Irish-Language

Cad é na giuirléidí a dtig le Gearóid na Gaisce a bheith ag dúil leo in 2017?

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">F&Iacute;OR N&Oacute; BR&Eacute;AGACH?: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Nuair at&aacute; muid ag caitheamh ama sa r&eacute;altacht fh&iacute;or&uacute;il, cad &eacute; at&aacute; ag dul ar aghaidh sa r&eacute;altacht fh&iacute;or?</span><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">&nbsp; </span><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">An bhfuil muid ag dul a bheith chomh s&aacute;ite sin i saol nach ann d&oacute; go nd&eacute;anfaidh muid dearmad ar cad is daonnacht, ar cad is f&iacute;rinne ann? F&aacute;gfaidh muid faoi Ghear&oacute;id na Gaisce/Inspector Gadget &eacute;.</span>
FÍOR NÓ BRÉAGACH?: Nuair atá muid ag caitheamh ama sa réaltacht fhíorúil, cad é atá ag dul ar aghaidh sa réaltacht fhíor?  An bhfuil muid ag dul a bheith chomh sáite sin i saol nach ann dó go ndéanfaidh muid dearmad ar cad is daonnacht, ar cad is fírinne ann? Fágfaidh muid faoi Ghearóid na Gaisce/Inspector Gadget é.

TITHE CLISTE

Tom Morgan, eagarthóir léirmheasanna san iris Stuff magazine: 

“Tá an chuma ar an scéal go mbeidh 2017 thar a bheith tábhachtacha maidir le giuirléidí de - má tá tú sásta do theach a fhágáil faoi chúram “Idirlíon na nEarraí.”

“Thig le Google Home agus Amazon Echo do shoilse a mhúchadh is a lasadh, do fholúsghlantóir a chur ar obair, na glais chliste ar do dhoras a oscailt agus gan tú ach cúpla abairt a rá.

Beidh an obair thí uilig á déanamh le linn dúinn bheith inár suí ar an tolg ag breathnú ar fhíseanna ghlé ghlinn 4K, HDR (high dynamic range).

“Nuair is éigean duit an teach a fhágáil, beidh tú in ann taisteal níos faide i do charr aibhléise nach mbeidh chomh daor sin uilig le ceannach.

Ba chóir go bhfeicfidh muid Model 3 de chuid Tesla den chéad uair, ag toiseacht ar £35,000 agus ní fada go mbeadh na déantúsóirí eile ag déanamh carranna a dtig leo taisteal chomh fada le ceann Tesla.

“Agus, ar ndóigh, thig leat a bheith cinnte go mbeidh gutháin úra ar fail le cur i do phóca.

Tá an Samsung S8 le seoladh i mí an Mhárta agus an chéad iPhone eile i mí Mheán Fómhair, ceann a mbeidh LED Orgánach Cuarach (a curved Organic Light-Emitting Diode más éigean duit an Béarla!) de réir na ráflaí.”

AN RÉALTACHT FHÍORÚIL 

Hannah Bouckley, Bainisteoir Giuirléidí agus Teicneolaíochta ag BT.com: “Tá an réaltacht Fhíorúil ag éirí níos coitianta le bliain anuas ach beidh borradh iontach faoi in 2017 nuair a chuirfidh uasdátú saor in aice ar chumas innill a bhaineann úsáid as Windows 10 an Réaltacht Fhíorúil a láimhseáil.

“Tá muid ag cluinstin níos mó faoi theicneolaíocht fuaime darb ainm Dolby Atmos a chruthaíonn, a deir siad, “eispéireas fuaime a ligfidh duit a chreidbheáil go bhfuil tú i lár an aicsin,

Tá sé ar fail i bpictiúrlanna cheana ach leis an Xbox One, ríomhairí Windows 10 agus tacaíocht ó BT TV, is cinnte go mbeidh sé ar fail i dtithe daoine chomh maith.

Jon Wadelton, oifigeach sinsearach teicneolaíochta ag TheFoundry.co.uk: 

“In 2017, is cinnte go bhfeicfidh muid níos mó den teicneolaíocht VR ag daoine, gléasanna cinn (headsets) mar shampla.

Tá na comhlachtaí móra ar nós Microsoft agus Samsung ag cruthú crua-earraí VR cheana féin agus is cinnte go rachaidh Apple san iomaíocht i mbliana fosta.

De réir mar a dhéanfar gléasanna cinn éagsúla is dócha go dtitfidh na praghsanna ag an am céanna le go mbeidh siad ar acmhainn níos mo daoine.

CÚNTÓIRÍ FÍORÚLA

Joe Minihane, iriseoirí teicneolaíochta leis na hirisí Wired, Stuff agus Uswitch: “Tá cúntóirí fíorúla in úsáid mar ghimicí ar ghutháin chliste ó sheol Apple Siri in 2011. 

“Sin ráite, beidh cúntóirí fíorúla níos lárnaí ar do ghuthán 2017 agus ráflaí iontach á spréadh faoin Galaxy S8 de chuid Samsung. 

Tá sé seo ag tarlú cionn is gur cheannaigh Samsung Viv Labs, an comhlacht a d’fhorbair an teicneolaíocht do Siri sa chéad dul síos.

“Deirtear go bhfuil teicneolaíocht Viv i bhfad Éire chun cinn ar ar thóg siad do Apple agus go mbeidh “comhráite” níos nádúrtha ar fail idir úsáideoirí agus a ngutháin.

Cé go bhfuil an Google Assistant ar thús cadhnaíochta, is cosúil go mbeidh seirbhís Viv ar an Samsung níos cliste agus níos ábalta tascanna casta a chur i gcrích gan na húsáideoirí méar féin a leagan ar an ghuthán.” 

NINTENDO SWITCH

Tom Wiggins, leas-eagarthóir na hirise Stuff: “Seachas gnáthsheoladh an iPhone is úire san Fhómhar agus iarracht Samsung drochchuimhní atá acu den Note 7 a ruaigeadh, beidh seoladh an Nintendo Switch ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí ó thaobh na teicneolaíochta de in 2017.

TEILIFÍSEAIN OLLMHÓRA

Daniel Hastings, ó Dixons Carphone: 

“Deirtear go mbeidh ráchairt níos mó ar theilifíseáin 4K agus scáileáin chomh mór le 55-orlach agus níos mó. 

“Beidh borradh faoin chlostrealamh (audio equipment) chomh maith in 2017. 

Tá callairí gan sreang agus rialaithe ó bhéal (wireless and voice-controlled speakers) ar nós Amazon Echo, i ndiaidh éirí coitianta sa bhaile agus rachaidh an trealamh seo ó neart go neart, ó chluaisíní gan sreang go dtí an “fhuaim chliste”

LADRAINN

Alphonse Madamombe, ó Maplin: 

“Bhí ladrainn ar na hearraí is mó a dhíol muid in 2016 agus measann muid go leanfaidh sé seo ar aghaidh le ladrainn atá níos lú agus a dtig leo eitilt ar feadh sealanna níos faide.

Beidh na ladrainn seo iontach in-iompair agus éasca le tabhairt leat agus tú ag dul ar saoire.

GUTHÁIN CHLISTE ÚRA

Andy Cartledge, ó Mobiles.co.uk: 

“In 2017, beidh súile gach duine ar Galaxy úr Samsung i ndiaidh an rath a bhí ar an S7 agus ar an S7 Edge. 

I measc na rudaí eile a dtig linn a bheith ag dúil leo, tá guthán úr HTC - meastar gur an HTC Ocean a bhaistfear air - agus deirtear nach mbeidh cnaipí de chineál ar bith air!

Agus ná déanaimis dearmad go bhfuil Nokia ar a bhealach ar ais agus deirtear go bhfuil dhá shás láimhe (two handsets) ar a laghad le seoladh acu cé bhfuil eolas ar bith orthu iontach doiligh teacht air.