Irish language

Maireann an dea-chaidreamh idir lucht na Gaeilge agus Preisbitéirigh

AN DR EAMON PHOENIX: Tá sé go hiontach mar a thig leis an staraí aitheanta beocht agus beatha a chur i saol na haimsire anallód 
Robert McMillen

Categories

AGUS AN diúltachas seo uilig faoin Ghaeilge atá á chraobh-scaoileadh, bhí sé de phléisiúr agam freastal ar dhá chaint Dé Céadaoin ag an bheirt scoláire is mó a bhfuil meas agam orthu. an Dr Eamon Phoenix agus an tOllamh Alan Titley.

Reáchtáladh caint Eamon Phoenix le ceiliúradh a dhéanamh ar bhronnadh an Bhíobla a bhí in úsáid san eaglais Preispitéireacha a ndearnadh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich di.

Bronnadh an Bíobla féin ar an eaglais ar lá a hoscailte, 9 Mean Fómhair 1896 nuair a bhí go leor tithe pobail Protastúnacha ar Bhóthar na bhFál.

Gníomh cineálta muintearais a bhí ann ag cur i gcuimhne go raibh 600 teaghlach Preispitéireach ag freastal ar an eaglais go dtí gur tháinig na Trioblóidí. Druideadh mar eaglais í i 1982 ach ba léir an deá-chaidreamh idir iar-chuallacht Broadway Presbyterian Church agus lucht na Cultúrlainne.

Bhí an halla pacáilte le daoine, Preispitéirigh sa chuid is mó, agus ní nach ionadh mar chuir Eamon pearsaí móra i stair na bPreispitéireach a raibh dáimh acu leis an Ghaeilge os ár gcomhair mar a bheadh siad beo fós agus ina suí inár gcuideachta.

Luaigh sé an chéad Bhíobla Gaeilge de chuid Bedell sular thaispeáin sé dúinn Bíobla Protastúnach Gaeilge a shin-seanathair, bronntanas óna bhean, ba léir.

Go dtí 1791 a chuaigh Eamon le hinse dúinn faoi na hÉireannaigh Aontaithe - Preispitéirigh an uile dhuine acu - Thomas McCabe a throid in éadan cumann sclábhaíochta bheith bunaithe i mBéal Feirste: Henry Joy McCracken, fear a bhí gaolta le muintir Joy a bhunaigh an Belfast News Letter - ach chomh maith le bheith ag iarraidh leasuithe a bhaint amach i rialú na hÉireann, ní réabhlóid ag an phointe seo, chuir siad suim i gcultúr na hÉireann.

Faoi choimirce na radacach Preispitéireacha seo a reáchtáladh Féile na gCruitirí sna Assembly Rooms i mBéal Feirste agus, a bhuíochas do Edward Bunting, sábháladh cuid mhór de cheol ársa na hÉireann, faoin a chluin muid inniu féin.

Chuir an meánaicme Protastúnach suim sa teanga fosta agus d’fhostaigh siad leithéidí Patrick Lynch as Loch an Oileáin mar mhúinteoir in Acadamh Bhéal

Feirste agus le lámhscríbhinní a bhailiú.

Nuachtán na nÉireannach Aontaithe, The Northern Star, d’fhoilsigh siadsan an chéad irisleabhar riamh i nGaeilge, Bolg an tSolair.

I ndiaidh theip Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe, cuireadh Acht an Aontais i bhfeidhm ach chuir Eamon ar ár súile dúinn go raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga mháthartha i ngach contae i gCúige Uladh agus lean an dáimh a bhí ag Preispitéirigh léi.

Bhí The Marquis of Downshire i measc na ndaoine a bhunaigh Cuideacht Ghaeilge Uladh sna 1850idí agus ag deireadh an 19ú haois ar ndóigh a bunaíodh Conradh na Gaeilge.

Ó thuaidh, d’fháisc an Conradh as an Belfast Naturalist Field Club, ar Protastúnaigh iad a mbunús agus, iontach go leor, reáchtáladh cruinniú bunaithe an Chonartha ar Bhóthar Beersbridge in oirthear na cathrach. 

I measc na mball, bhí Frances Joseph Biggar, John Sinclair Boyd  agus RR Kane (“that stout defender of Orangeism a bhí ina chathaoirleach ar Chonradh na Gaeilge  i mBéal Feirste agus ina Ardmháistir ar an Ord Oráisteach ag an am céanna!).

Ar cheann de na himeachtaí ba mhó tábhacht san aois seo caite, bhí Feis na nGleann, ócáid a raibh sé mar aidhm aige cultúr a nGleann a chaomhnú.

Chuir an Dr Phoenix i gcuimhne don lucht éisteachta gur ó Gharbhchríocha agus ó oileáin na hAlban  a tháinig cuid mhór de mhuintir na nGlinntí, rud atá le sonrú sna sloinnte atá ar chuid acu.

Thagair sé do Margaret Dobbs, do Rose Young agus d’Ada McNeill, triúr Phrotastúnach a chuir an-suim sa Ghaeilge cé gur de chúlra Aontachtach iad an triúr.

An dream seo uilig, bhunaigh siad an nasc le Gaeltacht Thír Chonaill atá beo go fóill ar ndóigh.

Ar an drochuair, nuair a tháinig aimsir na Réabhlóide, laghdaigh an tsuim a bhí ag Preispitéirigh sa Ghaeilge.

I measc na bpearsaí eile a luaigh Eamon, bhí Earnán de Blaghd agus Sean Lester.

Mheas de Blaghd go raibh sábháil na teanga níos tábhachtaí na deireadh a chur leis an teorann.

Sna 1950í bhíodh ranganna Gaeilge sa YMCA i mBéal Feirste agus bunús na bhfoghlaimeoirí, ba Protastúnaigh iad agus bhíodh Protastúnaigh ag freastal ar ranganna Gaeilge i gCumann Chluain Ard agus in áiteanna eile sa chathair.

Inniu, tá suim as cuimse ag cuid mhór mhór Protastúnach sa teanga.

 

:: CUIR i gcas gur éirigh leis na hÉireannaigh Aontaithe in Éirí Amach 1798 agus gur bhain siad neamhspleáchas polaitiúil amach d’Éirinn? Cad é mar a bheadh Éire an lae inniu?

Sin an cheist a chuir Alan Titley agus é ag caint i nGael-Ionad Mhic Ghoill ar Bhóthar na Carraige Báine i mBéal Feirste oíche Chéadaoine, mar chuid de cheiliúradh Bhliain na Gaeilge de chuid Ghlór na Mona.

Bhí an bhéim ar an Ghaeilge i gcaint Alan agus thosaigh sé ag cur síos ar leabhair a tháinig amach le cúpla bliain anuas a chuir in iúl nach raibh an teanga chomh lag agus a chreideann daoine.

Bhí sí beo beathach go dtí deireadh na 18ú haois ach tháinig titim tubaisteach ar líon na gcainteoirí sa 19ú haois agus ar aghaidh.

Ach seans mór go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga na ndaoine dá mbeadh féin-riail i bhfeidhm.

Chuir Alan i gcuimhne dúinn nár tharla gorta riamh i dtír ar bith a bhí daonlathach. Bhí gortaí i dtíortha a bhí faoi impireacht éigin - na Sasanaigh in Éirinn agus san Ind, na Francaigh in oirthear na hAfraice agus san Ind-Sín.

Mar sin, dá mbeadh féin-riail ag na hÉireannaigh, an dtarlódh an Gorta Mór.

Léiríonn daonáireamh 1841 go raibh 8,175,124 beo in Éirinn ach 40 bliain níos maille, bhí 5,174,836 beo inti, titim trí mhilliún, ar Ghaeilgeoirí iad a mbunús.

An chuid a tháinig fríd an Ghorta, chuaigh fir óga amach le bheith ag troid ar son impireachtaí ar fud na cruinne. 

Ní tharlódh sé sin dá n-éireodh le Wolfe Tone agus a chomrádaí an daonlathas a chur i bhfeidhm in Éirinn.

Cé nárbh í an Ghaeilge an rud ba thábhachtaí ag réabhlóidithe 1798, bhí Gaeil na tíre go mór ar a son mar chonaic siad gur buille ar son saoirse a bhí ar bun acu. 

Chomh maith, bhí Gaeilge in úsáid ar bhonn laethúil ag na teaghlaigh mhóra - muintir Uí Chonaill i gCiarraí mar shampla (ainneoin an Fhuascailteora) agus leanfadh sé sin ar aghaidh i ndiaidh 1798.

Bheadh na hainmneacha Gaeilge ar dhaoine fós, bheadh Ó Donnchadha agus Mac an Iomaire agus sloinnte breátha eile orainn.

Ní bheadh muid ag iarraidh Acht Gaeilge mar bheadh an Ghaeilge mar atá an Danmhairgis nó an Ungairis nó teanga “bheag” ar bith eile ar domhan.

Tá siad ag freastal ar ranganna mar nár fhreastal siad riamh roimhe mar sin, bíodh muid ag craobhscaoileadh fíricí faoin teanga agus ní an t-aineolas a bhfuil muid cleachtaithe leis.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Categories

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: