigh, bhí an saol ag rith thart, cosa in airde, clocha sneachta ag titim ach taobh

istigh, bhí áilleacht, mothúchán agus tógáil croí, an ceathairéad ag seinm cheoil a chuireann i gcuimhne duit gur duine daonna thú agus ní ceann de na meaisíní a raibh fuadar fúthu ar an mhótarbhealach taobh linn.

Sheinn an ceathairéad píosaí le Beethoven (Opus 18, Uimhir 1) agus píosaí eile a bhailigh an Danish String Quartet - Waltz After Lasse in Lyby a bhí dochreidte álainn agus Tørvedansen (Damhsa na Móna) ó dhá cheann de na halbaim a rinne siad de cheol traidisiúnta na dtíortha Lochlannacha.

B’iontach é mar choirm – ceathrar ceoltóir den ghrád is airde ag seinm ceoil nár chuala bunús an lucht éisteachta roimhe ach a bhain an dúshult as.

Agus sin an rud is áille faoin obair atá ar siúl ag Raidió Fáilte, ag cruthú eispéireas úra dúinn le sult a bhaint astu.

Bhí an choirm mar chuid de shraith imeachtaí atá á reáchtáil ag Ceolfhoireann Uladh i leabharlanna agus in ionaid eile, Táthar ag beartú  ceann eile i Raidió Fáilte mar sin de coinnigh súil amach.