Irish-Language

An Feidhmeannas agus an Conradh chun spairne sa Chúirt Uachtarach

<b>AG FANACHT AGUS AG FANACHT: </b>N&iacute; fios c&aacute; fhad eile a gcaithfidh na daoine &oacute;ga seo fanacht go dt&iacute; go bhfuil strait&eacute;is leagtha amach agus curtha i bhfeidhm san fhoirgneamh ar a gc&uacute;l ach t&aacute; cara sa ch&uacute;irt acu (go litri&uacute;il) in Uachtar&aacute;n Chonradh na Gaeilge, Neil Comer
AG FANACHT AGUS AG FANACHT: Ní fios cá fhad eile a gcaithfidh na daoine óga seo fanacht go dtí go bhfuil straitéis leagtha amach agus curtha i bhfeidhm san fhoirgneamh ar a gcúl ach tá cara sa ch&uac AG FANACHT AGUS AG FANACHT: Ní fios cá fhad eile a gcaithfidh na daoine óga seo fanacht go dtí go bhfuil straitéis leagtha amach agus curtha i bhfeidhm san fhoirgneamh ar a gcúl ach tá cara sa chúirt acu (go litriúil) in Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Neil Comer

Go maire tú i dtréimhse shuimiúil a deirtear agus is cinnte go bhfuil lucht Gaeilge an lae inniu beo ag tráth a mbeidh staraithe ag scríobh air sna deicheanna bliain atá romhainn.

Ag cur tuilleadh fuinnimh sa stoirm fhoirfe atá ag teacht i dtreo Edwin Poots agus an DUP maidir le reachtaíocht Ghaeilge, tá Breitheamh Ard-Chúirte i ndiaidh cead a thabhairt do Chonradh na Gaeilge Athbhreithniú Breithiúnach a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh maidir leis an straitéis Ghaeilge – straitéis nár cuireadh riamh i bhfeidhm.

Cuireann daoine ceist orm an ndéanfaidh Acht Gaeilge difir ar bith agus sílim go léiríonn cás seo an Chonartha an gá atá le hAcht le cearta Ghaeilgeoirí a chosaint. 

In alt 28d d’Acht Thuaisceart Éireann, 1998, deirtear go “nglacfaidh an Coiste Feidhmiúcháin straitéis, ag leagan amach cad é mar a bheartaíonn sé forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.”

Is beag a tharla sa 23 bliana ó shin i leith.

Tháinig Cill Rímhinn agus socruithe mórthaibhseacha eile – ach nior athraigh stádas na Gaeilge pioc.

B’éigean don Chonradh cas cúirte eile a thionscnamh le cúrsaí a bhogadh chun cinn agus, ar an ar an 3 Márta 2017, d’fhógair an Breitheamh Maguire a chinneadh stairiúil in Ard-Chúirt Bhéal Feirste ar Athbhreithniú Breithiúnach a ghlac Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh de thairbhe theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge (2015-35) faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn (2006) agus i gClár Rialtais an Fheidhmeannais, 2011-2015. Chinn an Breitheamh gur theip ar an Fheidhmeannais alt 28d d’Acht Thuairceart Éireann 1998 a chur i bhfeidhm.  

Dúirt an Breitheamh Maguire go raibh dualgas soiléir ar an Fheidhmeannas ní amháin straitéis a chumadh ach an straitéis sin a chur i gcrích.

“If Parliament had wished only to require the consideration by the Executive Committee of the issue as to whether a strategy could be devised it would surely have said so. Instead, Parliament, it seems to the court, imposed a requirement to adopt the strategy,” ar sé.

Tá sé anois ceithre bliana a thug an Breitheamh Mr Justice Maguire an breithiúnas sin – agus níor tharla a dhath ó shin.

Gealladh an Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid de Chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh an straitéis sin ann faoi shé mhí ón chomhaontú. 

Sa bhreis air sin, bhí am-scála maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na straitéise le bheith foilsithe agus aontaithe ag an Fheidhmeannas faoi 3 mhí ón chomhaontú. 

Tá 17 mí anois i ndiaidh a dhul thart agus níl aon dul chun cinn déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus níor foilsíodh aon am-scála ach an oiread, rud a bhí luaite go sonrach i rialú na hArd-Chúirte in 2017. 

“Idir an dá linn, tá forbairtí déanta ar shraith straitéisí eile atá curtha faoi bráid agus aontaithe ag an Fheidhmeannas, agus iad le críochnú roimh dheireadh na bliana seo. 

“Níl iomrá ar bith ar aon dul chun cinn mar seo maidir leis an Straitéis Ghaeilge agus an chuma ar an scéal go bhfuil bac polaitiúil á chur roimh aon fhorbairt ar an cheist, mar sin de, ar ais leis an Chonradh go teach na Cúirte.

“Ceithre bliana ón bhua stairiúil a bhí againn san Ard-Chúirt maidir le teip an Fheidhmeannais Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, tá cead faighte againn arís chun Athbhreithniú breithiúnach as an nua a thabhairt ar an ábhar céanna,” arsa Uachtarán an Chonartha, an Dr Neil Comer. 

“Tá breis agus 15 bliain imithe ó cuireadh an choimitmint don Straitéis seo sa dlí ag Comhaontú Chill Rímhinn. Ba chuid lárnach í seo fosta den chomhaontú a rinneadh anuraidh, Ré Nua Cur Chuige Nua, agus is sampla eile é an bac leanúnach ar dhul chun cinn na straitéise seo ar an imeallú leanúnach atá á dhéanamh orainn mar phobal teanga, imeallú a thagann salach ar bhun-dualgais dhlíthiúla de chuid an Fheidhmeannais. 

"Bhí sé luaite sa chomhaontú go mbeadh clár ama don straitéis foilsithe faoi cheann trí mhí, agus go mbeadh an straitéis féin réidh faoi cheann sí mhí. Níor comhlíonadh na coimitmintí sin agus tá siad fós gan chur i bhfeidhm. Is trua linn gur gá dúinn pilleadh ar an Ard-Chúirt ach creideann muid anois go bhfuil cosc polaitiúil á chur roimh fhorbairt na straitéis don Ghaeilge seachtain i ndiaidh seachtaine, agus na moltaí ina luí ar thábla an Chéad-Aire ó bhí an Nollaig ann gan bhogadh. 

“Tá an cheist seo, mar aon le ceist na reachtaíochta Gaeilge, anois mar chroí-scrúduithe litmis don DUP sna seachtainí beaga amach romhainn,” arsa an Dr Comer.

Tá an brú atá anois ag teacht ó threonna éagsúla ar an DUP – ó Rialtas na Breataine, ar luaigh a Rúnaí Stáit, Brandon Lewis ar na mallaibh, a thugtha is atá a rialtas d’éagsúlacht teanga; tá ceannaire úr an UUP, Doug Beattie, i ndiaidh a rá nach gcuirfidh sé nó páirtí bac ar reachtaíocht a thabharfadh Acht Gaeilge isteach agus tá na páirtithe eile – Alliance, an SDLP agus na Glasaigh ar a shon.

Tá Sinn Féin daingean go gcaitear clár ama soiléir ceangailteach do rith an Achta a bheith fógartha sula dtabharfadh siad tacaíocht do Paul Givan, an Chéad-Aire ainmnithe agus anois, an cás seo sa Chúirt Uachtarach.

Neosfaidh an aimsir.