Irish-Language

An Chatalóin – tír álainn a bhfuil a todhchaí idir dhá cheann na meá

<b>HOMAGE TO CATALONIA: </b>Radharc &aacute;lainn ar Girona agus an abhainn Onyar a th&eacute;ann fr&iacute;d
HOMAGE TO CATALONIA: Radharc álainn ar Girona agus an abhainn Onyar a théann fríd

Bhain na mothúcháin láidre a bhí i nglór an chailín tábhairne geit asam agus í ag caint liom i mbeár in Barcelona an tseachtain seo ar an ghéarchéim sa Chatalóin.

“Riamh anall,” ar sí, “bhí mise bródúil a rá gur Spáinneach agus gur Catalóineach mé.

“Tá cultúr ársa luachmhar ag na Spáinnigh agus tá an Spáinnis agus an Chatalóinis ar mo theanga agam.

“Ach anois ní bhreathnaím orm féin anois ach mar Chatalóineach i ndiaidh na n-uafás a rinne na Spáinnigh le linn an reifrinn in 2007,” ar sí agus gráin ina gnúis.

Maidin inniu agus tá mé ar mo bhealach ar ais ón Chatalóin i ndiaidh seachtain a chaitheamh in Girona, in Reus agus in Barcelona, cathracha galánta 

grianmhara, ina bhfuil daoine forbhfáilteacha, bia den scoth agus foirgnimh de dhéantús Gaudí agus ailtirí móra Spáinneacha eile.

Ach tá scamaill dhubha mheafaracha sa spéir anois.

In 2017, reáchtáil rialtas na Catalóine, an Generalitat, reifreann ar neamhspleáchas don limistéar i dtuaisceart na Spáinne.

Bhí an reifreann féin conspóideach mar chinn rialtais Maidrid go raibh sé mídhleathacha agus in éadan bhunreacht 1978 agus nár cheart do dul ar aghaidh.

Bhí rialtas agus independistas na Catalóine tiomanta go rachadh sé ar aghaidh ach brúidiúlacht mhór ón Guardia Civil, fórsa póilíneachta stát na Spáinne an freagair a fuar siad.

Is iomaí rud a scarann an Chatalóin ón Spáinn.

Bhí na Catalóinigh i gcónaí ar an eite chlé, tráth a raibh an rialtas lárnach i Maidrid ar an eite dheas, le linn na deachtóireachta agus ina dhiaidh.  

Le linn cogadh cathartha na Spáinne, throid poblachtánaithe na Catalóine go láidir in éadan na faisisteachais faoi stiúir Francisco Franco, scéal a d’inis an scríbhneoir Sasanach George Orwell ina leabhar Homage to Catalonia.

Déantar dearmad nó fios chomh fuilteach is a bhí Cogadh Cathartha na Spáinne.

Ní fios cá mhéid duine a maraíodh lena linn ach meastar go bhfuil 3.000 olluaigh fud fad na Spáinne. 

Táthar ag toiseacht na huaigheanna seo a dhí-adhlacadh, 740 acu go dtí seo ach meastar go bhfuil tuairim’s ar 114,000 corp in 2,500 olluaigh eile.

Agus mé agus mo chairde in Reus, thug muid cuairt ar tolláin a tógadh i lár na cathrach le go mbeadh cosaint ag daoine nuair a leag eitleáin na Naitsithe agus na nIodálach buamaí ar an chathair mar chúltaca ag réimeas Faisisteach Franco agus mar thurgnamh ar na hairm úra a bhí acu, buamáil ón aer ach go hairithe.

Ní nach ionadh go bhfuil an oiread sin dáimhe ag muintir na háite leis an Phoblacht. Ní nach ionadh go seachnaíonn siad cumhacht na Spáinne idir a rialtas agus  rí.  

Le linn ré Franco a mhair idir 1939 agus 1975, cuireadh daoine i bpríosún cionn is gur labhair siad an Chatalóinis, mar sin, de réir a cheile, is lú a mhothaigh muintir na Catalóine gur Spáinnigh iad agus gur láidre a d’éirigh a bhféiniúlacht náisiúnta féin.

In 2008, tháinig an géarchéim eacnamaíochta, tubaiste a bhuail an Chatalóin go trom.

Mar a dúirt an treoraí a thug ar thuras muid thart ar an Barri Gotic in Barcelona:

“Lá amháin, dúirt na Catalóinigh go raibh a sáith acu, nach raibh siad ag iarraidh airgead a thabhairt do thír nár mhothaigh siad mar chuid di nó do rialtas a rinne cos ar bolg orthu.

“Bhí siad ag iarraidh go mbeadh siad cosúil le hAndora - tír bheag, shaibhir agus chumhachtach,” ar sí.

Ar ndóigh, ní raibh na Spáinnigh ag dul a thabhairt cead don Chatalóin Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach a dhéanamh. Dá ndéanfadh siad sin, dhéanfadh Tír na mBascach an rud céanna agus thosódh an Spáinn ag titim as a chéile.  

Ach sheas na scarúnaithe an fód agus chuir “mapa bóthair” le chéile a mbeadh an neamhspleáchas mar cheann scríbe aige.

Ar an 1 Deireadh Fómhair, reáchtáil siad an reifreann a luaigh mé níos luaithe. Vótáil 92% de na daoine a chaith vóta ar son an neamhspleáchais.

Ach ní sin an scéal iomlán.

Ba bheag an tinreamh a chaith vóta - 42% den daonra - agus bhí daoine eile buartha faoi chúrsaí eacnamaíochta.

Le bheith i do bhall den Aontas Eorpach, bheadh cead isteach de dhíth ó gach uile bhallstát den Aontas agus ní thabharfaidh an Spáinn an cead sin don Chatalóin choíche go deo.

Cad é mar a thiocfadh leis an Chatalóin mairstin gan a bhith mar chuid den mhargadh ollmhór seo? 

D’fhógair rialtas na Spáinne go raibh an reifreann mídhleathach agus in éadan na bunreachta.

Chuir siad naonúr ceannairí de chuid na scarúnaithe i bpríosún agus tá daoine eile ar deoraíocht, an t-iarUachtarán, Carles Puigdemont agus Clara Ponsati, iar-Aire Oideachais, ina measc.

Agus muid ag taistil na tíre, bhí bratacha na Catalóine, bratacha eile ag éileamh neamhspleáchais, agus ribíní buí mar thacaíocht do na Presos Polítics, príosúnaithe polaitíochta.

Mar a dúirt an treoraí: “is cuma cé acu, tá tú i bhfách leis an neamhspleáchas nó ina éadan, tá an deachtóireacht imithe agus ní thig linn a bhith ag cur daoine i bpríosún mar gheall ar a ndearcadh polaitíochta,”

Bhí sé d’ádh orm bheith ag an Camp Nou le breathnú ar Barcelona ag bualadh Inter Milan 2-1 oíche Chéadaoine.

Ag 17.14 bomaite sa chead agus sa dara leath, thosaigh lucht leanúna Barça ag ceol Amhrán an Neamhspleáchais. Seo tagairt don bhliain 1714 nuair a chaill an Chatalóin a neamhspleáchas.

Tá an Chatalóin in cineál liombó faoi láthair, daoine  doicheallach faoi cibé atá beartaithe ag rialtas na Spáinne.

Beidh a fhios againn na téarmaí príosúnachta a ghearrfar ar cheannairí ghluaiseacht an neamhspleáchais taobh istigh de chúpla lá agus tá sé beartaithe slua de shaighdiúir agus de phóilíní a chur go bailte na Catalóine le aghaidh a thabhairt ar an easumhlaíocht shibhialta (civil disobedience) atá beartaithe ag polaiteoirí.

Bhí muid i láthair ag léirsiú a raibh sean tuismitheoirí cruinn le cheile le saoire don Chatalóin a éileamh

Seo daoine a mhair nó ar mhair a thuismitheoirí fríd réimeas Franco.

Beidh ar rialtas na Spáinne bheith airdeallach nach leanann siad an sean-mhúnla a chleacht na Faisistigh an céad seo caite.

Níl duine ar bith ag maíomh go mbeidh na holluaigheanna in úsáid arís ach tá sé léirithe ag an stair nach dtig leis an cos ar bolg mairstin i rith an ama.

Agus beidh ar na independistas oibriú amach go beacht cad é an cineál tíre atá de dhíobháil orthu sula n-iarrann siad neamhspleáchas arís.