Irish-Language

Níl tú leat féin – tá i bhfad níos mó daoine a bhfuil meabhairghalair orthu

<b>&Iacute;SLE BR&Iacute;:&nbsp;</b>Agus an saol nua&ndash;aimseartha ag imeacht leis ar steallaidh cosa in airde agus br&uacute; agus imn&iacute; mar chuid laeth&uacute;il chuid mh&oacute;r daoine, t&aacute; s&eacute; t&aacute;bhachtach go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil c&uacute;namh ar f&aacute;il fi&uacute; mura bhfuil cairde n&oacute; teaghlach agat a dtig leat labhairt leo, t&aacute; beala&iacute; ann le faoiseamh a fh&aacute;il&nbsp;&nbsp;
ÍSLE BRÍ: Agus an saol nua–aimseartha ag imeacht leis ar steallaidh cosa in airde agus brú agus imní mar chuid laethúil chuid mhór daoine, tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ÍSLE BRÍ: Agus an saol nua–aimseartha ag imeacht leis ar steallaidh cosa in airde agus brú agus imní mar chuid laethúil chuid mhór daoine, tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil cúnamh ar fáil fiú mura bhfuil cairde nó teaghlach agat a dtig leat labhairt leo, tá bealaí ann le faoiseamh a fháil  

Le tamall maith de bhliana anois, tá níos mó daoine ar an eolas maidir leis an mheabhairghalar agus tuigse níos fearr ag an phobal ar fhadhb atá níos forleithne má mar a shiltear. 

Sin ráite, tá go leor daoine ann go fóill nach féidir leo cuidiú a iarraidh nuair atá siad in ísle brí.

“Ta sé deacair bheith ag caint ar ár sláinte, fiú más sláinte fhisiciúil atá i gceist,” arsa Lucy Lyus, atá ina bainisteoir feasachta ag an chumann carthanachta, Mind.

“Tá sé ag éirí níos coitianta go mbeadh daoine sásta labhairt ar an mheabhairshláinte ach go minic, ní bhíonn na focail chearta againn nó tá eagla orainn go silfidh daoine eile go bhfuil muid corr nó saoithiúil.” 

Ach, cé go bhfuil sé an-deacair an chéad chéim sin a ghlacadh, ní nach ionadh, nuair a dhéantar é faigheann daoine cuid mhór faoisimh as.

“Chomh luath is a aithníonn daoine go bhfuil cúnamh ar fáil dóibh,” arsa Lyus, “fiú má shíleann siad go bhfuil daoine eile níos tinne ná iad agus gur sin an rud a choinnigh siar iad ar feadh tamaill fhada, labhraíonn siad go minic ar an mhothú ollmhór faoisimh seo.”

AN BHFUIL CUNAMH TUILLTE AGAM?

Bíonn fadhb nó fadhbanna a bhaineann le meabhairghalar ag duine as gach ceathrar sa Bhreatain, de réir taighde a rinne an iris leighis, The Lancet in 2013 agus tá an mheabhairshláinte ar cheann de na cúiseanna taobh thiar den ualach galar ar fud na cruinne.

Sa Bhreatain, is é an meascán de imní agus den ghalar dubhach an meabhairghalar is coitianta a fheiceann dochtúirí agus e ar 7.8% den daonra agus meastar gurb é atá taobh thiar de 20 faoin chéad de na laethanta oibre a chailltear gach bliain. 

Ach tá streachailt a choinníonn daoine i bhfolach forleathan chomh maith – ní ghlacann gach duine am saor óna gcuid oibre, bíonn ard-ghiúmar orthu sna meáin shóisialta agus tá gach rud i gceart de réir dealraimh. 

Séanann daoine go bhfuil rud ar bith cearr leo, ní maith leo go ndéanfadh daoine breithiúnas orthu nó tá eagla orthu go n-imeoidh cúrsaí ó smacht má admhaíonn siad nach bhfuil gach rud foirfe. Cuireann smaointe mar seo go mór leis an fhadhb.  

Ach tá éiginnteacht i gceist fosta faoi cé acu tá na “cáilíochtaí’ cuí ag duine cúnamh proifisiúnta a fhail, cé acu tá a gcuid fadhbanna tromchúiseach go leor le dul chuig an dochtúir nuair atá an oiread sin daoine níos measa as. 

NÍl FADHB AR BITH RÓBHEAG

Tá Lucy Lyus cinnte dearfa go bhfuil sláinte mhaith fhisiciúil tuillte ag gach duine agus úr cheart do gach duine agus go bhfuil sé amhlaidh maidir leis an mheabhairghalar fosta,  

“Níl fadhb ar bith róbheag agus níl fadhb ar bith gan tábhacht.

“Is cuma cé acu creideann tú go bhfuil diagnóis de dhíobháil ort nó nach gcreideann, má tá rudaí ag dul ar aghaidh i do shaol atá do choinneáil ar chúl agus tá an fhadhb ag dul ar aghaidh le tamall anuas, ba chóir duit cuidiú a iarraidh agus gan a bheith buartha faoi cad e a shileann daoine eile.” ar sí.

Ag an am céanna, aithníonn Lucy go bhfuil an seans ann go mbeidh daoine meallta i ndiaidh iad a misneach a chruinniú le labhairt leis an dochtúir teaghlaigh; “crannchuir chód poist” (postcode lotteries) agus díobháil maoinithe ciallaíonn siad seo gur féidir go mbeadh  liostaí feithimh do theiripí cainte (talking therapies), comhairleoireacht san áireamh, thar a bheith fada.

Seo ceann de na ceisteanna a bhfuil Mind ag feachtasaíocht fúthu chomh maith le hoiliúint níos fearr do dhochtúir teaghlaigh agus do bhanaltraí cleachtaidh (practice nurses) faoin dóigh a láimhseálann siad comhráite faoi mheabhairshláinte.

“Ba mhaith linn go mbeadh an rogha ag gach duine faoin choir leighis is fearr dóibh. Ar an dóigh seo, má bhíonn sé de mhisneach ag duine dul chuig an dochtúir, go mbeadh roghanna fónta ar fail dóibh ina dhiaidh,” arsa  Lyus. 

“Is féidir go n-oibreodh frithdhúlagráin (antidepressants) go han-mhaith do dhaoine áirithe ach ní oibríonn siad do dhaoine eile.”

AG TEACHT AR NA FOCAIL CHEARTA

Ag aithint go bhfuil tacaíocht de dhíth go géar ort, sin an chéad chéim ach i ndiaidh tú coinne a fhail leis an dochtúir, an mbeifeá in ann cur síos go beacht ar an fhadhb atá agat?  

Tá áis dar teideal Find the Words, curtha le chéile ag Mind, uirlis ar líne dírithe ar dhaoine atá le cuairt a thabhairt ar an dochtúir nó ar an bhanaltra agus orthu sin atá ag obair i gcleachtais agus é deartha le cuidiú le daoine an téarmaíocht cheart a úsáid agus iad ag míniú cad é go díreach atá cearr leo.

“Seo feachtas atá curtha ar bun againn leis na huirlisí a thabhairt do daoine le go mbeidh siad ábalta an comhrá a thoiseacht lena ndochtúir, mar sin tá cuid mhór leideanna agus le comhairle ar an dóigh le hullmhú don chéad chruinniú leis an dochtúra, an dóigh le rá cibé is mian leat a rá agus fios ceart a bheith agat cad e na roghanna ata agat ina dhiaidh,” a mhíníonn Lyus.

Ar ndóigh, b’fhéidir nár mhaith leat labhairt le do dhochtúir – ach is fiú go mór labhairt le duine éigin.

“D’fhéadfá labhairt le cara, le comhghleacaí, le ball teaghlaigh le duine ar bith a bhfuil muinín agat ann nó inti, duine a éistfidh leat gan breithiúnas a thabhairt ort, Caitheann tú fios a bheith agat nach gcaitheann tú rudaí a fhulaingt i do thost,” ar sí.

“Mura bhfuil an cineál sin duine ar aithne agat, tá a fhios againn go bhfaigheann daoine cuidiú ó fhóraim ar líne go hairithe má tá tú ró-neirbhíseach le dul amach nó mura bhfuil gréasán cairde agat.

Tá 60,000 úsáideoir sa pobal ar líne Elefriends de chuid Mind,” arsa Lucy.

AG SARU CONSTAICÍ

Dá oiread a labhraíonn muid ar ár meabhairshláinte is amhlaidh is “normálta” a éiríonn sé, dar le Luys agus tá sé sin amhlaidh le gach uile dhuine againn mar tá do mheabhairshláinte chomh tábhachtach, chomh hábhartha agus chomh normálta le do shláinte fhisiciúil.

“Tá muid ag foghlaim go bhfuil an stiogma a bhaineann le meabhairghalair ag dul i léig, go bhfuil dearcadh daoine ag athrú agus go nglacann daoine níos réidhe le fadhbanna intinne, cé go bhfuil eisceachtaí ann go fóill.

“Ach, ar an dea-uair, tá daoine eile atá ag obair go dícheallach le cur ina luí ar dhaoine go bhfuil fadhbanna meabhrach daoine thar a bheith normálta.

“Tá meabhairshláinte againn uilig,” arsa Lyus, “mar sin, caitheann muid cuimhneamh go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte thar a bheith coitianta. Tá tacaíocht de dhíth orainn uilig ó am go ham.”