Irish-Language

Bowie, Rosenstock agus “an slua de mhiseanna” atá i ngach duine againn

<b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">BOWIE AMH&Aacute;IN ACU: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">L&eacute;ir&iacute;odh R&eacute;altneach:Tionscadal Bowie den ch&eacute;ad uair ar&eacute;ir, sa Pavilion Theatre i nD&uacute;n Laoghaire agus beidh lucht lean&uacute;na Ziggy agus Aladdin Sane agus na carachtair eile a chruthaigh Boiew a fuair b&aacute;s i mbliana</span>
BOWIE AMHÁIN ACU: BOWIE AMHÁIN ACU: Léiríodh Réaltneach:Tionscadal Bowie den chéad uair aréir, sa Pavilion Theatre i nDún Laoghaire agus beidh lucht leanúna Ziggy agus Aladdin Sane agus na carachtair eile a chruthaigh Boiew a fuair bás i mbliana

Is é Réaltneach:Tionscadal David Bowie imeacht deireanach na féile IMRAM i mbliana agus amhráin an Diúc Thanaí Bháin athchruthaithe ag an fhile Gabriel Rosenstock.

Ach luaitear go raibh 12 persona ag Bowie ag tréimhsí áirithe dá ghairmré fada, mar sin, cén David Bowie atá i gceist ag an Tionscadal Réaltaneach

Mar fhreagair, scaoileann Gabriel sruth choinsiasa uaidh.

“Sea go deimhin agus dúirt Walt Whitman, ‘I contain multitudes’, ar sé. 

“Mheas Aleister Crowley, duine a chuaigh i bhfeidhm ar Bowie, nach raibh ‘mise’ ann in aon chor. Ní haon rud nua é sin. 

“Tá ‘slua de mhiseanna ann’ a dúirt an file Michael Davitt. 

“Filí agus saoithe agus mistigh, tuigeann siad na cúrsaí sin. Bhíodh U G Krishnamurti á rá an t-am ar fad: ‘Nílimse ann in aon chor’. Is dóigh liom ‘féin’ go raibh an ceart aige. “Nílimse ann ach oiread. Cé leis a bhfuil tusa ag caint mar sin? Leat féin, seans. Ní liomsa. Nílimse anseo in aon chor. Cá bhfuilim? Á, dá mbeadh a fhios sin agam. Ni bheidh a fhios sin agam go deo, ar ndóigh, mar nílimse aon áit. Táim gach áit. Ní féidir a bheith in aon áit ar leith más i ngach áit atá tú. Ná ní féidir a rá cé thú féinig fiú amháin. 

“Is mise gach éinne, Bowie san áireamh. ‘Déachas’ nó ‘duality’ is cúis leis an mbréag bhrónach sin a deir gur duine ar leith thú,” arsa Gabriel.

Erm …okay, ach cad é faoi na hamhráin, mar sin. An mbíonn sé doiligh in amanna dul i ngleic le liricí Bowie atá in amanna doiléir, mistéireach?

Arbh éigean do Rosenstock na hamhrán a iniúchadh go domhain le fáil amach cad é a bhfuil siad fúthu? 

“Níl aon rud domhain sa saol,” a fhreagraíonn sé. “Níl dáiríre. Níl ann ach spraoi. Leela mar a deirtear sa tSanscrait.

“Tá daoine ann atá in ann cuma na castachta agus na doimhneachta a chur ar chúrsaí ach níl ar siúl acu (go minic gan fhios dóibh féin) ach spraoi. 

“Níl níos mó i gceist leis an bhféile IMRAM ná spraoi. Sin is féile ann. Bíonn an-chuid féilte againn in Éirinn. An-chomhartha é sin,” ar sé.

Admhaíonn Gabriel nár éist sé le Bowie roimhe agus gurbh é Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, a roghnaigh na hamhráin a bheadh Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus the Brad Pitt Light Orchestra á gceol sa Pavilion i nDún Laoghaire.  

“Ní bhímse ag éisteacht le ceol den sórt sin in aon chor agus níor éist riamh,” arsa Gabriel.

“Le luathcheol Barócach a bhímse ag éisteacht nó le cantaireacht mhantrach, leithéidí Hein Braat.

Murar éist sé leis na hamhránaithe seo, cad é an cur chuige atá ag fear an haiku agus é ag aistriú/athchruthú na n-amhrán? Diabhal cur chuige!

“Bheadh sé chomh maith agat fiafraí d’ógánach ar bhruach canála lá breá samhraidh, fonn snámha air, agus é ar tí léim inti : cén cur chuige atá agat? An cur chuige atá aige ná léim. Sin an cur chuige atá agamsa. Tumadh ann!”

Agus ar deireadh, go bhfios dom, ní dhéantar aistriúcháin ar amhráin mhóra an phopcheoil agus an rac-cheoil go teangacha eile. Níl leaganacha Danmhairgise, Polainnise, Sínise de Kate Bush, mar shampla go bhfios dom? Cad chuige, mar sin, a bhfuil muid á dhéanamh go Gaeilge?

“Táimid á dhéanamh sa Ghaeilge mar go bhfuil fonn ar chuid againn an domhan ar fad a dhí-Ghalldú (i.e. a Ghaelú, i.e. a shábháil) agus craic a bheith againn agus a bheith cruthaitheach.

“Tugann Bowie agus réaltneacha dá shórt an deis sin dúinn,” arsa Gabriel.

Bhí Réaltneach: Tionscadal Bowie ar siúl sa Pavilion Theatre, Dún Laoghaire aréir ach bímis ag dúil go dtiocfaidh sé ó thuaidh gan mórán moille.