Irish-Language

Ceol na hIaráine agus ceol traidisiúnta na hÉireann á nascadh in Ard Mhacha

<strong>MOHSEN SHARIFIAN:</strong> Is ceolt&oacute;ir agus taighdeoir agus duine de na ceolt&oacute;ir&iacute; is cl&uacute;it&iacute; san Iar&aacute;in &eacute; Mohsen, fear a bheidh ag seinm ar ph&iacute;b d&uacute;chasach na hIar&aacute;ine ag an William Kennedy Piping Festival an mh&iacute; seo chugainn&nbsp;
MOHSEN SHARIFIAN: Is ceoltóir agus taighdeoir agus duine de na ceoltóirí is clúití san Iaráin é Mohsen, fear a bheidh ag seinm ar phíb dúchasach na hIaráine ag an Willi MOHSEN SHARIFIAN: Is ceoltóir agus taighdeoir agus duine de na ceoltóirí is clúití san Iaráin é Mohsen, fear a bheidh ag seinm ar phíb dúchasach na hIaráine ag an William Kennedy Piping Festival an mhí seo chugainn 

IN AMANNA, is éigean dul i ngleic leis an gheo-pholaitíocht le coirmeacha ceoil a eagrú – fiú in Ard Mhacha – mar a fuair Caoimhín Vallely amach ar na mallaibh.

Léiríonn an scéal seo chomh deacair is atá sé corruair daoine a chur in áirithe don fhéile agus an obair mhór nach bhfeiceann an lucht féachana a fhreastalaíonn ar na coirmeacha. 

Tá Caoimhín ina bhall den teaghlach clúiteach ceolmhar as Ard Mhacha atá ag reáchtáil Féile Phíobaireachta William Kennedy sa chathair ó bhí 1966 ann agus riamh anall, bhí an ghné idirnáisiúnta thar a bheith tábhachtach. 

Sna 53 bliana sin, bhí píobaireacht as an Ailgéir, as an tSín, as an Phortaingéil  agus as go leor tíortha eile le cluinstin in Ard Mhacha agus is amhlaidh arís é i mbliana agus lucht a heagraithe ag cur féile 2019 le chéile agus an oiread éagsúlachta agus is féidir a fháil do cheithre lá na Féile.

Mar shampla, i mbliana beidh duine a sheinneann píb na hIaráine, an Neyanban, ar dhuine de na daoine is mó tarraingt le linn an William Kennedy.

Is ceoltóir agus taighdeoir ón Iaráin é Mohsen Sharifian, agus duine de na ceoltóirí is clúití sa tír – ach níorbh é Mohsen an chéad rogha a bhí acu, mar a mhíníonn Caoimhín.

“Seo mar a tharla sé,” a mhínigh sé dom.

“Chonaic mé ar Facebook go raibh Liana Sharifian le bheith ag seinm ag féile cheoil sa Ghailís agus rith sé liom láithreach gur rud iontach é Iaráineach mná bheith ag seinm na bpíb,” ar sé.

“Rinne mé teagmháil leis an fhliútadóir Briotanach, Sylvain Barou, mar bhí a fhios agam go raibh an-tuigse aige ar cheol an Mheánoirthir, agus ar ámharaí an tsaoil, bhí Sylvain iontach eolach ar Liana.

“Bhí a fhios aige gur ceoltóir den scoth a bhí inti, agus gur laoch amach is amach a bhí ina hathair ó thaobh an cheoil de ar fud na hIaráine.

“Mar sin, i mí Eanáir, thug mé iarraidh Liana a chur in airithe don William Kennedy agus, ceart go leor, bhí sise thar a bheith tógtha faoi.”

Ba é an plean a bhí ag Caoimhín go dtiocfadh Liana go hÉirinn le cnaguirliseoir as an Iaráin agus go seinnfeadh siad le Sylvain. 

“Bhí Liana ina cónaí sa Ghailís ar víosa do mhic léinn ach tháinig deireadh leis agus b’éigean di pilleadh ar an Iaráin.

Ar an drochuair, ní féidir iarratas a chur isteach ar víosa oibre d’Iaráneach ach trí mhí roimh an ócáid, mar sin, b’éigean fanacht ar feadh i bhfad le cur isteach ar an víosa.

“Le linn an ama sin, bhí drones á dtabhairt go talamh os cionn talamh na hIaráine, gabhadh seilbh ar thancaeir, bhí smachtbhannaí ag dul ar aghaidh agus teannas mór san aer – shíl mise go raibh an cogadh dearg i ndán dúinn,” arsa Caoimhín.

Níor tharla sin (go dtí seo!) ach ar an drochuair diúltaíodh an víosa do Liana.     

Ach…

Mhol sise go dtiocfadh lena hathair, Mohsen, teacht ina hait mar bhí víosa isteach sa Ríocht Aontaithe aige sin cheana!

“Ar an toirt, shíothlaigh an díomá a bhí orainn nach raibh Liana ag teacht!” arsa Caoimhín

“Mhol an gníomhaire a bhí ag obair ar son Mohsen i Londain, gur mhaith le Mohsen bheith ag obair le ceoltóirí Éireannacha mar d’oibir sé le píobairí as Albain ar thogra le linn Celtic Connections cúpla bliain ó shin agus bhí sé ag iarraidh an rud ceanna a dhéanamh leis an phíb uilleann agus le ceol na hÉireann.” 

Bhí an fhéile ag teacht ar steallaidh cosa in airde agus b’éigean ceoltóirí eile a aimsiú a bheadh tuisceanach ar an cheol a bheadh Mohsen á sheinm.

Ar ndóigh, bhí Sylvain Barou ar bord ón tús - leoga, bhí sé an-tógtha faoin togra!

Agus smaoinigh Caoimhín ar Emer Mayock cionn is gur sheinn sí gigeanna ceol domhanda i rith na mblianta, go háirithe le ceann de na grúpaí is fearr liom féin, Tarab. 

Tá an-taithí ag Niall Vallely ar sheánraí ceoil agus bíonn sé i gcónaí sásta dul sa seans ó thaobh an cheoil de.

Chuir mé ceist ar Chaoimhín cad é an cineál ceoil a sheinnfeadh na hÉireannaigh, an Briotánach agus an Iaráineach.

“Níl barúil ar bith agam!” ar sé ag gáire.  

:: Beidh Mohsen Sharifian ag seinm ar gach lá den William Kennedy Pipe Festival ach tá an clár lán de cheol den scoth ó cheoltóirí ó gach cearn den domhan.

Mar sin, is fiú go mór an teolas uilig a fháil ó http://www.armaghpipers.com/wkpf/programme.html