Irish-Language

Cuimhní ar an Uile-loscadh agus ceachtanna don lá inniu

THIAR in 1999, thug mé féin cuairt ar Iarsmalann an Uileloiscthe in Tel Aviv agus d’fhág a bhfaca mé lorg orm. Coinneal amháin ag déanamh ionadaíochta ar gach paiste a maraíodh sna seomraí gais ach na céadta scáthán thart air le go dtuigfeadh muid méid an uafáis a tharla do na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí eispéireas mar a gcéanna ag Jane Coyle ach bhí sise i Vín nuair a tharla sé di.

“Ar cuairt a thug muid ar an Iarsmalann Giúdach, chonaic muid cas a raibh ainm mná as Beirlín air. Cad chuige a raibh cas as Beirlín in iarsmalann i Vín?

Cionn is gur thug seanduine a bhí ina chónaí i Vín a raibh aige chun an bhaile leis i ndiaidh é a bheith saortha ó champa géibhinn Terezín i bPoblacht na Seice mar atá inniu air.

Thángthas ar an chás in áiléar a thí i ndiaidh é bás a fháil.

“Mheabhraigh mise, ‘níl fáth ar bith nach dtiocfadh lena leithéid de chas, o cheann ar bith de na campaí géibhinn, a bheith i dteach i mBéal Feirste’,” arsa Jane.

Ní cosúil liom féin, scríobh Jane dráma faoina bhfaca sí, The Suitcase ach ní dráma mar a thuigeann muid an focal, dar léi. Is as deisceart na Breataine Bige don t-iriseoir/critic í ag fás aníos i gceantar atá taobh le dúiche Dylan Thomas.

“Bhí mé i mo chónaí i sráidbhaile a bheadh cosúil go leor le Llareggub, sráidbhaile Thomas in Under Milk Wood, ina raibh carachtair iontacha.

Chuir sé síos air mar “dhráma do ghuthanna” agus sin mar a chonaic mé an dráma seo de mo chuid.

“Níor scríobh mé é le go mbeadh sé á léiriú in amharclann ina mbeadh seit agus éide agus mar sin de. Scríobh mé é le gurbh féidir é a léiriú ait ar bith ar chor ar bith mar a bheadh linne beaga solais á soilsiú ar an trí scéal,” arsa Jane.

Baineann na scéalta seo le Vín sna 1930í, ait a bhfuil cailín óg ag brionglóidigh faoina bheith ina damhsóir; I mBéal Feirste in 2014, ait a bhfuil seanduine ag amharc siar ar an saol coscrach a bhí aige; agus sa lá atá inniu ann, tagann teaghlach a bhfuil faol dá gcuid marbh ar stair nár shamhlaigh siad riamh ina dteach i mBéal Feirste.

Le go mbeadh gach mionsonra mar ba cheart, rinne Jane teagmháil le Katy Radford ón Institute for Conflict Research i dtuaisceart Bhéal Feirste ar Giúdach a máthair, bean a chaill a máthair agus cúigear deartháireacha san Uile-loscadh.

“Is cuimhin liom mo mháthair, a bhí ina teifeach ó Vín, ag inse dom gur cuimhin léi trí rud a thug sí léi ón chathair - liathróid, ceapaire caise agus mala láimhe,” arsa Katy atá ina stiúrthóir ar an Institiúid a cheanglaíonn fuascailtí coimhlinte ar fud na cruinne leis an ealaín.

Rinneadh tástáil ar The Suitcase agus chuaigh an scéal go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana agus ní nach ionadh, cé a thuigeann ceisteanna a bhaineann leis an fhéiniúlacht chultúrtha, cos ar bolg, teacht aniar agus dóchas ná muintir Bhéal Feirste?

Tá an seó á léiriú ag compántas óg darb ainm Chatterbox Productions faoi stiúir Eilise McNicholas, agus beidh ceol beo á sheinm i dtimpeallacht chuí Shionagóg Bhéal Feirste ar Bhóthar Somerton.

Beidh The Suitcase á léiriú idir an 12-14 Deireadh Fómhair 2015, cothrom 70 bliain ó fuasclaíodh na campaí géibhinn ag Auschwitz-Birkenau agus Belsen. Tosóidh na seónna ar 7.30pm.

Agus mar chuid thábhachtach den togra ar fad, beidh deis ag daoine páirt a ghlacadh sa phlé ar na ceisteanna a thógtar sa dráma i ndiaidh na léirithe.