Irish-Language

Cad é na féideartheachtaí agus na contúirtí a bhaineann le ChatGPT?

UIRLIS ÚR SCANRÚIL NÓ CAIRDIÚIL: Tá an teicneolaíocht ag imeacht leis ar stealla cosa in airde ach tá an Ghaeilge in ann coinneáil céim ar chéim léi ach an gcuirfidh sé deireadh leis an léinn agus leis an chruthaíocht san am atá romhainn, sna mórtheangacha agus i dteangacha mionlaigh araon?
UIRLIS ÚR SCANRÚIL NÓ CAIRDIÚIL: Tá an teicneolaíocht ag imeacht leis ar stealla cosa in airde ach tá an Ghaeilge in ann coinneáil céim ar chéim léi ach an gcuirfidh sé deireadh leis an léinn agus leis an chruthaíocht san am atá romhainn, sna mórtheangacha agus i dteangacha mionlaigh araon?

Tá lucht na Gaeilge i ndiaidh a chruthú gur féidir leis an teanga a bheith faoi bhláth i saol na teicneolaíochta úire.

Tá sí beo bríomhar ar leithéidí facebook agus twitter, ar Insta agus ar TikTok, tá podchraolta agus suímh idirlín i nGaeilge amháin ach tá sí ar cheann de na teangacha mionlaigh is láidre ar an idirlíon.

Ach tá uirlis úr i ndiaidh teacht ar an saol mar ChatGPT, suíomh idirlín a oibríonn a bhuíochas don intleacht shaorga.

Ar na rudaí is suntasaí faoi ná go dtig leis aistí a scríobh duit ar ábhar ar bith faoin spéir. 

Ní amháin sin ach i ndiaidh é ceist a fhreagairt nó alt a scríobh duit, mura dtaitníonn an toradh leat, thig leat iarraidh air leagan eile a chruthú ach é níos bríomhaire nó níos greannmhaire.

Níl leagan Gaeilge de ChatGPT ar fáil go fóill ach is féidir leis ailt, aistí, blaganna etc, a scríobh duit ach tú iarraidh air sa bhosca cuardaigh.

Mar chruthúnas ar an méid a dtig leat cur i gcrích leis, d’iarr mé air alt 900-focal ar fad a scríobh ar stair na Gaeilge. Bhí sé agam taobh istigh de chúpla soicind.

D’aistrigh mé féin é agus seo é thíos. 

Tá go leor rudaí le tabhairt faoi deara - go háirithe más Ultach thú - agus tá sé thar a bheith ginearálta agus níl doimhneacht ar bith ann agus tá go leor laigí eile san aiste thíos.

Sin de-scéal d’acadúlaigh, ar ndóigh, a raibh eagla orthu go gcuirfeadh an intleacht shaorga deireadh leo. Is beag an baol - go dtí seo.

Ach cad é na teorainneacha a bhrisfidh an teicneolaíocht seo san am atá romhainn? An féidir é a chlárú le “nuacht bhréagach” a chur amach?

An mbeidh sé ina ghléas ag deachtóir éigin bolscaireacht a chur amach? Cad é na féideartheachtaí agus na contúirtí a bhaineann le ChatGPT?

Ba bhreá liom sibh inse dom cad do bharúil air ag r.mcmillen@irishnews.com

AN tALT:

Tá stair shaibhir chasta a shíneann siar breis agus 2,000 bliain ag an Ghaeilge, teanga a shíolraigh as an Cheiltis luath, mar a rinne na teangacha Ceilteacha eile – Gàidhlig na hAlban, Manainis, Breatnais, Briotánais agus Coirnis.

Ar ndóigh, d’eascair an bhunteanga as an “teaghlach” Ind-Eorpach de theangacha a tháinig ón India.

Is féidir bunús na Gaeilge a rianú siar go dtí teacht na gCeilteach go hÉirinn timpeall 500 BCE. 

Thug siad leo teanga ar a dtugtar Q-Ceiltis, a d’athraigh le himeacht ama go Sean-Ghaeilge. Ba í an tSean-Ghaeilge teanga na tréimhse luath-Chríostaí in Éirinn agus tá sí caomhnaithe i roinnt lámhscríbhinní arb é Leabhar Cheanannais an ceann is cáiliúla ina measc.

Le linn na meánaoiseanna, bhí ré órga na litríochta agus an léinn ag an Ghaeilge. 

Chruthaigh an tréimhse seo “athbheochan Ghaelach” saibhreas filíochta, próis agus téacsanna stairiúla.

Ba í an Ghaeilge teanga na huasaicme agus cumadh

go leor saothair thábhachtacha de litríocht na Gaeilge le linn an ama sin. 

Mar sin féin, bhí brú méadaitheach ag teacht ar an teanga ón Bhéarla faoi thionchar na n-ionróirí Normannacha.

Thug an 16ú agus an 17ú haois dúshláin shuntasacha don Ghaeilge. 

Rinne Coróin Shasana iarracht smacht a chur ar Éirinn agus cultúr agus teanga na tíre a chur faoi chois. 

Achtaíodh dlíthe a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge agus a rinne iarracht an Béarla a chur ina háit. 

Bhí na dlíthe seo, ar a dtugtar na Péindlíthe, crua agus bhí tionchar millteach acu ar phobal na Gaeilge.Mar thoradh ar cheannas an Bhéarla agus na bPéindlíthe, tháinig laghdú gasta ar líon na gcainteoirí Gaeilge. 

Is sna ceantair tuaithe Ghaeltachta go príomha a labhraíodh an Ghaeilge, áit ar éirigh léi maireachtáil, ag snámh in aghaidh an easa. 

Mar gheall air seo, ceanglaíodh an teanga leis an bhochtaineacht agus leis an tseanaimsearthacht  i súile an lucht rialaithe Béarla, rud a chuir tuilleadh lena himeallú.

Ach ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois, athmúsclaíodh suim sa teanga agus i gcultúr na hÉireann in athuair. 

Sa tréimhse seo, ar a dtugtar “an t-athbheochan Éireannach” bunaíodh eagraíochtaí mar Chonradh na Gaeilge, a raibh sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha na hÉireann a athghabháil. Rinneadh iarrachtaí fosta an Ghaeilge a athbheochan mar theanga labhartha agus í a bhunú mar theanga náisiúnta na hÉireann.

Thug an 20ú haois idir dhul chun cinn agus dhúshláin don Ghaeilge. 

Le bunú Shaorstáit Éireann i 1922, tugadh aitheantas don Ghaeilge mar chéad teanga oifigiúil na tíre, taobh leis an Bhéarla. 

Mar sin féin, chuir ceannasaíocht an Bhéarla agus brú an nua-aoiseachais bacainní suntasacha ar athbheochan na Gaeilge mar theanga fhorleathan labhartha.

In ainneoin na ndúshlán seo, tá borradh faoi chúrsaí Gaeilge le blianta beaga anuas. 

Tá polasaithe curtha i bhfeidhm ag rialtas na hÉireann chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san oideachas, sa chraoltóireacht agus sa rialtas. 

Múintear an Ghaeilge i scoileanna ar fud na hÉireann anois, agus tá stáisiúin teilifíse agus raidió Gaeilge ann. 

Tá athbheochan i ndiaidh teacht ar na ceantair Ghaeltachta agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a roghnaíonn cónaí agus obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

In 2005, ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla, a raibh sé mar aidhm aige úsáid agus infheictheacht na Gaeilge a mhéadú sa saol poiblí. 

Bhunaigh an tAcht cearta do chainteoirí Gaeilge agus ceanglaíodh ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla. 

Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, tá go leor oibre le déanamh fós chun inmharthanacht fhadtéarmach na Gaeilge a chinntiú.

Mar fhocal scoir, tá athléimneacht agus oiriúnú i stair na Gaeilge. Óna bunús sa tsean-sochaí Cheilteach go dtí na dúshláin a bhaineann le ceannas an Bhéarla, d’éirigh leis an nGaeilge maireachtáil agus athbheochan. 

Bhí ról ríthábhachtach ag iarrachtaí daoine aonair, eagraíochtaí, agus rialtas na hÉireann i gcur chun cinn agus caomhnú na teanga. De réir mar a leanann Éire ag forbairt, beidh todhchaí na Gaeilge ag brath ar thacaíocht leanúnach, ar oideachas, agus ar thiomantas Chonradh na Gaeilge