Irish-Language

Flaitheas na bpíobairí in Ard Mhacha

LÚNASA I SAMHAIN: Tá siad ar an fhód ó bhí Cúchulainn ina leaid óg ach tá Lúnasa ag dul ó neart go neart
LÚNASA I SAMHAIN: Tá siad ar an fhód ó bhí Cúchulainn ina leaid óg ach tá Lúnasa ag dul ó neart go neart LÚNASA I SAMHAIN: Tá siad ar an fhód ó bhí Cúchulainn ina leaid óg ach tá Lúnasa ag dul ó neart go neart

Mura raibh rud éigin faoi leith ag baint leis an uirlis iontach sin, an phíb uilleann, ní bheadh Féile Phíobaireacht William Kennedy ar an fhód le 21 bliain anuas.

Bheadh gach bóthar siúlta agus gach rás rite mura mbeadh glúin i ndiaidh glúine in ann a mothúcháin agus a cruthaíocht a chur in iúl fríd an phíb mar uirlis aonair nó mar chuid de bhuíon.

Is éacht ann féin é go dtig leis an Fhéile rud éigin difriúil, spreagúil, taitneamhach a dhéanamh bliain i ndiaidh bliana in ionaid ar fud chathair Ard Mhacha.

Agus léiríonn siad i gcónaí an gné idirnáisiúnta a cheanglaíonn lucht na bpíb sa tír seo, in Albain agus níos faide i gcéin acu is éan nasc idir traidisiún píobaireachta na hAlban agus na hÉireann bunchloch na féile a bunaíodh siar in 1994.

Tá forbairt á dhéanamh ar an phíb uilleann taobh istigh d’achar measartha gearr. é ina uirlis aonair ar feadh i bhfad ach inniu tá sé le cluinstin i réimse leathan grúpaí agus in beagnach gach seánra ceoil.

Ar na grúpaí is mo clú a bhfuil an phíb mar phríomh-uirlis ann, is é Lúnasa an ceann is aitheanta, b’fhéidir, agus beidh siad mar bhuaicphointe oíche mhór cheoil darb ainm, The Hooley, in Óstán an Charlemont in Ard Mhacha ar an Aoine, 13 Samhain.

Tá an Hooley’ ar bhuaicphointe na Féile William Kennedy, a baisteadh as déantóir píb in Ard Mhacha san 18ú haois. I mbliana, beidh cúig uair de cheol ar cheithre ardán. Chomh maith le Lúnasa, beidh Tríréad Mischa MacPherson Trio, Finlay MacDonald agus Ross Martin agus grúpa de bhunadh na háite, Buille.

Ón choigríoch, beidh ensemble Francach, The Boclé Brothers and Loïc Bléjean. Ní strainséara ar bith e Loïc in Ard Mhacha i ndiaidh é bheith ag an fheile mar cheoltóir agus i measc an lucht éisteacha. Is píobaire den scoth e agus i gcuideachta na gceoltóirí iontacha snagcheoil, The Boclé Brothers, beidh sé ina thaibhléiriú agus fuaim ársa, mhistéireach na bpíb i gcomhcheol leis an dord mór agus leis an orgán.

Agus mar bharr ar an sonas, beidh an píobaire as an Ghailís, Anxo Lorenzo. ar ais leis an lucht féachana a chur faoi dhraíocht.

Is is dlúithe arís ar ndóigh an nasc idir Éire agus Albain agus beidh beirt d’aos phíobaireachta na hAlban in Ard Mhacha an mhí seo chugainn mar Roddy MacLeod MBE atá ina stiúrthóir ar an LárIonad Náisiúnta Píobaireachta in Albain agus Gordon Walker, duine de na píobairí is mó rath i gcomórtais le blianta beaga anuas.

Tá traidisiún láidir amhránaíochta ar Oileán Leódhais sna hInse Ghall ar chósta na hAlban agus is an oileán sin do Mischa McPherson agus dá buíon.

Ní amháin go bhfuil stór mór amhrán Gàidhlig óna hoileán dúchais ag Mischa ach is cláirseoir den scoth í fosta. Agus ná cailligí Finlay MacDonald agus Ross Martin ar na píobaí - tá siad eisceachtúil.

Ar an Satharn, beidh dhá ócáid ar leith ar siúl.

Tráthnóna, beidh ‘Apples in Winter’, a léiriú faoi stiúir Tommy Hayes ar na cnaguirlisí, agus an píobaire Mick O’Brien, Michelle Mulcahy ar an chonsairtín agus Karan Casey ag ceol na n-amhrán i seó ilmheáin ag comóradh úlla na hÉireann in Ardeaglais Eaglais na hÉireann in Ard Mhacha,

San áireamh, beidh scannán 60-bomaite a rinne Fergus Tighe agus é ag léiriú na séasúr agus fás na gcrann úll.

Beidh Ceolchoirm na bpíb Uilleann ar siúl arís in Ardeaglais Naomh Pádraig agus ag seinm ceol spioradálta agus tuata oíche Shathairn, beidh Pádraig McGovern, Cillian Vallely, Jarlath Henderson, Mikie Smyth, Louise Mulcahy agus Sean McKeon.

Is cinnte go mbeidh an-ráchairt fosta ar Compánach, seó atá bunaithe ar leabhar Fintan Vallely, Companion of Irish Music.

In Áras na bPíobairí ar an 12 Samhain, cuirfidh Liz Doherty, Róisín Chambers, Fintan Vallely, Sibéal Davitt agus Tiarnán Ó Duinnchinn ceol, amhráin, agus damhsa inar láthair i seó beoga agus pictiúir ar scáileán ollmhór lena comóradh.

Ní thig liomsa nó leis na mílte eile fanacht!