Irish-Language

Níl a fhios ag aonduine fós cad é an costas a bheadh ar Acht na Gaeilge

<span class="s2">Bheadh costais le hAcht ach t&aacute; costais i bhfad n&iacute;os airde &aacute; n-&iacute;oc </span><span style="font-family: &quot;ITC Cheltenham&quot;; ">againn anois de bhr&iacute; nach bhfuil a leith&eacute;id againn dar le Pr&iacute;omhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller</span>
Bheadh costais le hAcht ach tá costais i bhfad níos airde á n-íoc againn anois de bhrí nach bhfuil a leithéid againn dar le Prí Bheadh costais le hAcht ach tá costais i bhfad níos airde á n-íoc againn anois de bhrí nach bhfuil a leithéid againn dar le Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller

Mar is eol do chách, ó bhí 2006 ann, tá gealltanas tugtha ag rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rìmhinn go dtabharfadh siad isteach Acht na Gaeilge do TÉ.

Faraor, níor chomhlíon an Ríocht Aontaithe an gealltanas sin go fóill, agus le titim an Tionóil ar na mallaibh, cluintear arís eile ó na páirtithe ceanna, na leithscéalta agus na tuairimí seicteacha a chuala muid deich mbliain ó shin.

Mar a rinneadh roimhe, eisíonn an DUP ráiteas ag cur in iúl nach raibh an DUP eolach ar an ghealltanas maidir le reachtú Acht na Gaeilge roimh phoibliú an Chomhaontaithe féin, agus go deimhin, nár léigh an páirtí mionsonraí an doiciméid. Más amhlaidh is fíor, b’aisteach an mhaise é.  Airíonn POBAL chomh maith, i ndiaidh d’Edwin Poots mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i 2007, an cheist seo a chur faoi bhráid an Tionóil (16 Deireadh Fómhair 2007) agus faoi bhráid an fhochoiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (25 Deireadh Fómhair 2007) gur leor é seo mar fhianaise ar dhlisteanach na coda seo den Chomhaontú. Mura raibh feidhm le gealltanas Chill Rímhinn, cén fáth a mbeadh gá le ráitis oifigiúla Aireachta a théann siar deich mbliain, ó Aire de chuid an DUP? 

Is léir nach bhfuil an Tionól i dteideal le gealltanas den sórt seo a chur ó mhaith agus nuair a dhiúltaigh an an tAire Poots dó i 2007, ba chóir go rachadh an cheist seo ar ais go Westminster láithreach bonn. Dar ndóigh, i mí Eanaír 2016 dhiúltaigh Feidhmeannas an Tionóil Comhaontú Chill Rìmhinn a chomhlíonadh agus na leithscéalta ceanna ó bhéal roinnt aontachtaithe. Níl aon chúis gan Acht Gaeilge cuimsitheach a reachtú.

Bhí an Roinn Cultúir féin freagrach as trí phróiseas comhairliúcháin a stiúradh ar an cheist seo i 2006, 2007 agus 2014. D’admhaigh an Roinn féin go raibh 99% de na rannpháirtithe sa chéad chomhairliúchán ar son reachtaíochta ceart-bhunaithe don Ghaeilge, bunaithe ar mholtaí POBAL. 

Ar 16 Samhain 2007, foilsíodh torthaí an dara comhairliúchán. As na 11,629 freagra a fuarthas, bhí 7,500 (68%) ar son na reachtaíochta.  Luaitear sa doiciméad go raibh móramh na n-eagraíochtaí Gaeilge ar son cur chuige ceart-bhunaithe agus go raibh níos mó béime ar chur chuige bunaithe ar scéimeanna ag áisíneachtaí stáit agus poiblí.  Is ionann sin is a rá, ar ndóigh, nár chuir na háisíneachtaí seo in éadan na reachtaíochta. Arís eile i 2015, léirigh 95% de na freagróirí tacaíocht do reachtaíocht ceart-bunaithe.

Agus líon chomh hard sin d’aighneachtaí ar son cur chuige POBAL sa doiciméad Acht Gaeilge TÉ Eis II, is fiú amharc ar impleachtaí na gcostas a dtiocfadh a bheith leis an Acht. 

Ní mór a rá ar an chéad dul síos, nach féidir costais reachtaíochta a thomhais gan fios a bheith ann cad iad na dualgais a leagtar amach san Acht féin. Caithfear a thuiscint chomh maith, nach i gcónaí é, an rogha is saoire an rogha is fearr. Dar linn, go fóill féin, faraor, is ceist mhothaitheach í an Ghaeilge agus ábhar tintí iomaíochta, agus bíonn iomrall gan chúis ar bharraíocht daoine faoin dóigh ar chóir caiteamh leis an Ghaeilge agus le Gaeilgeoirí agus ceisteanna eile.

Is beag, más ann dóibh, de choinníollacha na Breataine Bige, na hAlban nó an deiscirt a sheasann sna sé chontae i dtaca leis an Ghaeilge. Sa chineál sin timpeallachta, mar sin, tá an comhdhearcadh láidir nach n-éireodh ar chor ar bith leis an chineál cur chuige chomhoibrithigh riaracháin phleanáilbhunaithe a bhfuil siad i bhfách leis sa Bhreatain Bheag—níor leor a d’fhreagródh sé do riachtanais agus d’ionchais chainteoirí Gaeilge, agus ba rófhurasta a chríochnódh sé sa chineál frustrachais a chuirfeadh cúl ar an chaidreamh traspobail seachas cuidiú leis.

Mar sin, b’fhearr cur chuige ceartbhunaithe, ar nós an chinn ar glacadh leis, i gCeanada, mar shampla, agus i ndlínsí eile. Ba shoiléire i bhfad a thuigfeadh Gaeilgeoirí a gcearta, agus ba shoiléire fosta a thuigfeadh an mórphobal na cearta sin, rud a laghdódh, san fhadtréimhse, frustrachas agus contúirt na míthuisceana, agus leis sin, an teannas. 

Taobh amuigh de  na pointí seo, is é príomhchostas soláthar seirbhíse teanga mhionlaithe, costas shaothar an duine a chuireann an tseirbhís sin ar fáil, agus dá gcuirfí an tseirbhís ar fáil i dteanga an mhóraimh, chaithfí go fóill an tseirbhís a sholáthar. Bheadh gá le Gaeilgeoirí a earcú, ach ba sholáthraithe seirbhíse go fóill iad. Mar sin, is é an príomhdhúshlán earcú agus soláthar foirne agus ní, déanta na fírinne, fadhb chostais.

Tugann POBAL faoi deara roinnt gnéithe neamhghnácha leis na ráitis diúltacha is déanaí maidir le costais réamh-mheasta na reachtaíochta. Is cosúil nach gné choitianta de ráiteas oifigiúil den chinéal seo é, gan luachanna agus torthaí neamhairgeadais a chur san áireamh, ná tionchar na heaspa gníomhaithe.

Ar bhonn rialta faraor, feictear gníomhartha á nglacadh le comharthaí dhátheangacha a bhaint anuas, nó le athbháistiú soithigh le hainm Béarla, nó le maoiniú a tharraingt siar ó Ghaelscoileanna nó ó thograí Gaeilge. Gníomhartha uilig iad a bhfuil costais leo, go háirithe nuair a cuirtear san áireamh costais dlíodóra, chomhairleora agus riaracháin. Ba chóir an cheist a chur, an dóigh a bhfuil cúrsaí faoi láthair, cá mhéad a chostnaíonn sé GAN Acht na Gaeilge a bheith ann le cuidigh le leanúnachas sa phleanáil, le soiléiriú ar dhualgais an stáit agus le cur chuige fréamhacha i gcoincheap an ‘luach breise’?  

De ghnáth, cuirtear na buntáistí agus na féidearthachtaí dearfacha eacnamaíochta a dtig eascairt as cur chuige úr san áireamh in ullmhú na gcostas réamh-mheasta. Léiríonn an taighde idirnáisiúnta, mar shampla, go mbíonn buntáiste sláinte faoi leith ag daoine a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu. Chruthaigh thorthaí an Ghaeloideachais le daichead bliain anuas go mbíonn díbhinn leis an tum-oideachais. Ní amháin go n-éiríonn daltaí níos fearr i scrúduithe Gaeilge, éiríonn siad níos fearr i mBéarla agus i Mata, chomh maith. Caithfear na domhainbhuntáistí dearfacha seo a chur san áireamh agus muid ag amharc go dáiríre ar cén saghas sochaí a ba mhaith linn as seo amach. 

Ach ní amháin nach gcuirtear na ceisteanna seo sa phota agus muid ag plé reachtaíocht Gaeilge abhus, bíonn roinnt ráitis agus dearbhuithe caite amach atá míchruinn. Cuirtear síos mar shampla, go héagórach, an caiteachas ar oideachas do chaiteachas ar an teanga Ghaeilge. Ní miste dúinn a rá, fiú dá n-aistreodh na páistí uile atá fá láthair sa Ghaeloideachas go dtí an t-oideachas trí mheán an Bhéarla, go gcaithfí go fóill costas a n-oideachais a íoc as an bhuiséad oideachais.

Chomh maith leis sin, is minic go dtugtar figiúirí maidir le haistriúchán, bunaithe, de réir cosúlachta, ar mheastacháin iolraithe ag líon na Ranna, nó ar thaithí na dtíortha eile,  in áit mionstaidéar a bheith déanta ar na bealaí is éifeachtaí le costais a roinnt le chéile de réir mar a leagtar síos sa reachtaíocht féin.

Agus Aire Tionóil ag déanamh cur síos ar impleachtaí reachtaíochta de chineál ar bith, bíonn sé de dhualgas air/uirthi mionstaidéar a dhéanamh ar na céimeanna is féidir a ghlacadh leis na costais a ísliú, in áit cur in éadan na reachtaíochta féin beag bán ar fhíricí.  

Ach an samhail a chuir POBAL chun tosaigh, ní chuireann sé iachall ar dhuine ar bith an Ghaeilge a fhoghlaim nó a labhairt agus mar sin de, is doiligh bunús ‘fheachtas frith-Achta’ a thuiscint.  Is é a thuigfí as gur bagairt a bheadh ann in éadan na “féiniúlachta Briotanaí” tacaíocht agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge. Tugann sé le fios nach féidir leis an Ghaeilge bheith ina cuid den fhéiniúlacht Bhriotanach.  Is ábhar iontais é go nglacfadh rialtas Briotanach leis sin.

Is sochaí ilchultúrtha an RA ina labhraítear mórán teangacha.  D’aithin rialtas na RA an Ghaeilge mar theanga ‘Bhriotánach’ nuair a chinn sé, mar shampla, ar an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlach a dhaingniú agus ar an Ghaeilge a chur san áireamh chun críocha Chuid III den chonradh sin. 

Mar sin, má dhearbhaíonn daoine sa phobal Aontachtach nach bhfuil áit don Ghaeilge sa chéannacht Bhriotanach, téann a ndearcadh in achrann le cleachtas rialtas na RA mar a léiríodh sin i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gCairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlach. Más é go bhfuil an DUP ag iarraidh a léiriú go bhfuil meon an doichill go fóill beo abhus, tchítear dúinn gur seo eochairchúis go mbeadh feidhm le samhail láidir cheartbhunaithe.

Leoga, d’áiteoimis gur seo an bealach is fearr chun tosaigh ag na páirtithe ar fad lena léiriú nach é a rún naimhdeas  don Ghaeilge a bhuanú ná a dhlisteanú. Chuirfeadh Acht Gaeilge TÉ le híomhá dhearfach an tuaiscirt agus dhéanfadh sé deis a sholáthar chun todhchaí úr, iomlánaithe a thógáil. Chuirfeadh sé an tuaisceart ar aon chéim le gach cuid eile de na hoileáin seo, áiteanna a bhfuil cosaintí suntasacha reachtaíochta ann don phríomhtheanga dhúchais.

Bheadh costais le hAcht, ach tá costais i bhfad níos airde á n-íoc againn anois de bhrí nach bhfuil a leithéid againn.