News

Tá rátaí coiriúlachta ag titim ainneoin an scéal atá ag teacht ó na meáin

C uireann an choir-iúlacht daoine faoi dhraíocht agus bíonn achan chineál de i gcónaí á lua ar an nuacht theilifíse agus sna nuachtáin.

Ach iontach go leor, creidimse, go bhfuil bunús dá bhfuil á inse dúinn contráilte.

Ghlac sé tamall fada sular aithin mé seo.

Nuair a thosaigh muid an tsraith theilifíse *Crimewatch siar i 1984, ghlac mé leis gurbh é an ról a bhí ag na póilíní ná daoine a ghabhadh le muid a choinneáil slán sábháilte agus gurbh iad na cúirteanna an bealach is fearr le dul i ngleic leis an choiriúlacht.

Ach de réir mar a rinne mé iniúchadh ar an choiriúlacht "choitianta" - an cineál a imríonn tionchar ar an chuid is mó againn - fuair me amach nach mar sin a bhí.

Tá mé ag caint ar ghadaíocht laethúil carranna, buirgléireachtaí, mugálacha agus ionsaithe a bhí chomh coitianta sin is go raibh na cúirteanna ag cur thar maoil.

Agus, rud iontach, ní raibh ceann ar bith de na teoiricí a cuireadh chun cinn faoi na cúiseanna a bhí taobh thiar den choiriúlacht - díothacht, díobháil smachta, tuismitheoireacht nó an mhoráltacht féin - ní raibh siad in oiriúint do na fíricí.

Bhí daoine a ngortú, bhí na coireanna comónta seo ag cuir eagla, náire agus buaireamh orainn - agus bhí an chuma air nach raibh muid in ann muid féin agus daoine eile a chosaint.

I 1999, dúnmharaíodh mo chomh-láithreoir ar *Crime-watch, Jill Dando.

Bhí sé ina thragóid gan chéill a bhain geit as pobal na tíre ach mar thoradh ar an uafás, bhunaigh mé féin, fear geallta Jill, Alan Farthing, agus comhghleacaithe eile, bhunaigh muid an Jill Dando Institute of Crime Science ag University College London.

D'earcaigh muid daoine ó dhisciplíní éagsúla - an ailtireacht, innealtóireacht, síceolaíocht agus zó-eolaíocht mar sin, bhí muid in ann amharc ar an choiriúlacht ar dhóigh eile ar fad.

Mar thús, ní "coirpigh" atá freagrach as móramh na gcoireanna, bhuel, ní sa ghnáthchiall

Tá níos mó sa saol seo na "goodies and baddies", ainglí agus diabhail. D'ardaigh na rátaí coiriúlachta nuair a a thosaigh gnáthdhaoine, ina nainneoin féin b'fhéidir, ag gearradh siar, ag ceannacht earraí goidte, ag dul ar meisce agus ag troid.

De réir mar a rinne mé staidéar, thug mé faoi deara. nach raibh bunús leis na bunchúiseanna ar chreid mé iontu.

Glac an bochtaineacht mar shampla, Dá dtiocfadh linn gach duine a dhéanamh níos saibhre, an gcuirfeadh sé sin deireadh leis an choiriúlacht? Cad é tá taobh thiar den mhéadú ollmhór i gcoireacht an bhóna bháin?

Agus cad chuige ar tharla an méadú is mó coiriúlachta nuair a bhí borradh faoin eacnamaíocht i ndiaidh an Dara Chogadh Domhanda?

I ngach tír thionsclaithe. d'éirigh daoine níos flúirsí ach in chan cheann acu, d'fhás an choiriúlacht mar nár fhás sé riamh roimhe.

Rith sé liom go raibh torthaí nach rabhthar ag súil leo le roinnt níos cothroime de mhaoin an tsaoil.

Sa tseanaimsir, bhí searbhónta ag an uasaicme lena maoin a chosaint ach anois, tá rudaí arbh'fhiú iad a ghoid i ngach teach choir a bheith.

De réir mar a chuaigh níos mó daoine amach ag obair, b'amhlaidh ba mhó teach nach raibh aonduine iontu cuid mhór den lá.

Bhí níos mó le goid ó na siopaí, ó ghluaisteáin agus ó dhaoine ag siúl na sráide.

Ach inniu, tá rátaí coiriúlachta ag titim le fada. Yep, ag titim.

Fiú i Nua Eabhrac - an Rotten Apple mar a tugadh uirthi trath go dtí gur tháinig zero tolerance Rudi Giuliani - bhí an titim ag dul ar aghaidh sular tháinig Rudi sa chéad áit agus lean sé ar aghaidh i ndiaidh é imeacht. Tharla sé i gcathracha eile chomh maith agus thit siad go suntasach.

Cad chuige?

Ba í 1990 an bhliain ba mheasa coiriúlachta i Meiriceá Thuaidh agus ba mheasa í sna 1990í láir in áiteanna eile - ansin tháinig feabhas ollmhór ar an scéal.

Sa Bhreatain, thit an líon buirgléireachta le dhá thrian, coiriúlacht carranna le 80% agus tá an ráta dúnmharaithe níos lú ná mar a bhí sé le 40 bliain anuas.

Is cuma cad é chomh ciniciúil is atá tú faoi na figiúir seo, mar a dúirt póilín sinsearach amháin, "It's hard to hide that many bodies".

Sin ráite, tá agenda ag na meáin náisiúnta chumarsáide, a mhaíonn go bhfuil an ráta coiriúlachta ag méadú 15 bliana ó thosaigh sé ag titim go suntasach,

Tá an dóigh a bhfuil na meáin