News

An bhfuil aithne ar bith againn ar na daoine a tháinig a chónaí inár measc?

Terra Nova Productions are staging a series of five new short plays inspired by the real experiences of immigrants to Northern Ireland which will enlighten theatre-goers about life here for people who choose the province as their new home. Arrivals can be seen at: Crescent Arts Centre, 12, 13, 14 & 15 February - www. crescentarts.org / 028 9024 2338 Ards Arts Centre, Newtownards,19 February Riverside Theatre, Coleraine, 20 February Market Place Theatre, Armagh, 21 February

B hí clár ar BBC NI ar na mallaibh inar phléigh an t-amhránaí Daithí Sproule na hamhráin a bhain leis an imirce ó Éirinn.

Tháinig na mothúcháin dhaonna uilig amach sna hamhráin a scríobh daoine arbh éigin dóibh teitheadh chun na héiginnteachta mar gheall ar an bhochtanas nó ar an leatrom nó ar chúis éigin eile.

Ar ndóigh, bhí siad ann a d'imigh leo gan de spreagadh acu ach saol níos fearr a chruthú dóibh féin ach ba thochtmhar iad na hamhráin a bhain le daoine arbh éigean dóibh a mbailte a fhágáil in éadan a dtola.

Go minic, fuair siad cur ó dhoras sna háiteanna ar shocraigh siad iontu.

Tá an imirce ag crá na tíre arís ach le linn Ré an Tíogair Cheiltigh ba mhó daoine a bhí ag teacht go hÉirinn ná mar a bhí ag imeacht. Tháinig daoine as gach cearn le cur fúthu anseo - mar a rinne an pobal Síneach roimhe sin - agus tá Éire, thuaidh agus theas, níos ilchultúrtha inniu ná mar a bhí sé riamh.

Dála na nÉireannach a chuaigh thar saile, mothaigh siad idir dhearg-ghráin agus fhearadh na fáilte, an cineáltas agus an droim láimhe.

Tá sé mar sin i dtuaisceart na hÉireann faoi láthair agus ár gcomharsana úra ag iarraidh socrú síos, a gcuid oibre a dhéanamh agus gach buntáiste a bhaineann leis an obair a bhaint amach. Ach go fóill, is beag duine againn nach dtuigeann cad é atá ag

dul ar aghaidh i measc na bPolannach, na Liotuánach, mhuintir na Siombáibe, agus gach cine eile atá ina gcónaí i dtuaisceart na hÉireann Tá an compántas dramaaiochta, Terra Nova Productions, ag léiriú cúig ghearrdhráma úra bunaithe ar fhíor-taithí imirceach sa tuaisceart a chuirfidh faoi bhráid na lucht éisteacha cad é mar atá an saol i measc na ndaoine a roghnaigh an áit seo mar bhaile s'acu féin. An scáth-theideal amháin atá ar na cúig dhráma ná Arrivals agus pléifidh siad leis an trichultúrachas/ interculturality - focal úr domsa ach a chiallaíonn cibé a tharlaíonn nuair a theann bunadh na háite - muintir an tuaiscirt sa chas seo - i ngleic le daoine nár rugadh anseo no nár tógadh anseo. Tabharfar aghaidh a cheisteanna comhchoitianta sa drámaí séimhe, greannmhara, dúshlánacha seo a d'eascair as taithí coimhthigh a chuir fúthu abhus.

Tá sean-taithí ag Stiúrthóir Ealaíne Terra Nova agus stiúrthóir na ndrámaí, Andrea Montgomery, ar an imirce.

Tá náisiúntacht Cheanadach aici cé gur chónaigh sí sa Téalainn, san Eilvéis agus san Indinéis go dtí gur bhog sí go hÉirinn in 2002.

Deir si gur cruthaíodh Arrivals cionn is gurb annamh a fheiceann muid aghaidheanna na ndaoine seo a rugadh taobh amuigh de thuaisceart na hÉireann agus nach gcluin muid a gcuid scéalta ar ardáin cé gur léirigh daonáireamh 2011 gur rugadh 220,000 den daonra taobh amuigh de na

Sé Chontae.

Tá Amanda thar a bheith sásta go bhfuil guth á thabhairt do na daoine seo i ndiaidh na n-ionsaithe ciníocha ar an phobal Pholannach sa chuid sin d'oirthear na cathrach ina bhfuil si féin ina cónaí "Thosaigh an tionscadal Arrivals le ceardlann thrí-lá inar phléigh 21 duine as gach cearn den domhan an taithí a bhí acu agus iad ina gcónaí i dTuaisceart Éireann le cúigear drámadóir. "Is iad an cúig phíosa seo toradh na hoibre sin agus tá súil againn go spreagfaidh sé daoine díospóireacht a dhéanamh chomh maith le siamsaíocht a chur ar fáil dóibh.

Cúigear drámadóir a cruthaigh saothar an duine - James Meredith, Deirdre Cartmill, John Morrison, Shannon Yee agus Paul

McMahon; ceathrar aisteoirí a chuirfidh beocht agus beatha sna scéalta seo, an Béal Feirsteach James Doran, Michelle Yim ó Hong Kong, Cristina Catalina ón Romaín agus Raj Bajaj, duine de shliocht na hIndia a tháinig ar an saol in Bristol Shasana. Anuas ar na drámaí, tá ceol

nua á chumadh ag Anthony Toner, amhránaí/cumadóir.

Chaith Anthony an mhí seo caite ag obair leis na scríbhneoirí agus leis an fhoireann ilchultúrtha a chuir an seó le chéile.

n Osclóidh Arrivals anocht

(12 Feabhra) ag an Crescent Arts Centre do cheithre léiriú sula rachaidh sé ar camchuairt go dtí an Ards Arts Centre, an Riverside Theatre i gCúil Raithin, Amharclann Phlás an Mhargaidh in Ard Mhacha agus an Dánlann i nDún Phádraig.