I bhfianaise an méid atá tithe amach sa tír le seachtain anuas, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta chun síneadh a chur leis an spriocdháta don chomórtas Croí an Chumainn.
“Tá sé molta ag na húdaráis sláinte dúinn uilig fanacht istigh más féidir, agus gan a bheith ag bailiú le chéile, agus ag teacht leis an treoir sin tá muid chun an comórtas a chur ar athló go fóill,” arsa urlabhraí.
“Fógróidh muid spriocdháta nua amach anseo, agus beidh deis eile ag clubanna a chur isteach air.
“Má tharlaíonn sé go bhfuil ábhar réitithe cheana féin ag clubanna don chomórtas, tá fáilte rompu a chur isteach air an tseachtain seo, ach beidh spriocdháta nua á fhógairt againn amach anseo, mar sin níl aon bhrú ar clubanna an t-ábhar a chur chugainn faoin 20 Márta.”
:: Is féidir aon cheist atá agaibh a chur chuig comortas@rte.ie