Irish-Language

Blosc: blag a thugann léargas Marxach dúinn ar an stair agus ar an am i láthair

<b>STAIR CHASTA: </b>L&eacute;ar&aacute;id &oacute; bhlag Fhearghal Mhic Bhloscaidh a l&eacute;ir&iacute;onn Eoin O&rsquo;Duffy, ch&eacute;ad uachtar&aacute;n ar Fhine Gael, &aacute; bheann&uacute; ag na L&eacute;inte Gorma agus na Ceithre C&uacute;irteanna faoi ionsa&iacute; ag f&oacute;rsa&iacute; an tSaorst&aacute;it
STAIR CHASTA: Léaráid ó bhlag Fhearghal Mhic Bhloscaidh a léiríonn Eoin O’Duffy, chéad uachtarán ar Fhine Gael, á bheannú ag na Léinte Gorma agus na Ceithre Cúirtean STAIR CHASTA: Léaráid ó bhlag Fhearghal Mhic Bhloscaidh a léiríonn Eoin O’Duffy, chéad uachtarán ar Fhine Gael, á bheannú ag na Léinte Gorma agus na Ceithre Cúirteanna faoi ionsaí ag fórsaí an tSaorstáit

DÚIRT NOAM Chomsky tráth gurbh é an dóigh ba chliste le daoine a choinneáil géilliúil  agus umhal ná srian a chur ar an réimse barúlacha a bhí inghlactha ach díospóireachtaí bríomhar a cheadú taobh istigh den réimse chúng sin.

xIs ann a gheobhaidh tú peirspictíocht Mharxach ar an stair agus ar chúrsaí reatha agus ar na buanna is fearr atá sa bhlag, tá sé thar a bheith soléite, na haistí scríofa le léargas, le léann agus, in amanna, le greann.

Is múinteoir staire i gColáiste Feirste agus i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire é Fearghal Mac Bhloscaidh a bhfuil trí leabhar staire scríofa aige anuas ar an iliomad altanna agus léirmheasanna.

Aontaíonn Fearghal go bhfuil srian á chur ar an dioscúrsa poiblí.

“Tá rud ann darb ainm “fuinneog Overton” a chuimsíonn na rudaí a bhfuil cead ag daoine iad a rá agus

na rudaí eile atá coinnithe taobh amuigh den díospóireacht. 

“Nuair a thit Balla Bheirlín in 1989, mhaígh daoine go raibh deireadh leis an stair, go raibh an díospóireacht thart i dtaca le todhchaí an domhain agus go gcaithfeadh muid glacadh leis an saol mar a bhí sé, agus tá muid ag amharc ar na himpleachtaí a bhaineann leis an dearcadh sin, fud fad na cruinne agus an nua-liobrálachas i réim,” arsa Fearghal.

Measann sé go bhfuil muid sáite sa mheon sin in Éirinn fosta agus nach bhfuil sé ceadmhach labhairt ar chúrsaí cothromais agus gur drochfhocal atá sa “sóisialachas” ach mothaíonn sé go bhfuil athrú san aer.

“Mar gheall ar an Bhreatimeacht, mar gheall ar athruithe déimeagrafacha, ní shílim go bhfuil muid i bhfad o dhíospóireacht leathan ar an chineál tíre a ba mhaith linn san am atá le teacht,” ar sé ach mothaíonn Fearghal nach bhfuil muid, mar phobal, uaillmhianach go leor.

“Tá práinn ollmhór leis an athrú aeráide agus caitheann muid aghaidh a thabhairt air sin.

“Sílim go dtiocfadh le cúpla rud tarlú, todhchaí forásach ceart a thógáil nó thiocfadh le rudaí dul in olcas le muid a thabhairt ar ais go dtí na 1930idi nó na 1940idí.

“Dúirt Marx gur tragóid atá sa chéad timthriall den stair agus gur farce atá sa dara timthriall.

“Tá sé sin le feiceáil in iompar Boris Johnson agus na liúdramáin thart air ach tá sé thar a bheith contúirteach ag an am céanna,” arsa Fearghal.

Baineann na hailt atá in Blosc

le cúrsaí reatha, leis an stair agus leis an oideachas agus tá an tEoghanach ag dúil le alt seachtainiúil a scríobh, idir Ghaeilge agus Bhéarla.

Deir sé nach bhfuil sé ag iarraidh a dhéanamh ach an fhírinne mar a fheiceann sé í a chur ar fáil.

“Tá dualgas orainn, is dócha, an fhírinne a rá agus an fhírinne lom atá ann ná go bhfuil an oiread sin forbartha déanta ar an chaipitleachas go bhfuil sé a ithe féin, ag síor-bhogadh ó ghéarchéim go géarchéim,” ar sé.

“Ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, in iarthar na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe go dtí pointe mhothaigh an stát go raibh orthu sochaí níos fearr a chruthú. Fiú LBJ, nuair a bhí sé ag marú na milliún i Vítneam, bhí seisean ag caint ar “an sochaí mhór.”

“Ó tháinig an nua-liobrálachas i réim, tá an t-indibhidiúlachas i gcroí gach rud agus na tréithe is fearr den chine daonna a ghlanadh amach.

“Tá an leigheas le fáil san oideachas má thugann muid na huirlisí do pháistí idirdhealú a dhéanamh idir an bhréag agus an fhírinne.

::  Is féidir teacht ar bhlag Fheargail ag blosc.wordpress.com.

Beidh mé féin ag cur agallaimh ar Fhearghal ag seoladh poiblí an bhlaig i nGael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna Dé Máirt seo chugainn (3 Márta) ag toiseacht ar a 12:30pm.