Irish-Language

Litir sínithe ag cúig pháirtí Stormont ag éileamh clár ama maidir le hAcht Gaeilge

<strong>AN DR NEIL COMER:</strong> T&aacute; Chonradh na Gaeilge i ndiaidh taca&iacute;ocht a fh&aacute;il &oacute; ch&uacute;ig ph&aacute;irtithe i Stormont don &eacute;ileamh go leagfa&iacute; s&iacute;os cl&aacute;r ama d'Acht na Gaeilge chomh luath agus if f&eacute;idir
AN DR NEIL COMER: Tá Chonradh na Gaeilge i ndiaidh tacaíocht a fháil ó chúig pháirtithe i Stormont don éileamh go leagfaí síos clár ama d'Acht na Gaeilge chomh luath ag AN DR NEIL COMER: Tá Chonradh na Gaeilge i ndiaidh tacaíocht a fháil ó chúig pháirtithe i Stormont don éileamh go leagfaí síos clár ama d'Acht na Gaeilge chomh luath agus if féidir

Tá litir thraspháirtí seolta foilsithe sna meáin inniu, (15 Meitheamh) ag éileamh “ar an Fheidhmeannas, mar ábhar práinne, clár ama a aontú agus a fhoilsiú maidir le glacadh le reachtaíocht don Ghaeilge mar a foilsíodh sa chomhaontú in Eanáir 2020, Ré Nua Cur Chuige Nua, le cinntiú go mbeidh sí i bhfeidhm roimh dheireadh na mandáide seo.”

Seo é téacs na litreach:

"Éilionn muidne, a bhfuil ár n-ainmneacha leis seo thíos, ar an Fheidhmeannas mar ábhar práinne clár ama a aontú agus a fhoilsiú maidir le glacadh le reachtaíocht don Ghaeilge mar a foilsíodh sa chomhaontú in Eanáir 2020, Ré Nua Cur Chuige Nua, le cinntiú go mbeidh sí i bhfeidhm roimh dheireadh na mandáide seo.

"Gealladh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua go mbeadh an reachtaíocht don Ghaeilge curtha i bhfeidhm faoi cheann 100 lá. De dheasca na paindéime, tuigeann muid na cúiseanna nár comhlíonadh an choimitmint seo faoin am-scála sin. Anois, áfach, tá an reachtaíocht réidh le dul agus níl muid ach ag fanacht leis an toil pholaitiúil.

"Anuas air sin, aithníonn muid go raibh an reachtaíocht don Ghaeilge mar chroí-chuid den chomhaontú seo agus de chomhaontuithe eile. Níor cheart glacadh le haon iarrachtaí cúlú ó na coimitmintí don Ghaeilge nó le haon iarracht moill nó bac a chur orthu. Ar an drochuair, mura gcomhlíontar an choimitmint seo le linn na mandáide reatha, déanfar dochar mór don dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas. 

"Chuige sin, éilíonn muid ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann dul i ndéine lena gcuid iarrachtaí mar chomh-shínitheoirí agus mar chomh-údair ar an Chomhaontú agus tacú go gníomhach le hiarrachtaí comhaontú trás-pháirtí a shocrú a chinnteoidh tabhairt isteach na reachtaíochta teanga le linn na mandáide seo. Beidh teacht isteach na reachtaíochta seo iontach stairiúil do phobal na Gaeilge anseo.

"Seasann muid leo, le gach duine a bhfuil suim sa Ghaeilge acu agus iad ag brú na ceiste seo chun cinn le fada an lá. Leanann an t-éileamh seo “an gníomh diongbháilte” a gealladh don Ghaeilge mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an choimitmint a thug Rialtas na Breataine chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach in 2006. Anois an t-am le beart a dhéanamh de réir briathair."

Tá an litir nua sínithe ag ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, Naomi Long, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Clare Bailey, Gerry Carroll ó Phobal Roimh Bhrabús, ceannaire SDLP Colum Eastwood BP, agus Leas-Uachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill. 

“Faightear leis an litir seo tacaíocht ó chúig pháirtí, rud arb ionann í agus tromlach na gComhaltaí tofa ag Cnoc an Anfa, ar son na reachtaíochta don Ghaeilge," arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, 

"Éilítear sa litir go n-aontófaí clár ama nua a chinnteoidh go dtabharfar isteach an reachtaíocht roimh dheireadh na mandáide reatha. Má tá sin le tarlú, ní mór tús a chur leis an phróiseas sin láithreach bonn.

"Bhí spriocdháta de 100 lá luaite leis an reachtaíocht sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua anuraidh. Cailleadh an spriocdháta sin.

Fós féin, tá idir fhorálacha agus fhís an chomhaontaithe sin ann le tabhairt isteach na reachtaíochta a chinntiú sa mhandáid reatha.  

"Is ionann aon iarrachtaí moill nó frustrachas a chur ar an phróiseas seo agus cúlú ó na bhun-choimitmintí féin.  

"Níor cheart glacadh leis na hiarrachtaí sin ar bhealach ar bith. Munar féidir leis an DUP seasamh lena gcomhaontuithe féin agus beart a dhéanamh de réir briathair laistigh de chlár ama atá réasúnta ann féin, ní mór don dá Rialtas, ag an phointe sin, agus iad mar chomh-shínitheoirí agus mar chomh-údair ar an chomhaontú, seasamh isteach agus comhchainteanna a ghairm atá dírithe ar chlár ama nua a shocrú.

"Níl ach páirtí amháin san Fheidhmeannas atá ag seasamh i gcoinne na reachtaíochta, is é sin an DUP. Tá an reachtaíocht aontaithe, tá sí foilsithe agus réidh le dul. Níl aon leithscéal réasúnta fágtha gan seo a dhéanamh. Tá ceist seo na reachtaíochta Gaeilge anois mar chroí-scrúduithe litmis don DUP sna laethanta beaga amach romhainn.” arsa an Dr Comer.

Is léir go gcuirfidh an litir seo tuilleadh brú ar cheannaire an DUP, Edwin Poots, géilleadh d'Acht Gaeilge agus é a dhéanamh go gasta. Tá tacaíocht léirithe don Acht ag Rialtas na hÉireann, Rialtas Westminster, cúig pháirtí sa Tionól agus tá ráite ag ceannaire an UUP féin, Doug Beattie, nach gcuirfeadh sé in éadan Acht Gaeilge dá rithfí é, 

Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald inné gur "ofráil Rialtas na Breataine reachtaíocht a rith maidir le hAcht Gaeilge" roinnt seachtainí ó shin ach gurbh fhearr lena páirtí go rithfeadh Stormont an tAcht.

Ainneoin dian-idirbheartaíochtaí leis an DUP, ba léir nach raibh sin ag dul a tharlú, ar sí.

Tá corradh le seachtain ag páirithe Stormont teacht ar réiteach nó gairmfear toghcháin Tionól nach bhfuil de dhíth ar dhuine ar bith.