Irish-Language

Ciorruithe tubaisteacha ar bhuiséad sheirbhís tacaíochta na luathbhlianta Gaeilge

FAOI BHAGAIRT: Cruinniú de chuid Altram, an t-eagras tacaíochta do thionscnaimh luathbhlianta lán-Ghaeilge.
FAOI BHAGAIRT: Cruinniú de chuid Altram, an t-eagras tacaíochta do thionscnaimh luathbhlianta lán-Ghaeilge.

Tá Altram, an t-aon eagraíocht tacaíochta réigiúnach agus comhairleach d'earnáil oideachais luathbhlianta na Gaeilge, i ndiaidh ciorrú uafásach a fháil ar an leithdháileadh maoinithe a fhaigheann siad ón Rialtas.

Titfidh an maoiniú ó £175,000 go £100,000, ciorrú 43% dá bhuiséad atá ró-shínte mar atá cheana féin.


"Is iad na suíomhanna réamhscoile agus luathbhlianta bunchloch an oideachais Gaeilge agus na scoileanna friothálacha do bhunscoileanna lán-Ghaeilge," ara urlabhraí ó Altram.

"Fágfaidh aon mhaolú ar na seirbhísí reatha a chuireann Altram ar fáil do shuíomhanna réamhscoile lán-Ghaeilge, tionchar diúltach go díreach ar thacaíocht ó speisialtóirí, ar tháirgeadh acmhainní agus ar oiliúint do chleachtóirí.

"I ndeireadh na dála, beidh tionchar diúltach ar chaighdeán foriomlán na n-eispéiris oideachais ar leanaí réamhscoile agus ag aois bhunchéime.


Má tá druidim brúite ar roinnt de na suíomhanna, beidh drochthionchar aige seo ar chumas na dtuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú mar a rogha is fearr agus sa deireadh thiocfadh le líon na leanaí a chláraíonn i suíomhanna lán-Ghaeilge titim," arsa an t-urlabhraí.


Chomh maith leis sin, dar le hAltram, ní hamháin go bhfuil an ciorrú seo i bhfad ró-ard ach, cuireann sé as an dualgas reachtúil a chuirtear ar Roinn an Oideachas forbairt an oideachais lán-Ghaeilge a spreagadh agus a éascú.


"Más mian leat do thacaíocht a léiriú, déan teagmháil leis an Rúnaí Buan Oideachais, Mark Browne, ag iarraidh air athmhachnamh a dhéanamh agus leithdháileadh buiséid soláimhsithe a athbhunú."