Irish-Language

Moilleanna agus mearbhall i measc na saineolaithe agus na bpolaiteoirí araon

<b>&Aacute;R SL&Aacute;NAITHEOIR&Iacute;?: </b>Boris Johnson agus an pr&iacute;omhoifigeach leighis do Shasana Chris Whitty (ar chl&eacute;) agus Pr&iacute;omhchomhairleoir Eola&iacute;ochta Sir Patrick Vallance, ag preas-&oacute;c&aacute;id i ndiaidh cruinni&uacute; de COBRA an tseachtain seo chugainn.&nbsp;
ÁR SLÁNAITHEOIRÍ?: Boris Johnson agus an príomhoifigeach leighis do Shasana Chris Whitty (ar chlé) agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta Sir Patrick Vallance, ag preas-ócáid i ndiaidh cru ÁR SLÁNAITHEOIRÍ?: Boris Johnson agus an príomhoifigeach leighis do Shasana Chris Whitty (ar chlé) agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta Sir Patrick Vallance, ag preas-ócáid i ndiaidh cruinniú de COBRA an tseachtain seo chugainn. 

Bhuel, cad é mar atá sibh, a léitheoirí dílse?

An bhfuil sibh socair in bhur n-intinní nó an bhfuil sibh as bhur meabhair le himeagla roimh an Choroinvíreas atá ar a bhealach chugainn le léirscrios a dhéanamh orainn?

Nó an bhfuil sibh ró-ghnóthach ag amharc i ndiaidh do pháistí, ag déanamh cinnte go bhfuil neart páipéar leithris sa teach agus ag coinneáil níos mó ná méadar idir sibh agus gach duine eile? 

Bhí mé féin in Bia, bialann na Cultúrlainne i mBéal Feirste inné, don uair dheireanach go cionn míosa nó go deo na ndeor. Ní fios. 

Is éigean don bhialann druidim mar gheall ar an víreas atá ag spréadh ar fud na cruinne ar stealla cosa in airde.

Gnó beag agus an pobal ina lár, deireadh anois curtha leis an mhonabhar – na pleananna don todhchaí, an cúlchaint, an tseafóid, an gháire, na mionnaí móra, an ceol, an comhchealg, an dóchas – iad uilig curtha ina thost ag an ghalar. 

Is léir go bhfuil an Coroinvíreas ag tógáil ceisteanna bunúsacha faoin saol a mhaireann muid ó lá go lá, is cuma cé acu tá muid i mBéal Feirste, i mBéising nó i mBogatá.

Tá gach duine againn – ó rialtais go daoine aonair – ag dul faoi scrúdú. 

Tá an COVID-19 ag cur brú orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an chiall atá lena bheith beo. 

Ag an leibhéal is bunúsaí, beidh orainn meabhrú ar na caidrimh atá eadrainn mar dhaoine daonna, mar theaghlaigh, mar chomharsanaigh, mar shaoránaigh.

An dtiocfaidh muid slán as an obair-sa-bhaile? An aistreofar polaitíocht na hoifige go dtí an seomra suí nó an gcuirfear leis an chaidreamh idir daoine cionn is go mbeidh siad in aontíos ar feadh tamaill fhada?

Tá a fhios agam go mbeidh sé deacair daoine óga a choinneáil sa teach ar feadh coicíse agus is cinnte go gcuirfidh sé sin brú ar na tuismitheoirí is eagraithe féin.

Beidh brú níos mó ar mháithreacha is dócha agus iad ag iarraidh gach rud a cheangal le chéile – sláinte, siopadóireacht, obair agus iad ag amharc ina ndiaidh féin ag an am céanna.

Ach cad é faoi na rialtais, an ceann i dTeach Laighin agus an ceann eile i Westminster? Oh, agus Feidhmeannas s’againne abhus?

Right, Westminster ar dtús. Tchí Dia muid. 

Is é an scéal is déanaí faoi chur chuige Boris Johnson agus a rialtais ná nár thuig siad go dtí cúpla lá ó shin gur dócha go maródh a straitéis na céadta míle duine.

Ba é an moladh a fuair siad óna Phríomhchomhairleoir Eolaíochta, Patrick Vallance, ná gur chóir an Coroinvíreas a mhaolú (mitigate) agus ligint do “imdhíonacht an tréada” (herd immunity) feidhmiú ina dhiaidh sin.

Dúirt taighdeoir agus léachtóir in éabhlóid agus in eipidéimeolaíocht ghalair thógálacha in Ollscoil Harvard gur chreid sé féin agus a fhoireann gur “aoir” a bhí i gcur chuige Johnson.

Anois, thuig daoine coitianta sin. Thuig daoine i mBéal Feirste agus in Inis Ceithleann agus i nDoire sin.

Ach, ní raibh an bhean uasal, Arlene Foster,  le tiontú.

Cuireadh síos do Michelle O’Neill go raibh sí ag polaitiú an choroinvíris nuair a ghlac sí le comhairle rialtas Westminster agus a chomhairleoirí eolaíochta agus leighis lá amháin agus i ndiaidh cruinniú leis an pháirtí agus i ndiaidh í aischothú a fháil ón phobal, d’aontaigh sí le cur chuige an rialtais ó dheas a d’ordaigh go ndruidfí scoileanna, pubanna, amharclanna agus áiteanna eile ina mbailíonn scaiftí daoine.

Bhí mearbhall ar dhaoine gur druideadh scoileanna ó dheas ach gur moladh iad a choinneáil oscailte ó thuaidh. 

Sin ráite, rinne tuismitheoirí a gcomhairle féin agus choinnigh a gcuid páistí sa bhaile.

(Agus ná deireadh duine ar bith liom nach fiú éisteacht leis an ghnáthdhuine. Tá ciall ceannaithe an tréada acu!)

Iontas na n-iontas, rinneadh ceist bhunreachtúil den choroinvíreas. Sílim gur chuala mé Chris McGimpsey (más é a bhí ann) ag deireadh agallaimh ar Tallannach, ag rá go diongbháilte “seo an Ríocht Aontaithe, seo an Ríocht Aontaithe,” 

Shílfeá gur chreid sé gur aithin an coroinvíreas an teorainn. 

De réir a chéile, tá daoine a d’easaontaigh le O’Neill ag teacht ar a mhalairt intinne. 

Dúirt Arlene Foster gur ghlac an Feidhmeannas comhairle ó shaineolaithe logánta chomh maith leis an chomhairle a bhí ag teacht ó Londain ach b’fhéidir gur ceist “meon an tréada” atá i gceist in áit “imdhíonacht an tréada”.

Ní hionann sin is a rá go bhfuil cur chuige an rialtais o dheas foirfe.

Bhí siad fadálach ag tabhairt aghaidh ar an fhadhb agus níor chuir siad bac ar dhaoine teacht isteach sa tír, ó thuaisceart na hIodáile féin.

Ach tá siad ag foghlaim go gasta agus ag éisteacht le daoine.

Fógraíodh inné go mbeadh Páirc an Chrócaigh oscailte mar ionad “tiomáin-frid” tástála - a ‘drive-thru’ facility for testing for Covid-19. Caitheann tú coinne a dhéanamh ar tús ach smaoineamh samhlaíocht daonnachtúil ata ann.

San idirlinn, tá an rialtas ó thuaidh scoilte ar bhonn polaitíochta, aontachtaithe i bhfách leis an chur chuige fabhtach Breatnach agus náisiúnaithe i bhfách le cur chuige na hÉireann.

So, cá’l muid anois?

An rialtas Toraíoch i Westminster agus cuid den bhunaíocht eolaíochta atá fríd a chéile is cosúil faoin bealach is fearr chun cinn. Rialtas ó dheas a bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil siad ar an bhealach ceart sa deireadh.

Feidhmeannas i gCnoc an Anfa atá scoilte idir an dá chur chuige.

San idirlinn, tá an pobal ag déanamh cibé a chreideann siad a bheith lena leas. 

Tá ceannaithe áirithe ag baint buntáiste as an ghéarchéim ag ardú praghsanna ar pháipéar leithris agus ar dhíghalruithe láimhe - ach bunús na ndaoine, an “féin-aonrú” agus “ní ceart go cur le chéile” an falsúnacht atá acu a fhad’s atá siad ag fanacht ar eolaithe na cruinne teacht ar réiteach. 

San idirlinn, amach linn ag siúl nó ag rith; ag timireacht fan teach; tiomáint bheag a dhéanamh, amharc ar scannáin mhaithe.

Scríobh an t–úrscéal sin nó cum filíocht; foghlaim teanga eile nó cuir feabhas le do chuid Gaeilge; déan aclaíocht sa teach, labhair le do theaghlach nó le do chairde ar Skype, nó ar Whatsapp. 

Beidh an lá linn.