Irish language

An bhfuil Acht neamhspleách Gaeilge ar fáil fríd New Decade, New Approach?

SAINEOLAITHE DLÍ: Thug an dlíodóir aitheanta Niall Ó Murchú cur síos ar na moltaí faoin Ghaeilge atá sa doiciméad a chuir an dá rialtas le chéile leis na páirtithe polaitíochta a mhealladh le chéile 
Robert McMillen

Ceann de na slógaidh cearta daonna is bisiúla den 21ú haois”  a thug Daniel Holder, leas-Stiúrthóir An Choiste um Riaradh Ceartais (CAJ) ar fheachtas ghníomhaithe Gaeilge agus pobail chun Acht Gaeilge a bhaint amach.

Bhí an tUasal Holder ag caint ag ócáid a reáchtáil Conradh na Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich inné, imeacht a rinne iniúchadh ar an tsocrú ar ghlac na páirtithe móra polaitíochta ó thuaidh leis beagnach coicíse o shin maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Faoin tsocrú sin, foilsíodh dréacht-Bhille Gaeilge, a chuimseodh post coimisinéir, ceaptha ag an Chead-Aire agus ag an leasChéad-Aire, bunú mol aistriúchán lonnaithe sa Roinn Airgeadais i Stormont, leasuithe leis an Northern Ireland Act (1998), straitéis úr Gaeilge, aisghairm an Administration of Justice (Language) Act (Ireland) 1737, a chuir cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna agus go leor moltaí eile.

Aithníonn an Daniel Holder na fadhbanna a eascróidh as na moltaí in New Decade, New Approach ach tá féidearthachtaí suimiúla ann fosta. 

“Tá na forálacha atá in New Decade, New Approach níos teoranta ná an coimitmint a rinneadh i gComhaontú Chill Rímhinn Acht Gaeilge a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar an reachtaíocht atá i réim sa Bhreatain Bheag agus sa stát ó dheas.

Ba laige arís é New Decade, New Approach fosta ná an moladh a rinne Coiste na nAirí de chuid Chomhairle na hEorpa go mbeadh reachtaíocht rite a thabharfadh cearta reachtúla ag Gaeilgeoirí.  

“Sin ráite,” arsa an tUasal Holder, “an struchtúr atá molta sa dréacht-Bhille, d’fheadfadh sé oibriú go hiontach, iontach maith - a fhad is nach mbíonn aon bhac polaitiúil á chur air,” ar leis an Uasal Holder.

Beidh sé ar dhualgais cibé coimisinéara a bheas ceaptha caighdeáin dea-chleachtais a chruthú do na húdaráis phoiblí o thuaidh maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Ar ndóigh, d’fheadfadh sé sin “Cath gach lá” a chruthú mar a dúirt an dlíodóir Niall Ó Murchú.

“Ag breathnú ar an dréacht-Bhille Gaeilge, bheadh sé beacht a rá nach nach gcruthóidh sé Acht Gaeilge neamhspleách agus nach dtugtar stádas oifigiúil don teanga ann seachas sa chás go nglacann Coimisinéir leis go bhfuil sé amhlaidh –  Coimisinéir, is éigean a rá, a gcaithfidh a c(h)eapachán bheith ceadaithe ag an DUP,” ar sé. 

“Anuas air sin, níl tagairt dá laghad sa dréacht-Bhille d’infheiciúlacht na Gaeilge nó do chomharthaíocht phoiblí,” ar sé.

Bhí sé buartha fosta faoi mhí-ionracas chuid daoine atá in éadan dul chun cinn na teanga. Rinne Daniel Holder an pointe fosta go bhfuil sé tábhachtach go n-aithníonn muid an difir idir seicteachas agus biogóideacht agus buaireamh macánta a bheadh ar dhaoine roimh chomharthaíocht Ghaeilge, mar shampla.

“Caitheann muid an cheist a chur, “ arsa an tUasal Ó Murchú, “an ndéanfaidh aontachtaithe machnamh ar an fhírice go bhfuil a móramh imithe agus imithe go deo na ndeor?

“An aithníonn siad gur fríd an mheas agus fríd an chaoinfhulaingt amháin a mbeidh an stát o thuaidh mairstin?”  

Ach bhí focail dhóchasacha ag an Uasal Ó Murchú fosta. Dúirt sé go raibh dóigh eile ann le breathnú ar an dréacht-Bhille agus ar an forálacha eile ata in New Decade, New Approach.

“Den chéad uair lenár linnse, tá aitheantas reachtúil á thabhairt don Ghaeilge sa chuid seo den oileán,” ar sé.

“Beidh cosaint reachtúil fríd Oifig an Choimisinéir agus ní féidir a shéanadh go bhfuil an Ghaeilge níos folláine inniu mar thoradh ar an tsocrú seo.

“Cé go mbreathnaíonn muid ar Acht na Breatnaise mar eiseamláir do dhea-chleachtais na reachtaíochta teanga, caitheann muid cuimhneamh go bhfuil siad ar an 7ú leagan den Acht agus go gcaitheann muid bheith foighdeach san idirlinn

“Níl bun scríbe bainte amach againn ach tá na huirlisí againn leis an bhus – nó leis an trucailín donn (tagairt do chás clúiteach an Phiarsaigh ag tús an chéid seo caite) - a thógáil don chuid eile den turas.” ar sé.

:: Is féidir an doiciméad New Decade, New Approach a léamh ar an idirlíon ag https://bit.ly/37jSDLq

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access