Irish-Language

An bhfuil tús malltrialach á chur le dul chun cinn na Gaeilge i Stormont?

<b>DEIRDRE HARGEY: </b>Mar ArdMh&eacute;ara agus mar &Aacute;ire, t&aacute; bean thuaisceart Bh&eacute;al Feirste i bhf&aacute;ch leis an Ghaeilge agus bh&iacute; an-&aacute;thas uirthi an mol &uacute;r aistri&uacute;ch&aacute;in a sheoladh an tseachtain seo, tr&aacute;th ar dh&uacute;irt an Ch&eacute;ad Aire Arlene Foster go mbeadh moill ar bhearta Gaeilge &nbsp;
DEIRDRE HARGEY: Mar ArdMhéara agus mar Áire, tá bean thuaisceart Bhéal Feirste i bhfách leis an Ghaeilge agus bhí an-áthas uirthi an mol úr aistriúcháin a sheoladh an tseachtain DEIRDRE HARGEY: Mar ArdMhéara agus mar Áire, tá bean thuaisceart Bhéal Feirste i bhfách leis an Ghaeilge agus bhí an-áthas uirthi an mol úr aistriúcháin a sheoladh an tseachtain seo, tráth ar dhúirt an Chéad Aire Arlene Foster go mbeadh moill ar bhearta Gaeilge  

TRÍ LÁ i ndiaidh do Arlene Foster a rá go raibh an seans ann nach gcuirfí bearta Gaeilge i bhfeidhm “sa mhandáit” seo, ie go dtí i ndiaidh an chéad toghcháin eile, d’fhógair an tAire Pobal, Deirdre Hargey, go bhfuil mol aistriúcháin á bunú ina roinnse. 

Cuirfidh an Mol seirbhísí aistriúcháin ar fáil do naoi ranna an Fheidhmeannais, don rialtas áitiúil agus do comhlachtaí poiblí agus páirtspleácha (arm’s length bodies).  

Dúirt an tAire Hargey go raibh sí thar a bheith sásta ceann de na bearta a bhí luaite sa doiciméad Ré Nua, Cur Chuige Nua a sheoladh.

“Mar Aire atá freagrach as an Ghaeilge agus Albanais Uladh, cuirim fáilte mhór roimh an Mhol Aistriúcháin seo,” ar sí.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go mbeadh an líon foirne ag brath ar an éileamh a bheadh ar an tseirbhís a bheidh le fáil in Albanais Uladh chomh maith.

“Sa chéad bhliain, beidh triúr ag obair sa mhol,” ar sí, “ach is beag rachairt atá ar aistriúcháin Albanais Uladh mar sin, sa ghearrthréimhse, ní dócha go mbeadh aistritheoir lánaimseartha de dhíth.”

Tá sé beartaithe ag an Roinn measúnú a dhéanamh ar an scéim ar fad i ndiaidh 9 - 12 mí agus ag an phointe sin, déanfar athmhachnamh ar na seirbhísí.


Dúirt an t-urlabhraí go raibh an mol aistriúcháin mar thosaíocht sa chlár Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Anois agus é curtha ar bun, beidh sé á bhainistiú ag Brainse na dTeangacha atá suite i Rannán Cultúir na Roinne Pobail.

As seo amach, is féidir le gach Comhlacht Poiblí a dteastaíonn aistriúchán uaidh dul go díreach chuig


an Mol Aistriúcháin le ceann a fháil.

Murar féidir an t-aistriúchán a chríochnú go hinmheánach mar gheall ar acmhainní teoranta, cuardóidh an Mol conraitheoir leis an obair a chur i gcrích agus tá beirt roghnaithe cheana i ndiaidh próiseas e-Tender.

Chuir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, fáilte roimh an bhunú an mhoil.

“Is dul chun cinn suntasach atá i mbunú agus i seoladh an Mhoil Lárnaigh Aistriúcháin seo,” ar sé.

“Bhí Conradh na Gaeilge ag éileamh moil den chineál seo le tamall fada ó thuaidh, agus bhí an moladh luaite go sonrach againn inár bplé-cháipéis ar son Acht Gaeilge in 2017. Ba cheart go mbeadh an acmhainn lárnach rialtais ábalta freastal go héifeachtach agus go héifeachtúil do na rannaí rialtais agus na comhlachtaí poiblí ar fad ó thuaidh agus coinneoidh Conradh na Gaeilge súil ar chúrsaí go gcuirfear ar fáil seirbhísí teanga don phobal ag an chaighdeán is airde.”


Ach dúirt Conchúr Ó Muadaigh ón Chonradh nach raibh sa mhol ach an tús. 

“Tá an reachtaíocht teanga agus an straitéis Ghaeilge a gealladh sa chomhaontú chéanna fós le cur i bhfeidhm, agus is iad a chinnteoidh seirbhísí teanga don phobal,” ar sé. “Ba cheart go mbeadh an Mol úr Aistriúcháin ann go príomha chun tacú leis an reachtaíocht nua agus an straitéis nua, mar sin, níl ann ach an chéad chuid den mhéid atá de dhíth. 

Tá i bhfad Éireann níos mó le déanamh,” ar sé. 

:: Má tá tú ag iarraidh an eolais is déanaí, gabh chuig: www. communities-ni.gov.uk/ translationhub nó más mian leat teagmháil leis an Mhol Úr, is féidir rphost a chur chuig: translationhub@ communities-ni.gov.uk 

——————————————————

654 bliain ó shin agus an lá inné, ritheadh reachtanna a chuir tús le polaitiú na Gaeilge in Éirinn – agus tá sé ag dul ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann. 

654 bliain ó shin cuireadh Reachtanna Chill Chainnigh i bhfeidhm, bearta a raibh sé d’aidhm acu stad a chur le labhairt na Gaeilge i measc shliocht Normannach na linne ach bhí pionóis throma ar lucht na Gaeilge fosta dá mbéarfaí orthu ag caint Gaeilge. D’fhéadfadh siad a maoin uilig a chailleadh mura nglacfadh siad móid gan í a labhairt agus Béarla a labhairt as sin amach.

In 1537, ritheadh an Act for the English Order, Habit and Language ina ndearnadh iarracht nósanna na nGael a Ghalldu, an Ghaeilge ina measc. 

Cuireadh brú ar shagairt an Béarla a fhoghlaim “to the uttermost of his power, wit and cunning.” 

Cé gur fhoghlaim sí beagán Gaeilge, ba mhó an aird a bhí ag Eilís I cultúr agus creideamh na nÉireannach a athrú. 

Diaidh ar ndiaidh, tharla tubaistí eile don Ghaeilge – na Plandálacha, Acht Oideachais na hÉireann, 1830, a d’ordaigh nach labhrófaí ach Béarla i scoileanna na tíre, an Gorta Mór, an chríochdheighilt, bréagchráifeacht an stáit ó dheas agus dearg-naimhdeas an stáit ó thuaidh, áit ar laghdaíodh an t-airgead a bhí ar fáil do theagasc na Gaeilge i scoileanna chomh maith le cuid mhór bearta eile a raibh sé d’aidhm acu an teanga a mharú. 

Ach sin an stair, níl baint ar bith aige leis an lá atá inniu ann. An dóigh leat? 

654 bliain agus an Aoine seo caite i ndiaidh chur i bhfeidhm Reachtanna Chill Chainnigh, lean ceannaire an DUP ar aghaidh le sprid na reachtanna nuair a thug sí le fios nach raibh driopás


ar bith uirthi reachtaíocht Ghaeilge a chur chun cinn mar a bhí geallta. 

“Caitheann muid a bheith foighneach,” ar sí, beagnach 15 bliana i ndiaidh shíniú Comhaontú Chill Rímhinn inar tugadh an geallúint go dtabharfadh Rialtas


na Breataine Acht Gaeilge isteach “bunaithe ar eispéireas na Breataine Bige agus na hÉireann agus go n-oibreodh sé leis an Fheidhmeannas nua chun forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.” Rinneadh dhá leasú ar Acht Thuaisceart Éireann 1988 le haitheantas oifigiúil a thabhairt do stádas na Gaeilge, le deireadh a chur leis an chosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh, le Coimisinéir Teanga a bheartú agus go leor eile. 

Cá mhéad foighid atá de dhíth?

Tháinig cáipéisí agus comhaontaithe agus geallúintí gan aon dul chun. Tá sé ceithre bliana ó shin ó d’fhógair an Breitheamh Paul Maguire a chinneadh stairiúil in Ard-Chúirt Bhéal Feirste ar Athbhreithniú Breithiúnach a ghlac Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh in 2017, de thairbhe theip Stormont glacadh leis an Straitéis Ghaeilge (2015- 35) faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn. Ach níor tharla a dhath substaintiúil mar thoradh ar bhreithiúnas an Bhreithimh Maguire. 

Sin an fáth gur chuir Conradh na Gaeilge litir oifigiúil reamh-ghnímh cúirte chuig an Fheidhmeannas ó thuaidh coicís ó shin mar gheall ar an mhoill leanúnach atá air Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.


Síos fríd an stair agus daoine ag iarraidh a gcearta, ag pointe amháin, tránn an fhoigid agus creidim gur sin an pointe ag a bhfuil muid i stair na Gaeilge.