Molann Comhchoiste na Gaeilge go mbunofaí Samhail Charn Tóchair i ngach contae in Éirinn
Tá Comhchoiste cumhachtach de chuid Sheanad Éireann i ndiaidh a mholadh go mbunófaí “Samhail Charn Tóchair” i ngach contae in Éirinn i ndiaidh iad cuairt a thabhairt ar an cheantar forásach tuaithe i ndeisceart Chontae Dhoire.
Tá clú agus cáil ar an cheantar ar an iliomad cúiseanna, rudaí a chonaic toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta, Phobal na Gaeilge agus Lucht Labhartha na Gaeilge agus iad ar cuairt i mí Meithimh na bliana seo.
Is léir gur baineadh geit as an toscaireacht, ina raibh Aengus Ó Snodaigh agus an Seanadóir Lorraine Clifford Lee, as an méid a chuir pobal Charn Tóchair i gcrích ar bheagán cabhair ó na húdaráis.
Thug siad cuairt ar An Croí, an bhialann ghalánta agus an siopa taobh leis; ar Thearmann Dúlra Dhroim nDamh; ar an ionad ealaíona An Coire agus ar Chumann CLG Roibeard Éimeid i Sleacht Néill.
Chuaigh an turas an oiread sin i bhfeidhm ar an toscaireacht gur fhoilsigh siad tuarascáil inné a mhol beartais uaillmhianacha ó Rialtas na hÉireann mar thoradh ar a bhfaca siad.
Ar tús, molann an Comhchoiste do na húdaráis ó dheas cuairt a thabhairt ar phobal Charn Tóchair leis an éacht atá déanta ag an bpobal sin a fheiceáil dóibh féin agus “gach tacaíocht is féidir a thabhairt don phobal sin mar chuidiú leo ina n-iarrachtaí an Ghaeltacht a athbhunú i gContae Dhoire.”
Ach i bhfad níos cuimsithí ná sin arís, molann an Comhchoiste don Taoiseach agus d’Airí rialtais go mbunófaí beartas uile-Éireann agus pobal Charn Tóchar mar eiseamláir ina chroí.
Tá an Comhchoiste ag iarraidh go mbeadh sé “ina bheartas oifigiúil de Rialtais na hÉireann ‘Samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn agus an tacaíocht agus an córas cuí riaracháin a chur i gcrích láithreach chun an cuspóir uasal seo a thosú agus a chur i gcrích taobh istigh de 20 bliain.”
Is é Aengus Ó Snodaigh, cathaoirleach an Chomhchoiste agus chuir sé síos ar na gnéithe is mó a thug sé faoi deara agus é sa nua-Ghaeltacht in aice le Machaire Rátha.
“An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná chomh fite fuaite is a bhí an Ghaeilge i ngnáthshaol an cheantair,” ar sé.
“Taispeánadh an t-ionad dúlra dúinn agus scaifte páistí ann ag spraoi agus ag foghlaim faoin nádúr ann.
“Chonacthas dúinn ag an am céanna agus bhí na ghnáthdhaoine fásta a bhí ag dul don Ghaeilge, bhí siad thar a bheith fadradharcach.
“Agus rud eile a sheas amach dúínn, níl pobal Charn Tóchair sásta fanacht.
“Má bhí téacsleabhair uathu, dhein siad iad féin iad,” ar sé.
Ní nach ionadh go bhfeiceann Aengus mar eiseamláir don tír ar fad é pobal Gaelach Charn Tóchair ach an bhfuil sé réadúil go gcuirfí a leithéid ar bun i ngach contae taobh istigh de 20 bliain?
“Bhuel, tá an chuige céanna ag tarlú cheana féin ina lán ceantar ina bhfuil líonraí Gaeilge agus an phleanáil teanga á cur i bhfeidhm mar sin tá cuid den obair tosnaithe, ach measaim go mbeadh sé go maith dá rachadh cuid de na dreamanna sin go Carn Tóchair nó go ceantair eile atá chomh spreagúil leo agus roinnt ama a chaitheamh ann, barúlacha a mhalairt agus teacht ar chur chuige aontaithe,” arsa Ó Snodaigh.
Is féidir an tuarascáil iomlán a fheiceáil ag https://bit.ly/3LQPWWK