Irish-Language

Laoch agus cara a thaispeáin “modh eile saoil” do na mílte foghlaimeoirí

<strong>CUMANNAIGH:</strong> Albert Fry <em>(ar dheis)</em> agus Seoirse &Oacute; Dufaigh, beirt laochra de chuid Chumainn Chluain Ard, ag o&iacute;che bhronnta na bhf&aacute;inn&iacute; ar lucht foghlamtha na Gaeilge&nbsp;
CUMANNAIGH: Albert Fry (ar dheis) agus Seoirse Ó Dufaigh, beirt laochra de chuid Chumainn Chluain Ard, ag oíche bhronnta na bhfáinní ar lucht foghlamtha na Gaeilge  CUMANNAIGH: Albert Fry (ar dheis) agus Seoirse Ó Dufaigh, beirt laochra de chuid Chumainn Chluain Ard, ag oíche bhronnta na bhfáinní ar lucht foghlamtha na Gaeilge 

THIOCFADH LEIS a bheith cantalach, crosta, gearánach ach ní féidir a rá nár fheabhsaigh Albert Fry saol chuid mhór daoine fríd a chuid cheoil, fríd na ranganna Gaeilge a ghlac sé le leathchéad bliain agus níos mó i gCumann Chluain Ard fríd a chláracha teilifíse nó fríd a phearsantacht oscailte agus forbhfáilteach.

I 1969 agus mé sna déaga lár, bhí an-suim agam sa Ghaeilge agus sa cheol.

Dúirt mo mháthair liom go raibh amhránaí Gaeilge i gCumann Chluain Ard agus gur chóir dom dul ann. Agus chuaigh.

D’athraigh an cinneadh sin mo shaol. Ní amháin go raibh Albert ansin ach bhí amhrán breá Gaelach ag beagnach gach duine sa tseomra.

Parthas.

Mar ba nós le hAlbert, chuir sé fearadh na fáilte romham, dalta úr in arm síochánta na Gaeilge. 

Thosaigh mé a fhoghlaim na Gaeilge mar ba cheart i ranganna Albert agus níos mille, in Ardrang Mháirtín Mhic Grianna agus i ndiaidh na ranganna, théadh muid chuig teach tábhairne i Sráid Russell i gceantar na Margaidh i lár Bhéal Feirste agus bhí mé faoi dhraíocht nuair a thuig mé den chead uair gur teanga bheo í an Ghaeilge a raibh ceol agus amhráin bhreátha ann, a raibh pobal daoine iontacha á labhairt agus go raibh spraoi mór ag baint leis.

Thugadh sé féin agus earcaithe eile ar thurasanna chun na Gaeltachta le blas den fhíorGhaeltacht a bhlaiseadh ach caithfidh mé a admháil nár thuig mé mórán dá raibh á rá ag leithéidí Hughie Phádaí Hiúdaí nó ag Frank Sheáin nó ag Neddy Frank.

Thug sé chuig an tobar muid ach ní raibh tart orainn. Sin nó ní raibh muid aibí go leor le é a thuigbheáil.

Ar thurasanna níos faide, bhuail muid lena chairde, daoine iontacha cosúil le Seán Ó Tuairisc nó Breandán Feiritéar.

Bhuail muid le Breandan Ó hEithir ag mórshiúl in Iúr Cinn Trá an Domhnach i ndiaidh Dhomhnach na Fola i 1972.

Thaifead muid scéalta ó Mhamó Conlon ina teach i gConamara. Bhí Albert ag cur saibhreas na Gaeilge faoinár mbráid. 

An chéad uair sin, chuaigh mé chun an chumainn liom  féin ach de réir a chéile, chuir mé aithne ar dhaoine óga a raibh a spreagadh féin acu teacht chun an chumainn ar chúiseanna éagsúla.

Tá na daoine sin i measc mo dhlúthchairde ó shin i leith, beagnach 50 bliain níos moille.

Sin bua eile a bhí ag Albert. Thiocfadh leis an duine is cúthaile amuigh a thiontú ina chroí na cuideachta.

Agus iad ag foghlaim na Gaeilge, d’fhás an mhuinín a bhí acu iontu féin agus ní thréigfeadh siad an Ghaeilge mar gur bhain sé lena bhféinmheas.

Chreid Albert gurbh é an t-aos óg a shábhálfadh an Ghaeilge agus chruthaigh sé pobail bheaga de dhaoine óga a thug an Ghaeilge amach ar shráideanna Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin.

Ní raibh sé féin ach 16 bliana nuair a chuaigh se chun an chumainn an chéad lá riamh.

Ach obair éadrom a bhí againne i slánú na Gaeilge – bhí an obair chrua déanta ag daoine eile romhainne a leag an dúshraith daingean ar a seasann sí anois.

Luaigh Seamus Mac Seáin liom inné rud a dúirt Seosamh Mac Grianna.

“Más cóir dúinn dóchas a bheith againn go mbeidh Éire saor, ní lúide is cóir dúinn a bheith ag dúil go mbeidh sí Gaelach”

“Thiocfadh a rá go fírinneach gur chaith Albert Fry a shaol ag iarraidh an bharrshamhail sin a bhaint amach ina shaol féin agus lena chuid oibre i gCumann Chluain Ard i mBéal Feirste,” arsa Séamus.

“Ba é Pádraig Mac Piarais a dúirt go ndeachaigh sé ar scoil ag Conradh na Gaeilge ach nach ar son “Is agus tá “ amháin a chuaigh sé ann ach le modh eile saoil a foghlaim. “Bhí go leor cosúlachtaí idir Albert agus Mac Piarais leis Athair Sasanach ag an bheirt acu agus gur chaith an bheirt acu a saol uilig ag cur maise ar an tír inar oileadh iad.

Má chuaigh Mac Piarais siar go Conamara as Baile Átha Cliath ba as Béal Feirste siar go Rann na Feirste i dTír Chonaill a chuaigh Albert gur ól sé as fíor-thobar na teanga ann ach ní lena choinneáil aige féin amháin ach lena craobhscaoileadh ina bhaile dúchais i mBéal Feirste Cois Cuain,” arsa Séamus.

Tá mé thar a bheith sásta go raibh mé féin ar na daoine sin a chuala an teachtaireacht.

Theagasc sé an “modh eile saoil” dom féin agus do na glúnta a tháinig i mo dhiaidh.  agus ba iad na glúnta sin i gcuideachta na seanóirí, ar ndóigh, a chruthaigh an comhluadar úr Gaeilge ó thuaidh atá ar thairseach rudaí iontacha dar liom.

Na rudaí sin a threoraigh saol Albert, tá borradh fúthu sa lá atá inniu ann - an Ghaeilge, an ceol Gaelach agus pobal de chainteoirí Gaeilge atá beo ar scáth a chéile mar a mhothaigh tú i Rann na Feirste agus tú féin agus Máirtín mar ghlas-stócaigh ann.

Chaith Albert cuid mhór dá chuid ama leis féin, i mBéal Feirste agus ina theach i Mín Corrbhaic ach mar a dúirt sé: “Má chreideann tú i nDia, ní thiocfadh leat a bheith uaigneach”

Bhuel, anocht tá cuideachta mhaith i nGaeltacht na bhFlaitheas. 

Cluinim an giotár ag toiseacht agus ciúnas ag titim ar na sluaite agus Tráthnóna Beag Aréir á cheol aige. 

Go raibh maith agat, Albert, as gach rud a rinne tú domsa ach aithníonn na sluaite go bhfuil siad faoi do chomaoin as féidearthachtaí agus pléisiúir an tsaoil Ghaelaigh a chur ar a súile dóibh.