Irish-Language

An spreagadh atá le fáil i seanreiligí

Is anseo i Reilig Urnaí atá cuid de na filí is fearr i gCúige Uladh curtha
Is anseo i Reilig Urnaí atá cuid de na filí is fearr i gCúige Uladh curtha Is anseo i Reilig Urnaí atá cuid de na filí is fearr i gCúige Uladh curtha

Trí bliana ó shin, bhí mé i bhFoirceal i ndeisceart Ard Mhacha le cuairt a thabhairt ar uaigh Pheadair Uí Dhoirnín, file mór Gaelach a bhí beo idir 1700-1769.

Sula ndeachaigh mé, d’amharc mé ar fhíseán youtube ina raibh an tOllamh Breandán Ó Buachalla, nach maireann, ag caint le hAntain Ó Donghaile i Reilig Urnaí, suite ar an teorainn idir Co Ard Mhacha agus Contae Lú, idir Cúige Uladh agus Cúige Laighean, ceantar ar a tugtar Oirghiall ina raibh an léann agus an cultúr go láidir.

“Seachas aon áit eile in Éirinn, is dócha, nuair a bhím san áit seo, tuigim go bhfuilim ag baint le traidisiún beo, traidisiún a chuaigh i bhfad i bhfad siar, mar ní amháin gur seo ceantar Uí Dhoirnín, seo é ceantar Táin Bó Cuailgne agus is féidir an traidisiún sin a rianú anuas,” arsa an tOllamh Ó Buachalla.

Chuir sé in iúl go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge anseo i gceantar Shliabh gCuillinn sna 1930í nuair a tháinig sé féin ar an saol agus seo anois é, Gael Mumhan in Oirghialla ag caint ar Ó?Doirnín agus na haislingí agus an nasc beo leanúnach idir é féin agus an cultúr Gaelach agus na daoine a chleacht agus a shaibhrigh é 250 éigin bliain ó shin.

Rinne mé féin an turas go reilig Urnaí, taobh amuigh d’Foirceal, leis an chaidreamh sin idir Gaeil na haimsire caite agus mé féin a athnuachan ionam féin.

Bhí a fhios agam – cé aige nach bhfuil a fhios – gur scríobh Ó?Doirnín an t-amhrán Úr Chnoc Chéin Mhic Cainte ach ní fios go cinnte cá dtáinig sé ar an tsaol nó cén bhliain féin.

Mar a scríobh Ó?Buachalla in Peadar Ó?Doirnín:?Amhráin, níl de chinnteacht againn ach gur éag sé ar an 5 Aibreáin 1769 agus go bhfuil sé curtha i reilig Urnaí.

“Níl sna tuairiscí eile agus san heachtraí eile ar fad a gceanglaítear a ainm leo ach béaloideas agus cumadóireacht, scéil scéal, agus finscéil filíochta”

Ar ndóigh, tá an fhilíocht againn agus is inti a chuireann muid aithne ar an fhile. Fear neamhspleách a theagasc ag scoil scairte a bhí in Ó Doirnín ach fear a raibh an-dúil san ól agus sna maighdeana aige, mar is léir óna chuid véarsaí

Ach domsa, agus mé ag machnamh i Reilig Urnaí ar Pheadar agus a chomhghleacaithe – Art Mac Cumhaigh, Séamas Dall Mac Cuarta agus Cathal Buí Mac Giolla Ghunna – rith sé liom gur fhág siad oidhreacht againn nár cheart dearmad a dhéanamh air agus go bhfuil ceangal ag Gaeil an lae inniu leo, bíodh siad i gcathracha ollmhóra nach dtiocfadh le filí na 18ú haoise a shamhlú nó amuigh faoin tuath nach n-aithneodh siad ach ar éigin.

Caithfidh mé a rá gur mhothaigh mé, dalta Bhreandáin Uí Bhuachalla, glórtha na nglún a chuaigh romham ag caint i dteanga a thuig mé agus mhothaigh mé sásamh éigin ag meabhrú go mbeadh na filí móra Ultacha iontach sásta a chluinstin go raibh daoine toilteanach an Ghaeilge a labhairt agus a chaomhnú agus a chur chun cinn, ainneoin an drochbhail ina bhfuil sí.

Tabharfaidh an Dr Eileen Murphy ó Ollscoil na Ríona léacht dar teideal Reading our past – Graveyard memorials in Ireland and North America Dé Luain seo chugainn, ar 7.30pm.