THIOCFADH LIOM alt míosúil nó alt seachtainiúil féin a scríobh agus mé ag déanamh léirmheasanna ar na podchraoltaí ar éist mé leo agus mé ag siúl fá chnoic Bhéal Feirste i ngach sórt aimsire.
Bainim an dúshult as a bheith ag éisteacht le podchraoladh thar a bheith suimiúil agus tagann ceann níos suimiúla ina dhiaidh sin agus ceann chomh suimiúil céanna ina dhiaidh sin arís.
Tharla sé dom an tseachtain seo nuair a thosaigh mé ag dul suas an mála is deise dom, Cnoc Bhaile Hannaidh.
(Suas le mála, síos le fána)
Mar is gnách tosaím le The David McWilliams Podcast cionn is go n-osclaíonn an t-eacnamaí Éireannach mo shúile maidir le cúrsaí eacnamaíochta.
An tseachtain seo, bhí sé féin agus a chomhláithreoir John Davis, ag caint ar “feiminiú an gheilleagair.” Cad é an chiall atá leis sin?
Bhuel, a mhíníonn McWilliams, de réir cuid mhór suirbhéanna, faoin bhliain 2030, beidh níos mó milliúnaithe i measc na mban ná i measc na bhfear ar bhonn domhanda agus beidh 55% de mhaoin na cruinne ag mná. Sa bhliain 2000, bhí 15% de mhaoin na cruinne i seilbh na mban.
Measann sé go bhfuil sé seo amhlaidh mar gheall ar na deicheanna bliain de streachailt na mban ar son na rudaí a bhí de dhíobháil ar chuid mhór acu – an fhrithghiniúint, an colscaradh, an ginmhilleadh, pá comhionann, oideachas comhionann agus mar sin de.
“Sna 1980idí ar aghaidh, chonaic muid go raibh cailíní ag déanamh níos fearr ar scoil ná mar a bhí gasuraí á dhéanamh,” ar sé.
“Sna 1990idí, feiceann muid mná óga ag déanamh níos fearr ar an ollscoil ná mar a bhí fir óga á dhéanamh,” ar sé.
“Mar thoradh air seo, feiceann muid mná óga ag déanamh níos fearr sna gairmeacha.”
Le bás na dtionscal mór innealtoireacht ina raibh neart agus láidreacht na bhfear de dhíth, is amhlaidh is mó atá mná ag teacht chun cinn in earnálacha nach bhfuil tábhacht leis an tréine.
Mar sin, tá cuid mhór bean nár cheannasaithe ar eagraíocht cumhachtacha geilleagair - Janet Yellen atá ina Rúnaí Státchiste sna Stáit Aontaithe; Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaí; Kristalina Georgieva, Cathaoirleach an
Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta; Gita Gopinath ina PríomhEacnamaí ar an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus tá Carmen
Reinhart mar PhríomhEacnamaí an Bhainc Dhomhanda.
Léiríonn na mná seo a chumhachtaí is atá an bhantracht i saol na heacnamaíochta sa lá atá inniu ann.
An ndéan sé seo difir ar bith? De réir McWilliams, seans mór nach dtarlódh tobchliseadh Lehman Brothers dá mba Lehman Sisters a bhí ann.
Measann sé nach bhfuil mná sásta dul sa seans oiread le fir agus gurbh é an téististéarón a spreag an tobchliseadh a tharla in 2008.
De réir na hirise Forbes, bhí 234 billiúnaí baineann ar an saol agus ní hionann a bheith i do bhean agus cur chuige difriúil a bheith aige faoi chúrsaí an tsaoil - smaoinigh ar Margaret Thatcher - ach luann McWilliams Angela Merkel mar eiseamlair de cheannaire a léirigh tréithe “banúla” a rinne rudaí nach ndéanfadh fear agus í ag rialú na Gearmáine agus, anuraidh, bhí 26 bean mar cheannairí stáit ar fud na cruinne.
Ach níl gach rud ag dul sa treo céanna ag an luas céanna. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag mná sa leathsféar thuaidh ach níl sé amhlaidh ó dheas.
Sa phodchraoladh, cuireann McWilliams agallamh ar Marla Dukharan, eacnamaí as Barbadós agus saineolaí ar gheilleagar thíortha Mhuir Chairib a raibh rudaí suimiúla le rá aici.
Aontaíonn sí le McWilliams go bhfuil bearna mhór idir an dá leathsféar.
“Má amharcann tú ar an Tuarascáil ar an bhearna inscne dhomhanda a chuir an Fóram Eacnamaíoch Domhanda amach in 2020, deir sé go nglacfaidh sé 100 bliain sula mbainfear cothromas iomlán inscne amach ach táthar ag rá anois gur chóir glúin eile a chur leis sin, go mbeidh sé 136 bliain ula mbainfear cothromas iomlán inscne amach.
“Tá sé seo ag tarlú cionn is go bhfuil an phaindéim ag dul i bhfeidhm go díréireach ar mhná. Sin an fáth go bhfuiltear ag tabhairt she-cession ar an chúlú eacnamaíochta seo in áit recession,” arsa Marla.
In Barbadós, tá cuid mhór ban ag obair in earnáil na turasóireachta, ar tháinig deireadh tobann leis anuraidh mar sin bhuail an dífhostaíocht mná Barbadós go trom.
“Anuas air sin, is iad na mná atá i mbun na scolaíochta baile dá gcuid páistí mar sin de, tá siad taobh amuigh den chóras eacnamaíochta,” ar sí.
Ansin, luaigh David McWilliams an tábhacht atá leis sin.
Dúirt sé go raibh sé san Araib Shádach le caint a thabhairt cé nach raibh sé ag iarraidh fanacht ar feadh i bhfad.
Isteach leis sa halla, a fhad leis an léachtán agus gan smaoineamh, thosaigh sé a aitheasc, mar ab iondúil: “Good evening, ladies and gentlemen” ach nuair a d’amharc sé aníos óna nótaí, thug sé faoi deara nach raibh oiread agus bean amháin sa lucht éisteachta, rud a chuir fearg air.
“Cad é mar is féidir leo bheith chomh hamaideach sin?” a d’fhiafraigh sé de féin.”
“Cad é mar a thig le sochaí ar bith cosc a chur ar leathchuid dá shaoránaigh páirt ghníomhach a bheith acu sa tsochaí sin?
“Mura dtugann tú dínit do gach duine sa chomhluadar, mura dtugann tú deiseanna dóibh, teipfidh glan ort,” ar sé.
Ar ndóigh, ní hionann seo uilig is a rá go bhfuil gach rud ar dóigh sa leathsféar thuaidh seo.
Tá mná thíos go mór leis an bhearna phá, le ganntanas seirbhísí, le díobháil deiseanna agus ar go leor bealaí eile ach, ar a laghad, dúinne a bhfuil iníonacha againn, tá an chuma air go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas do Mhná na hÉireann. Gura fada buan an cothromas.