Irish-Language

Áiteanna le bheith ag meabhrú orthu do laethanta saoire 2018

<strong><span style="line-height: normal; font-family: Helvetica;">B&Oacute;THAR M&Oacute;R BA</span></strong><span style="line-height: normal; font-family: Helvetica;">:</span> T&aacute; 14-l&aacute;na in Avenida 9 de Julio in Buenos Aires at&aacute; baiste as L&aacute; N&aacute;isi&uacute;nta na hAirgint&iacute;ne, 9 I&uacute;il, 1816
BÓTHAR MÓR BA: Tá 14-lána in Avenida 9 de Julio in Buenos Aires atá bai BÓTHAR MÓR BA: Tá 14-lána in Avenida 9 de Julio in Buenos Aires atá baiste as Lá Náisiúnta na hAirgintíne, 9 Iúil, 1816

NÍL CRAIC ar bith ag baint leis an chéad seachtain ar ais ar obair ach ar a laghad, thig linn bheith ag meabhrú ar laethanta saoire a chuirfidh an aimsir fhuar seo go cúl na hintinne.

Má tá tú ag iarraidh theacht ar smaointe úra d’eachtraíochtaí thar lear, ar feadh dheireadh seachtaine féin, is cinnte go mbeidh sladmhargaidh corraitheacha ar fail in 2018.

Seo chugaibh cuid acu:

Buenos Aires, An Airgíntín

Má tá tú ag iarraidh theacht ar chathair úr le taiscéalaíocht a dhéanamh ann, mholfainn go mór príomhchathair na hAirgintíne.

Bhí an t-am ann agus turasóirí mála droma nó daoine a raibh cuid mhór ama saoir acu na daoine is mo a chuaigh go Meiriceá Theas ach inniu, is féidir dul ann ar feadh thréimhse ghairid féin.

Tá British Airways ag dul ann cheana ach tá Norwegian ag ofráil eitiltí anois ar an mhargadh costas íseal.

Ar an 14 Feabhra, seolfaidh an t-aerlíne eitiltí díreacha ó Gatwick go Buenos Aires.

Chomh maith le deoch agus bia meallacach ar nós stéigeanna agus Malbec ag parrillas (gríosclanna) ar nós Don Julio (parrilladonjulio.com), thig leat breathnú ar áras ceoldrámaíochta an Teatro Colon (teatrocolon.org.ar/en) nó thig leat stair an tangó a fhoghlaim ag an Carlos Gardel House Museum (museo-casa-carlos-gardel.business.site).

Níos maille i mbliana, seolfaidh fochomhlacht de chuid Norwegian eitiltí go dtí áiteanna taobh istigh den Airgintín, go Patagonia, glacaim leis.

Ofrálann Norwegian (norwegian.com) eitilt ó Londain go Buenos Aires ceithre huaire sa seachtain, ó £283.80 gach bealach.

Picos de Europa, An Spáinn

Céad bliain ó shin, ainmníodh an raon seo a cheanglaíonn sléibhte in Cantabria, Asturias agus Castilla y Leon mar an chéad pháirc náisiúnta san Eoraip.

20 ciliméadar ó chósta thuaidh na Spáinne agus áirítear i measc cheann de na limistéir fhiántais is áille sa tír.

Tá sléibhte aolchloiche, foraoiseanna a théann isteach sna scamaill agus oighearshruthanna ollmhóra mar chuid den limistéar 300 míle cearnógach atá iontach fóirsteanach do shiúlóidí éasca gach lá.

Anuas ar na tírdhreacha áille, gheobhaidh tú deiseanna iolair fhíréana (golden eagles), capaill fhiáine, agus (má tá an t-ádh dearg ort) béar donn Chantabria a fheiceáil.

Ofrálann Pura Aventura (pura-aventura.com, 01273 676712) turas seacht n-oíche ar teideal Picos de Europa Inn to Inn ó £1,050 an duine.

Dùn Deagh, Alba

Bhí mé i nGlaschú ag tús na bliana seo agus chuir sé iontas orm an oiread sin ealaíne a bhí le feiceáil sa chathair ach tá iomaíocht ag an cathair ar an Chluaidh i nDùn Deagh agus an V&A Museum of Design Dundee (vandadundee.org) ar an bhealach go mall an samhradh seo mar chuid de fhorbairt uaillmhianach £1billiún cois na habhna, an Tatha.

Is e seo an chéad iarsmalann dá mhacasamhail in Albain agus is ann a bheidh buantaispeántas a léireoidh stair an deartha sa tír, ó Charles Macintosh, an fear a chéadcheap éadaigh uiscedhíonach go dtí Ian Callum a d’oibrigh ar dearadh leis an comhlacht déanta gluaisteán, Jaguar - agus beidh taispeántais soghluaiste á n-eagrú acu chomh maith.

In 2018, beidh an chathair ag ceiliúradh na nascanna atá aige le Mary Shelley, an bhean a scríobh an t-úrscéal Gotach Frankenstein a foilsíodh den chéad uair 100 bliain ó shin.

Beidh deis agat siúl ar na sráideanna ar chuir sí síos orthu ina leabhar clúiteach.

ar thuras treoraithe dar teideal Dark Dundee (darkdundee.co.uk). 

Learpholl, Sasana

Tá 12 mhí d’imeachtaí cultúrtha beartaithe don chathair cois duganna i mbliana.

Ar na hábhair is mó a bhfuil daoine ag caint air, tá an tArm Terracotta as Xi’an atá ar a mbealach go Learpholl.

Le corradh agus 2,000 bliain, tá na dealbha seo mar gharda ar thumba Chéad Impire na Síne, Qin Shi Huang in X’an i lár na Síne ach idir an 9 Feabhra go dtí an 28 Deireadh Fómhair, beidh siad mar chuid de thaispeántas in Iarsmalann na Cruinne (liverpoolmuseums.org.uk/wml/) a chuirfidh síos ar cheann de na fionnachtain seandálaíochta is iontaí riamh.

Ar bhuaicphointí eile na bliana seo chugainn i Learpholl, beidh an chathair ag ceiliúradh 10 mbliana ó bhí sí mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa; beidh The Liverpool Biennial of contemporary art ar siúl idir an 14 Iúil- 28 Deireadh Fómhair), agus beidh Tate Liverpool ag ceiliúradh a 30ú lá breithe.

Nashville, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Is cuma cé acu tá suim agat sa cheol nó nach bhfuil, is cathair thar a bheith tarraingteach í príomhchathair Tennessee.

Cinnte, cluinfidh tú trampáil buataisí buachaillí bó ar an urlár i mbeáranna plódaithe ina bhfuil an ceol go hiontach ach tá i bhfad níos mó i Nashville (nó “Nowville” mar a bhaist American GQ air) ná an ceol amháin.

Tá clú ar an chathair chomh maith mar gheall ar an bhia, ó bheilte traidisiúnta dheisceart na Stát Aontaithe go dtí claisicí cruthaitheach gourmet i gceantracha athbheoite 12 South agus East Nashville atá ag tarraingt clientele hipster.

Mar thoradh ar an tsuim úr atá á léiriú i Nashville, tá British Airways ag cur tús le heitiltí díreacha ar an 4 Bealtaine agus cúig eitilt sa seachtain ina dhiaidh sin, ó  £499 ar thuras pillte.

Akureyri, An Íoslainn

Tá an Íoslainn ar na fiántais a bhfuil an ráchairt air ag méadú bliain i ndiaidh bliana ach anois, tá daoine níos sásta dul taobh amuigh de  Reykjavik.

I mí Eanáir, tá Super Break ag seoladh eitiltí díreacha go hAkureyri ó Chaerdydd agus ó Dhún Éideann; ó mhí Feabhra, imeoidh na heitiltí ó aerfoirt i Sasana.

Is é Akureyri an dara cathair is mó san Íoslainn agus ar na gaobhair, tá Dettifoss, an t-eas is cumhachtaí san Eoraip; an fhoirmíocht laibhe Dimmuborgir agus Folcadáin Nadúrtha Myvatn atá cosúil leis an Mhurlach Ghorm ach gan an oiread ceanna turasóirí ann.

Tá gach eolas ar fáil ó superbreak.com