Irish language

Cri de coeur faoin ár sa Bataclan a bhfuil macallaí aige don tuaisceart

COLM Ó LORCÁIN: Tá an t-iar-eacnamaí ag an Choimisiún Eorpach i ndiaidh scéal mothúchánach, spreagúil Antoine Leiris a aistriú go Gaeilge. Maraíodh Hélène, bean Antoine, in ionsaí ISIS i bPáras in 2015 
Robert McMillen

AR AN AOINE, 13 Samhain 2015, bhí an grúpa ceoil as Palm Desert, California, Eagles of Death Metal, ag seinm a leagan féin de rac-cheol Mheiriceá i sean-ionad atmaisféarach i dtuaisceart Phárais.

Bhí an Bataclan plódaithe le daoine óga ag baint suilt as an fhuaim ard ach siansach.

Go tobann, réab tormán eile, tormán raidhfilí á scaoileadh agus spréigh an lucht éisteachta amach mar a bheadh “séideán gaoithe fríd chruithneacht” ann mar a thug finné amháin air agus iad ag teitheadh ó thriúr ghunnadóirí an Stáit Ioslamaigh.

Mharaigh an triúr daoine ag an bheár ar tús, daoine i lár an halla, daoine sa bhalcóin in ionsaí gan trócaire, agus ar deireadh, nuair a bhí an sléacht thart, bhí 90 duine ina luí marbh ina bhfuil féin agus i bhfuil daoine a bhí ag damhsa taobh leo. Fuair siad bás lena chéile.  

Smaoinigh air. Sin níos mó ná líon na ndaoine a maraíodh mar thoradh ar na buamaí i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán i 1974, ar an Ómaigh i 1998; ar Dhomhnach na Fola (1972) agus sléacht Bhaile Uí Mhurchú i 1971 – curtha le chéile.

In aon eachtra fhuilteach ifreanda amháin.

Níl léamh, scríobh nó inse béil ar an uafás ach b’éigean do pholaiteoirí bheith ag geáitsíocht le cur in iúl go raibh an lámh in uachtar acu;  ligeadh rachtanna sna meáin chumarsáide; bhí na póilíní ar a mine ghéire agus bhí scéin agus binbeas san aer.

Ach bhí dream thar a bheith tábhachtach eile ann – teaghlaigh na n-íobartach a chonaic a ngaolta ionúine ag dul amach ar an doras go gealgháireach d’oíche spraoi agus nár tháinig chun an bhaile arís ina mbeo.

Cad é a bhí le déanamh acu i ndiaidh iad a n-iníonacha agus a mic agus a mná céile agus a bhfir chéile a adhlacadh de réir na dtraidisiún a lean an teaghlach ag brath ar an chreideamh a bhí acu ach cad é mar a bheadh siad in ann déileáil leis an tubaiste a tháinig gan coinne an Aoine sin? Cad é a dhéanfadh siad? Cad é mar a thiocfadh leo a mothúcháin a láimhseáil?

Dá mb’ionann dath don éadach ... ní mar a chéile atá gach duine a d’fhulaing pian mar thoradh ar bhás foréigneach duine a raibh grá acu dóibh agus sin mar a bhí sé i gcás mhuintir ilchineálach an Bataclan.

Duine amháin acu, Antoine Leiris, a raibh a bhean chéile Hélène, i measc sluaite na marbh ach i ndiaidh an ionsaithe, scríobh sé litir oscailte chuig na hionsaitheoirí, litir a thuill 200,000 teachtaireacht tacaíochta.

Scríobh Antoine leabhar ina dhiaidh sin, Vous n’aurez pas ma haine ina gcuireann sé síos ach go háirithe ar an mhac, Melvil, a bhí 17 mí d’aois nuair a maraíodh a mháthair.      

Tá aistriúchán Gaeilge, Ní Bheidh Fuath Agam Oraibh  anois ar fáil, a bhuíochas do Leabhair Chomhar agus tá sé chomh sáraitheach is atá an bunleagan.

Colm Ó Lorcáin as Machaire Fíolta i gContae Dhoire a chuir Gaeilge air.

Fear spéisiúil atá i Colm é féin.

Chuaigh sé ó Ollscoil Oxford chun na Bruiséile i 1974, áit ar oibir sé mar eacnamaí ag Coimisiún na hEorpa.

D’oibir sé mar phríomhchomhairleoir Ray McSharry, tráth ar tugadh  isteach an clár LEADER leis an fhorbairt tuaithe a chur chun cinn agus bhí dlúthchairdeas idir Colm agus John Hume tráth a raibh fear Dhoire ina fheisire Eorpach.

Le chéile, d’oibir siad go dian le tacaíocht Eorpach a sholáthar do thuaisceart na hÉireann.

Tháinig Colm ar ais go hÉirinn i 1994 agus thug an Coimisiún ar iasacht é mar chomhairleoir speisialta in Oifig an Chéad agus Leas-Chéad Aire ó thuaidh ó1998-2001. 

Chuaigh ar scor seacht mbliana ó shin – agus thosaigh cúrsa céime sa Ghaeilge!

Agus é ar saoire i bPáras, thug Colm faoi deara go raibh gach duine ag léamh agus ag caint ar leabhar amháin - Vous n’aurez pas ma haine de chuid Leiris agus mar chuid den chéim, thosaigh sé á aistriú. Glac sé corradh le bliain ach nuair a thaispeáin sé don léachtóir é, mhol sí dó é a chur isteach do dhuais Litríochta an Oireachtais!

Agus ní nach ionadh. Is aistriúchán breá é a thiomáineann tú go dílis fríd scéal Antoine Leiris agus Melvil, díreach roimh an uafás, lena linn agus ina dhiaidh.

Ag croí an scéil, tá diúltú Leiris géilleadh don fhuath sa dóigh is nach gcuirfeadh sé bac ar shaol Melvil agus é ag fás aníos sa domhan thar a bheith éiginnte seo ina bhfuil muid beo.

Ní ligfidh do Antoine do na dúnmharfóirí saol a mhic a stiúradh.

“An freagair a thugann sé, tá sé cosúil leis an rud a dúirt Bobby Sands nuair a labhair sé ar ‘our revenge will be the laughter of our children’” arsa Colm.

“Deir Leiris nach n-athróidh sceimhlitheoirí a thír, go mbeidh a mhac sona, sásta ach nach mbeidh an bua choíche ag lucht an fhoréigin. Chuaigh an teachtaireacht sin go mór i bhfeidhm orm,” ar sé.

Tuigeann an tachrán, Melvil, dá óige é, go bhfuil rud éigin mícheart ach ní thig leis an athair míniú dó cad é a tharla. 

“Seo gasúr óg a chaill a mháthair ach ní thuigeann sé cad é atá ag tarlú,” arsa Colm agus sin mar atá cuid mhór daoine anseo a chaill a ghaolta le linn na coimhlinte abhus.

:: Tá Ní Bheidh Fuath Agam Oraibh le fáil ar líne ón Cheathrú Póilí (www.anceathrupoili.com) nó ó shiopaí maithe leabhar.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe now to get full access