Irish-Language

Scannán faoin chine dhubh i Meiriceá a ligeann dúinn meabhrú orainn féin

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">LAOCHRA: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">Ins&iacute;onn an scann&aacute;n </span><i style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">I Am Not Your Negro</i><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; "> sc&aacute;al an chaidrimh a bh&iacute; ag an scr&iacute;bhneoir James Baldwin le tri&uacute;r laochra de chuid an chine dhuibh le linn na streachailte do chearta daonna I Meirice&aacute; sna 1960id&iacute; - Martin Luther King (</span><i style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">thuas</i><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">), Malcolm X agus Medgar Evers, tri&uacute;r a mara&iacute;odh mar gheall ar an obair a bh&iacute; ar bun acu</span>&nbsp;
LAOCHRA: Insíonn an scannán I Am Not Your NegroLAOCHRA: Insíonn an scannán I Am Not Your Negro scáal an chaidrimh a bhí ag an scríbhneoir James Baldwin le triúr laochra de chuid an chine dhuibh le linn na streachailte do chearta daonna I Meiriceá sna 1960idí - Martin Luther King (thuas), Malcolm X agus Medgar Evers, triúr a maraíodh mar gheall ar an obair a bhí ar bun acu 

Medgar Evers (Iúil 2, 1925 – Meitheamh 12, 1963, maraithe ag Byron De La Beckwith

Malcolm X (Bealtaine 19, 1925 – Feabhra 21, 1965, maraithe ag tríur ball de Náisiún Ioslam

Martin Luther King Jr. (Eanáir  15, 1929 – Aibreáin 4, 1968, maraithe ag James Earl Ray

Tá Cumann na gCeart Sibhialta o thuaidh á thabhairt ar ais chun cuimhne 50 bliain i ndiaidh a bhunaithe i 1967. 

Mar a scríobh Eamon Phoenix ar an nuachtán seo, bhain an cumann níos mó amach do náisiúnaithe in 45 lá ná mar a baineadh amach le 45 bliain roimhe.

Ach ó tharla nár baineadh ach fíorbheagán amach o bunaíodh an stát i 1921, níl an t–éacht chomh hiontach sin uilig.

Cinnte, cuireadh deireadh leis an claonroinnt (gerrymandering), bunaíodh Feidhmeannas Tithíochta Thuaisceart Éireann le deireadh a chur leis an leatrom i gcúrsaí tithíochta, rinneadh leasú ar chóras an rialtais áitiúla agus cuireadh deireadh leis an fhórsa paraimíleatach, na B-Speisialaigh.

Ach an bhfuil náisiúnaithe níos fearr as inniu ná mar a bhí siad leathchéad bliain ó shin?

Sin an smaoineamh a bhí ag dul fríd m’intinn agus mé ag breathnú ar I Am Not Your Negro atá le feiceáil i QFT an tseachtain seo.

Tá an scannán bunaithe ar leabhar nár chríochnaigh an scríbhneoir Afrai-Mheiriceánach, James Baldwin.

Bhí Remember This House le bheith mar bhailiúchán de chuimhní cinn Baldwin ar thriúr cara dá chuid, triúr a maraíodh mar Medgar Evers, Martin Luther King agus Malcolm X ach níor chríochnaigh Baldwin ach 30 leathanach den leabhar nuair a fuair sé féin bás i 1987.

Is é atá déanta ag an scannánóir, Raoul Peck an leabhar sin a chríochnú fríd fhocail Baldwin ó leabhair agus ó chainteanna eile chomh maith le hagallaimh teilifíse leis an údar.

Bhí Baldwin ina scríbhneoir, ina dhrámadóir, agus ina thráchtaire aitheanta ar an caidreamh idir ciníocha i Meiriceá ach léiríonn an scannán an dearcadh a bhí ag an chine gheal le linn na streachailte do Chearta Sibhialta.

Chuir sé ag smaoineamh mé ar na Protastúnaigh sin a bhí sásta faoi réimeas Stormont nuair a bhí leatrom a imirt ar Chaitlicigh na Sé Chontae? Ar dhrochdhaoine iad? Ar íobartaigh iad féin? Arbh ionann an fuath/eagla a spreag Aontachtaithe i gcuideachta le fórsa póilíneachta na linne, an RUC, le mórshiúl ar son Cearta Sibhialta a ionsaí ag Bun Tolaide?

D’fhás Baldwin aníos i Nua Eabhrac ag breathnú ar bhuachaillí bó agus ar Indiaigh ar an teilifís. Níos maille, d’aithin sé gurbh ionann na hIndiaigh agus a cine féin.

Sin ráite, deir sé go raibh difir idir é féin agus, cuir i gcas, na Black Panthers, cionn is nár chreid sé gur “diabhail” a bhí i ndaoine dubha.

Léiríonn I Am Not Your Negro na scoilteanna a bhí i ngluaiseachtaí cearta sibhialta i Meiriceá sna 1960í.

Mar shampla mhaígh Malcolm X gur “Uncle Tom” a bhí in Martin Luther King, go raibh sé róbhog agus gur cheart do dhaoine dubha iad  féin a chosaint in éadan  fhoréigean an státchórais agus in éadan foréigean fisiciúil na bpóilíní.

An bhféadfaí a rá gur bhain MLK an argóint agus gur sin an fáth nach raibh leithéidí na dTrioblóidí ar siúl i Meiriceá mar bharr ar an streachailt ar son cearta daonna. 

Inniu, ceiliúrtar Martin Luther King Day agus ní Malcolm X Day.

Cáineann Baldwin na heagraíochtaí reiligiúnda cionn is nach raibh siad dáiríre faoin tsoiscéal, níor thaitin an NCACP (National Association for the Advancement of Coloured People) leis as siocair é bheith ceangailte go dlúth leis an chóras aicmeach.

Ni raibh suim acu sna “shoe-shine boys” cosúil leisean, a dúirt sé.

Ní nach ionadh - agus cairde mar sin aige - gur theith Baldwin chun na hEorpa le himeacht ón mire. Ach thug sé sin buntáiste dó, dalta chuid mhór de scríbhneoirí na hÉireann, bhí sé in ann amharc isteach ar a raibh ag dul ar aghaidh ón taobh amuigh.

Agus chonaic sé fathaigh  an chine dhuibh, dá éagsúlacht iad, á marú de réir a chéile.

Cé nár aontaigh sé le gach duine acu, cairde a bhí in Malcolm X, Medgar Evers agus Martin Luther King. D’admhaigh Baldwin nach raibh sé i measc na ndíograiseoirí  mar sin, bhí sé de dhualgas orthu a scéal a inse ina chuid scríbhneoireachta.

Tá an scannán seo dílis don scríbhneoireacht sin.

Chonaic Meiriceá bán iad féin in amhráin Doris Day; chonaic an chine dubh iad féin in amhráin Ray Charles.

Bhí foréigean an chine dhuibh scanrúil ach bhí foréigean an chine bháin inchosanta go dtí gur baineadh an argóint agus d’aithin an státchóras nárbh fhéidir leanstan ar aghaidh leis an idirdheighilt idir na ciníocha.

Ach inniu féin agus Uachtarán dubh i ndiaidh a bheith i gceannais ar Mheiriceá, an bhfuil a dhath athraithe? 

Cad chuige a bhfuil eagraíochtaí mar Black Lives Matter ann? Cad chuige a raibh círéibeacha in Ferguson? Cad chuige a bhfuil níos mó fir dhubha i bPríosún i Meiriceá ná fir dhubha a bhí ina sclábhaithe i 1850?

An leor é i gcónaí an argóint a bhaint nó an tús gnímh é an bua sin?