Irish-Language

Osclaíonn na hOscars an doras don Ghaeilge is do dhaoine faoi mhíchumas

GO RAIBH MAITH AGAT ÉIREANNACH: James Martin ar a lá bhreithe i gcuideachta Ross White, Tom Berkeley agus Seamus O’Hara ó An Irish Goodbye
GO RAIBH MAITH AGAT ÉIREANNACH: James Martin ar a lá bhreithe i gcuideachta Ross White, Tom Berkeley agus Seamus O’Hara ó An Irish Goodbye

IS É “ÉAGSÚLACHT” an focal is coitianta na laethanta seo agus daoine ag caint ar Ghradaim an Acadaimh, nó na hOscars mar is fearr aithne orthu.

I mbliana, bhí éagsúlacht den chineál nach bhfaca muid roimhe – scannán Gaeilge ag imirt “iomáint shinsearach” i Hollywood.

Mhothaigh muid uilig go raibh muid uilig inár dtuismitheoirí altramais ag Cáit, an cailín ciúin.

Chonaic muid an scannán ag teacht i méadaíocht, a stádas ag ardú i rith an ama sa bhaile agus ar an ardán idirnáisiúnta, é ag saothrú gradam agus ainmniúchán ag féilte scannánaíochta ar fud na cruinne, Sydney, Beirlín,   Taipei agus i Meiriceá.

Bhí muintir na hÉireann thar a bheith bródúil as an scannán ach níor bHród é go pobal na Gaeilge é.

Bhí ár gcroí istigh ann mar gheall ar an scéal agus ar áilleacht a insinte.

Ar a shimplíocht agus ar a doimhneacht.

Ar an aisteoireacht agus ar an chineamatagrafaíocht agus ar rithim deas réidh an scannáin. 

Ar an chuimhne a bhí ag cuid den lucht éisteachta ar an tréimhse sin ina raibh Éire ar cheann de na tíortha ba chúlánta san Eoraip.

Ach cionn is go raibh an scéal  á inse i nGaeilge (sa chuid is mó) mhothaigh muid go raibh sé ag inse cuid de scéal s’againne.

Níl mé ag maíomh beag nó mór go bhfuil An Cailín Ciúin bunaithe ar mheath na teanga agus ar an tost a lean é, “ the Great Silence” mar a thug Seán de Fréine air ach léirigh an scannán daoine daonna a chleacht an Ghaeilge ina saol laethúil agus nár “zealots” ag caint “teanga na leipreachán” atá ionainn.

Is léir go ndeachaigh an ghné sin den scannán go mór i bhfeidhm agus meas úr ar an teanga ag fás ó dheas.

Bíodh súil againn go dtreoróidh sé daoine chuig teagmháil agus bá féin a bheith acu le lucht na Gaeilge, 

:: An raibh a fhios agat, as an 61 aisteoir a d’imir ról carachtar faoi mhíchumas, ní raibh ach beirt acu faoi mhíchumas – Marlee Matlin i Children of a Lesser God agus Harold Russell i The Best Years of Our Lives. 

Nach iontaí é mar sin go bhfuair fear óg as Béal Feirste a bhfuil siondróim Down air, i bpríomhról in An Irish Goodbye a bhuaigh an gradam don Ghearrscannán is Fearr oíche Dhomhnaigh seo caite.  

Is cuimhin liom féin James Martin nuair a thiocfadh sé ar chlár raidió a athar, Ivan, agus an spraoi a bhí ag an bheirt.

Ag an deireadh seachtaine, sin ansin é, Oscar ina lámh agus A-Listers na scannánaíochta ag ceol Happy Birthday leis!

Tá cuimhní ag cara liom, Martin Flynn ar James ó bhí sé ag obair le Mencap, an charthanacht a dhéanann stocaireacht do dhaoine a bhfuil míchumais orthu.  

“Tá James thar a bheith cliste, greannmhar agus díograiseach – agus tá a athair mar an gcéanna,” arsa Martin.

Dantar a mhór de go bhfuil Down’s ar James ach tá sé chomh ‘normálta” le duine ar bith eile.

“Chreid mé riamh, má thógann tú na constaicí, imíonn an míchumas.

Tá cumas i ngach duine mar a atá cruthaithe ag James, ach tá siad ann nach bhfeiceann ach an míchumas i nduine agus ní na cumais atá iontu.

“Tá sé cruthaithe ag an aisteoir óg gur féidir le daoine a bhfuil míchumas orthu barr réime a bhaint a bhaint amach i ngairm ar bith is mian leo agus saol iomlán sásúil a bheith acu,” ar sé.