Irish-Language

Guthanna úra agus éagsúlacht mhór i sceideal an tsamhraidh ar Raidió Uladh

<b>&Aacute;R gCOMP&Aacute;NAIGH SAMHRAIDH: </b>Beidh (<em>&oacute; chl&eacute;</em>) Tessa Fleming, Proinsias &Oacute; Coinn agus Caoimhe N&iacute; Chathail i measc na l&aacute;ithreoir&iacute; &uacute;ra agus seanbhunaithe a bheidh ag cur siamsa&iacute;ochta agus &aacute;bhar machnaimh ar f&aacute;il d&uacute;inn an samhradh seo ar chl&aacute;racha Gaeilge Raidi&oacute; Uladh
ÁR gCOMPÁNAIGH SAMHRAIDH: Beidh (ó chlé) Tessa Fleming, Proinsias Ó Coinn agus Caoimhe Ní Chathail i measc na láithreoirí úra agus seanbhunaithe a bheidh ag cur siamsaío ÁR gCOMPÁNAIGH SAMHRAIDH: Beidh (ó chlé) Tessa Fleming, Proinsias Ó Coinn agus Caoimhe Ní Chathail i measc na láithreoirí úra agus seanbhunaithe a bheidh ag cur siamsaíochta agus ábhar machnaimh ar fáil dúinn an samhradh seo ar chláracha Gaeilge Raidió Uladh

LÁiTHREOIRÍ ÚRA, ceol úr, anailís ar mhórcheistanna an lae – tá réimse éagsúil clár Gaeilge faoi do choinne ag BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh an samhradh seo.

Beidh sceideal samhraidh 2019 ar tosú Dé Luain 1 Iúil ar 7 i.n. ar BBC Raidió Uladh, nuair a bheas Fearghal Mag Uiginn agus aíonna speisialta ag caint ar chúrsí spóirt ar Blas - Ón Taobhlíne

Is sraith 10 seachtaine de chláir raidió í seo, agus mar fhéirín daoibh, beidh podchraoladh seachtainiúil darb ainm Ón Taobhlíne - Am Breise le cluinstin, ina mbeidh súil siar á caitheamh ar chluichí CLG an deireadh seachtaine agus a lán rudaí eile chomh maith. 

I sraith nua ceithre chuid, Cur is Cúiteamh, beidh Dáithí Ó Muirí ag déanamh mionanailíse ar chuid de na saincheisteanna morálta agus eiticiúla atá romhainn i sochaí an lae inniu. 

I gclár a haon, a bheas ag tosú Dé Máirt 2 Iúil ar 7 i.n., beidh Dáithí agus a aíonna, Dónal Ó Néill, Milène Fegan agus Neepa Sodhi ag cur is ag cúiteamh ar choincheap na fearúlachta tocsainí. 

Tríd an tsraith ar fad, beidh an painéal ag amharc ar ábhair eile atá ag teacht chun tosaigh, lena n-áirítear ceisteanna príobháideachais, cóiriú a dhéanamh ar an chóras oideachais, agus brí agus tábhacht an teaghlaigh in Éirinn sa lá atá inniu ann. 

I sé cinn de chláir sheachtainiúla, beidh Niamh Nic Oistigin ag fiosrú bheathaí agus cheol na gceoltóirí anamcheoil is mó riamh sa chlár Guthanna Ón Anam ón Chéadaoin, 3 Iúil ar 7 i.n. 

Beidh Proinsias Ó Coinn, Tessa Fleming agus Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail i mbun craoltóireachta ó 7 i.n. Déardaoin, 4 Iúil go ceann tréimhse sé seachtaine le barrchairteanna ó ar fud an domhain thar an samhradh a roinnt libh i sraith úr de Blas 5x5 ar éirigh go hiontach leis an chéad nuair a craoladh anuraidh í.

An mbeidh na poirt is ansa leosan ar bhur seinnliostaí samhraidh féin? 

Beidh Conall Ó Máirtín ag filleadh leis an tsraith Litreacha (Letters) ag tosú Dé Máirt 30 Iúil agus beidh Pól Ó Muirí, Sara Ní Chuireáin, agus Antoin Beag Ó Colla mar aíonna aige. 

Dé Máirt, 6 Lúnasa, beidh Caitlín Nic Íomhair, Ian Malcolm agus an tOllamh Fionnuala Ní Aoláin i gcuideachta Chonaill le peann a chur le pár agus le roinnt comhairle a leasa a thabhairt dóibh féin nuair a bhí siad óg. 

I dtreo dheireadh an tsamhraidh, beidh Conall ar ais linn le dhá chlár speisialta ó cheantair Ghaeltachta. 

Beidh láithreoir úr againn, John Tracey, ag cur sraith speisialta cheithre chlár i láthair – Ceoltóirí Faoi Chaibidil, clár a chuireann ceoltóirí áitiúla faoin spotsolas.

Tosóidh na cláir seo cDéardaoin 15 Lúnasa, agus beidh John i mbun séisiúin jeaimeála le haíonna mar Cormac ‘Buzz’ Ó Briain agus Shane Hennessy. 

Beidh an ceoltóir Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail, ag cur tús breá bríomhar leis an deireadh seachtaine daoibh le roinnt ceoil agus craic agus le meascán de cheol nua-eisithe, de sheisiúin bheo acústacha agus beidh treoir aici fosta ar na gigeanna traidisiúnta, fréamhcheoil agus ceol tíre atá ag tarlú fud fad na tíre in Blas Ceoil, gach tráthnóna Aoine ar a 7 i.n. 

Agus leis an dlaíóg mhullaigh a chur ar an tseachtain, beidh Brian Mullen ann ar fud mhíonna an tsamhraidh le meascán éagsúil ceoil sa chlár Caschlár ar 8 i.n. gach oíche Shathairn.

:: Le tuilleadh eolais a fháil ar na cláir seo uilig, tabhair cuairt ar bbc.co.uk/gaeilge. Ar ndóigh, tá i bhfad níos mó i gceist leis an tsuíomh, tá idir cheachtanna Gaeilge air, fhíseáin, áiseanna digiteacha agus go leor eile lena chois. Is fiú go mór triall a bhaint as.