Irish-Language

Béal Feirste ina eiseamláir don tír ar fad maidir le cur chun cinn na Gaeilge

AN CHEATHRÚ GHAELTACHTA: Tá an ceantar in iarthar Bhéal Feirste aitheanta mar cheann de na ceantracha is Gaelaí in Éirinn ach tá an teanga á cur chun cinn fud fad na cathrach, rud atá aitheanta i dtuarascáil úr ó Chomhchoiste na Gaeilge
AN CHEATHRÚ GHAELTACHTA: Tá an ceantar in iarthar Bhéal Feirste aitheanta mar cheann de na ceantracha is Gaelaí in Éirinn ach tá an teanga á cur chun cinn fud fad na cathrach, rud atá aitheanta i dtuarascáil úr ó Chomhchoiste na Gaeilge

IN AMANNA, caithfidh go dtagann éadóchas ar lucht na Gaeilge as an leatrom, as an mhoilleadóireacht, as na bréaga agus na maslaí atá mar chuid de thaithí laethúil agus iad ag iarraidh saol trí Ghaeilge a chaitheamh.

Ach, an tseachtain seo caite, d’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid Sheanad Éireann tuairisc a léiríonn an dul chun cinn iontach atá déanta ag lucht labhartha na teanga agus, chomh tábhachtach céanna, na Béarlóirí a chuidíonn leo – tuismitheoirí Gaelscoláirí, daoine a fhreastalaíonn ar ranganna agus ar imeachtaí Gaeilge, daoine a thugann a dtacaíocht d’éilimh lucht na Gaeilge, saoránaigh a aithníonn buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas ina measc agus daoine eile a fheiceann an teanga mar “dhroichead idir an dá phobal”.

Leoga, thug siad Earnáil na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste – Eiseamláir ar Leith ar an tuarascáil i ndiaidh toscaireacht dá gcuid  bualadh le 13 eagraíocht Ghaeilge sa chathair, grúpaí ilchineálacha a léiríonn an éagsúlacht atá i ngach ceann acu agus an saibhreas a chruthaíonn siad ar a mbealach féin ach an Ghaeilge i gcroílár gach a ndéanann siad.

Leoga, léimeann an uaillmhian agus dochloíteacht lucht na Gaeilge amach as achan leathanach sa tuairisc a chuir toscaireacht ón Chomhchoiste le chéile i ndiaidh iad cuairt a thabhairt cois Lagáin anuraidh.

Ar na daoine a ghlac páirt sa toscaireacht, bhí an Teachta Dála Caitríona Ní Chonghaile, an Teachta Dála Pa Ó Dálaigh, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, an Seanadóir Rónán Mullen agus an Seanadóir Niall Ó Donnghaile.

Ach ní rud ar bith nua é fadradharcacht mhuintir Bhéal Feirste i leith na Gaeilge. I Mí Mheán an Fhómhair 1893, bhí fógra ar The Irish Echo (a foilsíodh i mBostún) d’fhógair: “An Irish class has been formed in connection with the Belfast (Ireland) Field Club. 

“It already numbers 38 members, and has for its instructor Mr. Patrick Joseph O’Shea, Professor of Irish. 

“With Belfast setting the example, we hope to soon hear of similar classes being established in every town throughout Ireland.”

130 bliain níos faide anonn agus tá Béal Feirste ina eiseamláir go fóill!

Ach an aithníonn na Gaeil féin a bhfuil ag titim amach thart orthu ar bhonn laethúil gan a bheith ag caint ar naimhde na teanga nach dtuigeann na buntáistí a eascraíonn as an teanga, ach go háirithe do na glúnta atá romhainn.

D’aithin an Comhchoiste nach “caitheamh aimsire” atá sa teanga ó thuaidh ach go bhfuil leas an tsochaí, leas an phobail fite fuaite i bhfealsúnacht na nGaeilgeoirí úra.

“Ceann de na rudaí ba shuntasaí ar thug an toscaireacht suntas dó ná an bhéim a leagtar ar spiorad an phobail trí chéile. 

“Téann na daltaí scoile tríd an gcóras scolaíochta Gaeilge, glacann siad páirt sna himeachtaí agus sna heagraíochtaí óige a reáchtáiltear i nGaeilge, agus an ghné is tábhachtaí a bhaineann leis sin ná go bhfilleann siad ar a bpobail dhúchais féin mar chainteoirí Gaeilge réamhghníomhacha. “Bíonn bród ag daoine óga as a n-áit dhúchais agus as a gcuid Gaeilge agus bíonn an dá rud sin fite fuaite lena chéile agus iad ag glacadh páirte níos gníomhaí in imeachtaí a bpobail féin.

“Dá mbeadh a leithéid ann i gcathracha eile ar fud an oileáin, chuideodh sé go mór le cur chuige níos dearfaí agus níos láidre a chruthú don Ghaeilge agus don phobal i gcoitinne.”

Tá sé sin le feiceáil i gcuid mhór de na heagraíochtaí ar thug an toscaireacht cuairt orthu.

Glac An Droichead, mar shampla.

Luann an Comhchoiste gurb é an misean atá ag an Droichead ná “daoine, teaghlaigh agus pobail a spreagadh leis an nGaeilge a choinneáil lárnach ina saolta.

“Oibríonn an eagraíocht ina threo trí chúram leanaí Gaeilge, oideachas sna luathbhlianta agus seirbhísí teaghlaigh a chur ar fáil don phobal áitiúil chomh maith le clár leathan deiseanna fostaíochta, oideachais agus gníomhaíochtaí sóisialta,” a deirtear sa tuarascáil.

Agus tá clú agus cáil ar Ghlór na Móna as an obair cheannródaíoch atá á dhéanamh acu le 19 mbliana anuas maidir le hobair óige.

Inniu, tá 23 bhall foirne ann, beirt acu siúd ar bhonn lánaimseartha agus an chuid eile díobh ag obair go páirtaimseartha.

“Cuireann siad seirbhís den scoth ar fáil do 450 duine óg a fhreastalaíonn ar an tseirbhís seo le linn na seachtaine. “Cuirtear an bhéim ar fhorbairt phearsanta, shóisialta, mhothúchánach agus ar fhéiniúlacht na ndaoine óga agus cruthaítear ceangal leis an nGaeilge trí chúrsaí ealaíne agus cócaireachta, agus ceardlanna.”

Seo an luach folaithe atá ar ghluaiseacht na Gaeilge fud fad Bhéal Feirste.

Tá eagraíochtaí agus institiúidí eile atá ag déanamh éachtaí sa chathair agus tugann Tuarascáil an Choiste a luach dóibh uilig - Coláiste Feirste a bhfuil 900 dalta sa scoil sa lá atá inniu ann; An Dream clúiteach Dearg agus a bhfuil bainte amach aige maidir le hAcht Gaeilge; cuireann Forbairt Feirste deiseanna ar fáil don phobal na Gaeilge a mhéadú agus fostaíocht a chruthú ag an am céanna. 

Níl iontu ach cuid bheag de na heagraíochtaí ar bhuail an Comhchoiste leo, luaitear níos mó acu sa tuarascáil féin ach tá i bhfad níos mó eagraíochtaí eile nach bhfuil luaite ar chor ar bith ceal spáis agus ama.

Cé go bhfuil pictiúr iontach dearfach tarraingthe ag an Chomhchoiste, tá 22 moladh déanta acu a chuirfeadh feabhas ar chúrsaí ó thuaidh, dar leo.

Molann siad go mbunófaí tuilleadh iar-bhunscoileanna lánGhaeilge ó thuaidh; go gcuirfeadh Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do sheirbhísí óige agus do chúram leanaí i nGaeilge; go gcuirfear an Tionól ar bun láithreach, go roghnófaí Coimisinéir Gaeilge gan a thuilleadh moill lena chinntiú go gcosnófar cearta cainteoirí Gaeilge agus go dtabharfar isteach caighdeáin chomh luath agus is féidir agus go leor eile.

Ar ndóigh, d’fhoilsigh an Comhchoiste tuarascáil anuraidh inar chuir siad síos ar Charn Tóchair mar “eiseamláir” don tír ar fad maidir le cur chun cinn na Gaeilge i gceantracha tuaithe mar sin, is cóir do Ghaeil na Sé Chontae a bheith bródúil as sin chomh maith.

Mar sin, nuair a thagann an t-éadóchas chun cinn, smaoinigh ar a bhfuil bainte amach agus ar an fhís atá ag pobal Gaeilge Bhéal Feirste amach romhainn.

Ná habair é, déan é!