Irish-Language

Athmhúsclaíonn pictiúir dhaite Rob Cross an daonnacht i seaníomhánna

<b>AN tSR&Aacute;ID ARD, B&Eacute;AL FEIRSTE: </b>Seo mar a bh&iacute; l&aacute;r B&eacute;al Feirste 116 bliain &oacute; shin i bpicti&uacute;r de chuid Robert French at&aacute; i mBaili&uacute;ch&aacute;n Lawrence, picti&uacute;r chomh gl&eacute; glinn sin i ndiaidh a dhathaithe go motha&iacute;onn t&uacute; an gleo, beagnach.
AN tSRÁID ARD, BÉAL FEIRSTE: Seo mar a bhí lár Béal Feirste 116 bliain ó shin i bpictiúr de chuid Robert French atá i mBailiúchán Lawrence, pictiúr chomh glé glinn sin i ndiaidh a dhathaithe go mothaíonn tú an gleo, beagnach.

Dathú nó gan a dhathú, sin í an cheist ach tá freagair thar a bheith dearfach tugtha ag Rob Cross ina leabhar mórthaibhseach, The Colour of Ireland: County by County 1860-1960.

Thit mé go hiomlán faoi dhraíocht saothair Cross nuair a chonaic mé na grianghrafanna a roinn sé ar a chuntas twitter.

Seanphictiúir dubh agus bán iompaithe ina n-íomhánna beoga, beathacha de shuíomhanna in Éirinn le céad bliain anuas.

Mothaíonn tú go bhfuil tú i láthair agus tú ag breathnú orthu, bíodh siad suite i gceantar iargúlta tuaithe ag tús an chéid nó ag ócáidí tábhachtacha i stair na tíre, bíonn tú i measc na mbocht agus na n-uasal.

Mothaím go ndearna Cross, arb as Luimneach ó dhúchas dó, na daoine atá le feiceáil sna pictiúir níos daonna mar gheall ar na dathanna – dath an chraicinn, dath an fhéir, dath na n-éadach go díreach  mar a chonaic siadsan an saol thart orthu.  

Ach, tá go leor conspóide ag baint le saothar Cross agus daoine ag rá go bhfuil sé ag déanamh ionsaí ar bhunfhoinsí na staire, ag bréagnú na réaltachta.

Rud is annamh, tá sé breá sásta argóintí s’acu a roinnt leis an phobal mar is é an chéad chaibidil sa leabhar ná Not the Same Life, aiste a scríobh an staraí mór le rá, Diarmuid Ferriter.

San abairt dheireanach, scríobhann Ferriter: “Colourisation assaults the aura.”

Ní aontaím leis, dubh, ban nó riabhach. Nó daite.

Tá pictiúir mhonacrómacha chomh bréagach le pictiúir dhaite. 

“Do the originals not speak more powerfully than any subsequent colourisation can?” a fhiafraíonn sé.

“No,” an freagair atá agamsa.

“Do we really need to see the colour of President John F Kennedy’s blood on his wife Jackie’s dress the day he was assassinated?” a fhiafraíonn sé.

Arís déarfainn, “no” ach nach dílse don fhírinne fuil an Chinnéidigh a bheith dearg ná leathan éigin liath?

Ag caint le Rob Cross an tseachtain seo caite, mhínigh sé dom na cúiseanna a spreag é dul i mbun oibre.

“Bhuel, an aidhm ba mhó a bhí agam ná na grianghrafanna faoi bhráid an phobail arís agus sin an fáth gur chuir mé na bunphictiúir dubh agus bán taobh leis na pictiúir dhaite,” arsa Rob ar ailtire cáilithe é. 

“Bhí mé ag iarraidh go rachadh daoine ar ais chuig na bunfhoinsí sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

“Tá suas le 40,000 pictiúr de chuid Robert French ansin, mar shampla, agus feicimse seo mar dhóigh a dtig le daoine dul i dteagmháil le stair s’acu féin.

“Sin ceann de na haidhmeanna atá agam, go rachadh daoine i ngleic lena stair féin i ndiaidh iad na grianghrafanna seo a fheiceáil.

“Maidir leis an méid a scríobh Diarmuid Ferriter, aontaím leis ar dhóigh cionn is go bhfuil an oiread sin pictiúr daite amuigh ansin, cuid acu atá athraithe as a riocht – aoibheanna gáire curtha ar dhaoine nó dathanna áiféiseacha curtha ar éadaí agus mar sin de,” arsa Rob.

Tá sé ionraice go leor le hadmháil nach bhfuil gach rud beacht – ní féidir a bheith go hiomlán beacht – ach go ndéan sé a dhícheall go bhfuil gach rud chomh dílis agus is féidir.

“Tá a fhios agam go raibh dath buí ar fhógraí do Sweet Afton agus go raibh an leagan seo den dath glas ar éadaí saighdiúirí i reisimint ar leith, nó, níos simplí arís, tá a fhios agam go bhfuil an féar glas agus mar sin de.”

Deir sé gur mhaith leis go mbeadh dearcadh Ferriter mar chuid den leabhar mar bhí a fhios aige go raibh sé ina éadan ach go bhfuil alt eile ann le Dónal Fallon, atá i bhfách leis an dathú agus go raibh sé ag iarraidh go mbeadh díospóireacht ar an mhoráltacht a bhaineann le dathanna a chur ar phictiúir atá dubh agus bán.

Ar ndóigh, is cuma faoin chur agus faoin chúiteamh idir na saineolaithe, tá dúil as cuimse ag daoine sa leabhar, cuid acu cionn is go bhfeiceann siad gaolta atá imithe ar shlí na fírinne le fada an lá i bpictiúir áirithe.

Sin an pléisiúr is mó a fhaigheann Cross, nuair a thagann teachtaireacht ó dhaoine ag tabhairt buíochais dó cionn is go bhfaca siad máthair mhór nó athair mór taobh amuigh de shiopa i lár na cathrach nó amuigh sna páirceanna.

Ag amharc fríd an leabhar, is doiligh dom teacht ar an cheann is suntasaí.

Tá griangrafanna stairiúla ann  – an dara cruinniú de Dháil Éireann i 1921 agus adhlacadh Uí Dhonnabháin Rosa agus tá radharcanna gach lá ann – bean a bhfuil éanadán aici ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath; an grúpa mór daoine in Oileán Acla.

Tá pictiúr galánta de Iúr Cinn Trá ann agus de Shráid Shipquay i nDoire.

Is ansa liom na pictiúir de ghnáthdhaoine – na mná ag tógáil móna ar an Bhaile Mheánach; an teaghlach taobh amuigh de theachín atá déanta as móin; lá an aonaigh sna Gleanntaí i dTír Chonaill; na seanmhná ag díol cuimhneachán do thurasóirí ag Clochán na bhFomhórach agus go leor eile.

The Colour of Ireland ag cur thar maoil le daonnacht agus leis an stair shóisialta a iompraíonn tú siar go dtí Éire ár sinsir. 

Is leabhar ar dóigh é.

:: Tá The Colour of Ireland: County by County, 1860-1960 le Rob Cross foilsithe ag (creid é nó ná creid é) Black and White Publishing agus is fiú gach punt den luach £20 atá air.