Irish Language

Deis d’amhránaí Gaeilge a bheith ag ceol i Halla na Cathrach i nDoire

An Comhairle ag ullmhú d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge

Portrait of a musician young woman in plaid shirt with a acoustic wooden guitar on shoulder on colorfull summer background.
Más amhránaí Gaeilge thú, tá deis á hófráil seit amhrán a rá le linn Sheachtain na Gaeilge (OlegPhotoR/Getty Images)

Ba mhaith le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin amhránaí le Gaeilge a cheapadh chun seit amhrán i nGaeilge a cheol mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge na Comhairle.

Fáiltíonn muid roimh amhránaithe ó gach aon seánra ceoil cur isteach mar .shampla ceol traidisiúnta, ceol comhaimseartha agus ceol nua-chumtha san áireamh. Fáiltíonn muid go mór mór roimh amhránaithe a bhfuil sé ar a gcumas, labhairt leis an lucht éisteachta i nGaeilge, nó le meascán de Ghaeilge agus Bhéarla, idir na píosaí ceoil ionas go mbeidh an t-imeacht chomh sultmhar céanna do chainteoirí líofa na Gaeilge agus fhoghlaimeoirí araon.

Comhlánaigh an fhoirm iarratais ag bun na cáipéise seo, ag déanamh cinnte go bhfreagraíonn tú gach ceist ina hiomláine.

Ní féidir glacadh le hiarratais neamhiomlána nó mhalla.

Ní mór an t-iarratas bheith faighte ag an Chomhairle, trí ríomhphost, faoi mheánlae ar an Aoine 2 Feabhra 2024.

Ní mór don iarratasóir bheith ar fáil ar an Déardaoin 14 Márta 2024 idir 6pm agus 8pm.

Tá sé de fhreagracht ag an iarratasóir a t(h)ionlacan ceoil féin a shocrú má tá a léithéid de dhíth mar shampla, uirlisí ceoil, comhghleacaithe banna, fuaimrian taca srl. Cuirfidh an Chomhairle tacaíocht teicneolaíochta ar fái mar shampla, maidhceanna, córas fógartha poiblí srl, ach moltar don iarratasóir a c(h)uid riachtanas teicneolaíochta a chur in iúl don Chomhairle ar an fhoirm iarratais;

Ní mór don iarratasóir bheith thar 16 bliana d’aois le cur isteach. Ní mór d’iarratasóirí faoi 18 bliana d’aois tionlacan tuismitheora nó caomhnóra bheith acu ag an imeacht.

Ceapfar amhránaí amháin. Ceapfar an t-iarratasóir a scóralann an marc is airde.

Tá an fhoirm iarratais le fáil ag http://tinyurl.com/yckej3aa