Irish-Language

Deireadh le polaitíocht an Choghaidh Chathartha agus tús le deas agus clé?

<b>AN RIALTAS ROTHLACH: </b>Baill an rialtais &uacute;ir a bhfuil a s&aacute;ith constaic&iacute; roimh a cheannair&iacute;. Thuas &oacute; chl&eacute;, t&aacute; an T&aacute;naiste Leo Varadkar, an Taoiseach, Miche&aacute;l Martin agus ceannaire an Chomhaont&uacute; Ghlais, Eamon Ryan.
AN RIALTAS ROTHLACH: Baill an rialtais úir a bhfuil a sáith constaicí roimh a cheannairí. Thuas ó chlé, tá an Tánaiste Leo Varadkar, an Taoiseach, Micheál Martin agus ceannaire an Chomh AN RIALTAS ROTHLACH: Baill an rialtais úir a bhfuil a sáith constaicí roimh a cheannairí. Thuas ó chlé, tá an Tánaiste Leo Varadkar, an Taoiseach, Micheál Martin agus ceannaire an Chomhaontú Ghlais, Eamon Ryan.

CAITHFIDH go sleamhnaionn an smaoimeamh isteach i gcloigeann Micheál Martin nuair a shíneann sé siar ar a chaothaoir leathair agus é leis fein, an clapsholas ag timpeallú an tí agus an lá ag dul ó sholas.

“Is mise an boc is ádhúla ar chlar na cruinne,” an smaoineamh sin.

I mí Aibrean i mbliana, reáchtáil Red C pobalbhreith inar dhuirt gan ach 14% de na daoine a ceistiodh go dtabharfadh siad vota do phairti an Mhairtinigh, Fianna Fáil.

Fuair Sinn Féin beagnach a dhá oiread (27%) agus Fine Gael 35% sa phobalbhreith chéanna.  

Trí mhí níos maille agus tá Martin ina Thaoiseach i gcomhrialtas le Fine Gael agus an Comhoantú Glas – cé go mbeidh Leo Varadkar ar ais in Oifig an Taoisigh i mí na Nollag 2022 má fhanann an comhrialtas i gcumhacht.

Ar bhealach, tá sé osréalaíoch. 

Ag amharc ar an phictur thuas den rialtas úr, is é an lagmheasarthacht is mó atá le sonru.

Cé ina measc a thógfadh do chroi agus a mhúsclódh an dóchas ionat?

An bhfuil cuimhne ag duine ar bith óráid spreaguil, ghríosaitheach, fuinniúil a thug Micheál Martin ó tháinig sé i gcomharbacht ar Brian Cowan i mí Eanáir 2011. (Ar íorónaí an tsaoil, ba é Dara Calleary a mhol é!)

Ar na daoine is mó orthu sin a mbeadh muinín agat astu, tá Simon Coveney. Aithníonn fiú a naimhde polaitiula go ndearna sé obair mhaith ó thaobh an Bhreatimeachta - ta obair mhor le deanamh go foill agus an chuma ar an sceal go bhfuil rialtas na Breataine (rialtas Shasana?) sasta an Breatimeacht a chur i bhfeidhm gan socru leis an Aontas Eorpach.  

Deirtear go bhfuil gealladh faoi Catherine Martin ón Chomhaontú Glas agus í ina hAire Meán Cumarsáide, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt, Gaeltachta agus Uncle Tom Cobley and all.

Cé gur léir a bá leis an Ghaeilge – thug sí a chéad óráid sa Dáil i nGaeilge amháin  – an mbeidh an t-am agus na hacmhainní agus an tacaíocht aici athruithe bunusacha a chur i bhfeidhm ó thaobh na teanga agus an neamart atá déanta ar an Ghaeltacht riamh anall?

Is cosuil go bhfuil lucht na Gaeilge sasta am a thabhairt di í féin a chruthú agus chuir Conradh na Gaeilge agus TG4 Fáilte roimh a ceapuchan ach neosfaidh an aimsir.

Dúinne ó thuaidh, tá na dearcaidh measctha. 

Dar leis an Belfast Newsletter, bhí Micheál Martin níos géire in éadan Shinn Féin mar a bhí Leo Varadkar agus gur mhiath an rud é sin.

Beidh aontachtaithe iontach sasta faoi dhearcadh cheannaire Fhianna Fáil ar reifreann ar an teorainn fosta.

Dúirt sé nar choir reifreann  a ghairm go dtí go raibh “daoine agus pobil aontaithe roimhe ré.

“But that point will only be pushed forward into the future if we continue seeing the essentially sectarian and partisan approach to this issue promoted by one party,” a dúirt an Máirtíneach  ag tus na bliana seo.

Ní thuigeann an Corcaíoch a leithne is atá an ghluaiseacht – da neamhfhorbartha é – i dtreo Éireann Aontaithe agus inné féin, dúirt sé gur “rialtas don tír ina hiomlaine” é an comhrialtas reatha agus é á chosaint cé nach bhfuil Aire sinsireach ó iathar na hÉireann sa chomh-aireacht.

Agus “an tír ina hiomláine” an cur síos a bhí ag Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil – The Republican Party, ar na 26 Chontae amháin.

Leoga, leis an rialtas úr seo, seans mor go bhfeicidh muid  an críochdheighilteachas ag eiri nios oscailte ó dheas.

Bhí sé i gcónaí ann ach le leitheidi twitter agus na rannoga tuairimiochta atá i nuachtain ar líne, is feidir a fheiceáil chomh laidir agus chomh binbeach is atá cuid de mhuintir an deiscirt i leith mhuintir an tuaiscirt.

Is beag atá idir fuath do Shinn Féin agus do ghnáth-náisiúnaigh an tuaiscirt ach creidim fein go measann siad gur neacha as domhan eile ar fad iad baill an SDLP féin – mar a fuair Mark Durkan amach nuair a chuaigh sé san iomaiocht do shuíochan Eorpach ar son Fhine Gael in 2019.

Deirtear go bhfuil an chneá a chruthaigh Cogadh na gCarad leigheasta anois, go bhfuil deireadh le “polaitíocht an Chogaidh Chathartha.”

Is cuma le daoine, deanta na fírinne ach ar shlí amháin tá sé thar a bheith tabhachtach mar do bhfeicfear polaitiocht na tire ar an speicteam deas-chle.

(Is fada uainn sin ó thuaidh, ar an drochuair.)

Faoi láthair, ta pairtithe na heite deise i gcumhacht - FF, FG agus, yep, an Comhaontú Glas ach tugann sé seo an deis do phairtithe na heite chle “uisce glan dearg” a chur idir iad agus na pairtithe eile.

Ar thús cadhnaíochta, beidh     Sinn Féin agus a cumhacht méadaithe acu cionn is gurb iad an pairti is móta freasura agus tiocfaidh na deiseanna na rialtas a ghortú diaidh ar ndiaidh.

Tá dushlain mhora roimh na Taoisigh rothlacha - an leirscrios eacnamaiochta atá deanta ag paindeim an Choroinvíris, Breatimeacht thar a bheith crua agus an ghéarcheim aeraide.

(Tuairiscitear go mbeidh pictiúir de Michael Collins agus de Eamon de Valera ar bhalla Oifig an Taoisigh. Beidh an bheirt acu ag rothlú faoin chré Varadkar agus Martin bheith ina dTaoisigh rothlacha!)

Mar is dual do phairtithe na heite deise, is ar an ghnáthdhuine a thitfidh an t-ualach íobairtí a dheanamh aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin a reiteach.

Tiocfaidh sé seo ar bharr theipeanna na rialtas go dtí seo – géarcheim eacnamaiochta 2008, scannall  na liosta feithimh, líon na ndaoine gan didean, an Solathar Direach agus ar aile. 

Go tobann, tá polaitiocht na 26 Chontae thar a bheith suimiuil. 

Cad é mar a rachaidh an rialtas i ngleic le hiarsmairtí an Choroinviris?

Cad é an tionchar a bheidh ag Breatimeacht crua? Cad é mar a laismhsealfar na hathruithe bunreachtula ma fhagann Albain an Ríocht Aontaithe agus go dtagann “an t-aontas sin idir daoine agus pobail” maidir le hathaontú na tíre a luaigh Micheál Martin   

Cá fhad a ghlacfaidh sé sula dtiocfaidh teannas idir FF agus FG san am atá le teacht? 

Coimhead an spás seo, beidh sé corrach go maith.