Irish-Language

An í an Ghréig an chéad áit a dtabharfaidh Éireannaigh aghaidh uirthi i ndiaidh na paindéime?

<b>DATHANNA SAMHRAIDH: </b>N&iacute; fhaigheann t&uacute; dathanna agus solas mar seo in &Eacute;rinnn go minic ach t&aacute; siad ar na f&aacute;thanna go dt&eacute;ann an oiread sin daoine as &Eacute;irinn chun na Gr&eacute;ige go seanbhaile Mykonos
DATHANNA SAMHRAIDH: Ní fhaigheann tú dathanna agus solas mar seo in Érinnn go minic ach tá siad ar na fáthanna go dtéann an oiread sin daoine as Éirinn chun na Gréige go seanbhaile Mykonos DATHANNA SAMHRAIDH: Ní fhaigheann tú dathanna agus solas mar seo in Érinnn go minic ach tá siad ar na fáthanna go dtéann an oiread sin daoine as Éirinn chun na Gréige go seanbhaile Mykonos

AGUS AN  Coróinvíreas mar scamall stoirme os cionn gach tír ar domhan nó geall leis, tá tír amháin atá ag spréadh dóchais agus gathanna gréine sa dorchadas – an Ghréig.

Agus an tír ar roghanna na coitiantachta i measc thurasóirí na hÉireann le fada an lá – bhí mé féin ann sna 1980idí – is léir go mbeidh go leor eitleán lána ag dul ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhéal Feirste chun na hAithine agus uaidh sin chun na n-oileán áille atá mar sheoda ar chósta na Gréige i ndiaidh don rialtas a fhógairt go gcuirfidh siad fáilte roimh gach turasóir vacsaínithe ó mhí Bealtaine ar aghaidh.

(Dúirt cara liom as Vítneam go mbeadh an tír sin ag déanamh an rud céanna a luaithe agus ab fhéidir, ach sin scéal do lá eile.)

Is furasta a shamhail cad chuige a mheallfadh na hoileáin Ghréigeacha na sluaite de chraicne bána ó thuaisceart na hEorpa – an iliomad tránna áille ó stiallacha fada gainmheacha go huaimheanna carraigeacha agus sráidbhailte intíre seanaimseartha ina mbogann an t-am agus an saol ar a luas suaimhneach féin. 

An í an tír fhoirfe í le saoire a chaitheamh inti i ndiaidh dhuairceas na paindéime?

Seans mór, ach cá háit a rachfá?

Seo thíos liosta de chuid de na háiteanna is meallacacha: 

1. An áit is fearr do hipsters: Mykonos

A hipsteirí na Gaeilge, bhi rácháirt mhór ag boihéamaigh ar Mykonos sna 1960idí agus bhí borradh mór faoin oileán sular tháinig an Covid agus ní nach ionadh.

Tarraingíonn tránna ar nós Paradise agus Super Paradise lucht an phleisiuir ach tá áiteanna níos ciúine ar an oileán chomh maith.

As an 25 oileán ar fad ar Mykonos, is é Elia an ceann is faide gainimh bháin agus is iad Platis Gialos agus Kalafatis na cinn is fearr do spóirt uisce.

Is baile beag gleoite é Hora (nó Mykonos Town), ina bhfuil sráideanna cúnga, bougainvillea ar gach taobh, agus an baile ag cur thar maoil le siopa beaga, bialanna, dánlanna agus eaglaisí suntasacha.

Is fiú cuairt a thabhairt ar Mhainistir Tourliani sna cnoic le suaimhneas a fháil ó ghleo an chósta.

2. An áit is fearr do lánúnacha: Santorini

Is é luí na gréine is mó a tharraingíonn daoine go Santorini, caildéara atá faoi uisce a chruthaigh brúchtadh bolcánach beagnach 3,500 bliain ó shin.

Téann na céadta turasóirí go hOia i dtuaisceart an oileáin agus an ghrian mar a bheadh liathróid mhór bhándearg ann agus í ag sleamhnú isteach sa Mhuir Aeigéach. Tá cuid mhór tithe galánta ósta tógtha le go mbeadh na radharcanna is fearr ag a n-aíonna ach tá cuid mhór eile ar an oileán le tairbhe a bhaint astu.

D’fhéadfá bád a fháil le tú a thabhairt go Nea Kameni agus go Palia Kameni, oileáin ina dtig leat siúl ar cráitéar bolcáin nó dul intíre chuig sráidbhaile Pyrgos.

Go tuaisceart Santorini a théann na longa crúsála ach i ndeisceart an oileáin, tá cúrsaí i bhfad níos suaimhní agus níos codlataí.

3. An áit is fearr do chúrsaí cultúir: an Pheilipinéis

Tá cuid de na suíomhanna seandálaíochta is tábhachtaí le feiceáil ar an leathinis álainn seo ar thírmór na Gréige. 

Is anseo a bunaíodh na cluichí Oilimpeacha i 776 RC agus is ar Olympia atá teampall in onóir do Zeus (an dia dár tíolacadh na cluichí sa chéad dul síos), an staidiam ársa agus iarsmalann a mhíníonn an stair.

Ag Epidaurus, is féidir le turasóirí siúl thart ar amharclann a bhain clú agus cáil amach mar gheall ar fhuaimíocht a halla éisteachta ina mbíonn drámaí á léiriú i rith an tsamhraidh.

Tá Mycenae fána bhallaí ollmhóra chloiche aitheanta mar gheall ar an nasc atá aige le Cogadh na Traí agus tá Mystras lán de eaglaisí Biosántacha ina bhfuil freascónna galánta.

Anuas ar na suíomhanna stairiúla, is iad na tránna áille agus na bailte cois farraige is mó a mheallann daoine.

Ar na cinn is áille, tá Monemvasia, baile a sníodh as carraig mhara sna meánaoiseanna. Tá caislean ann óna bhfuil radharcanna a bhainfeadh an tsúil as do chloigeann.

4. An áit is fearr do theaghlaigh: cósta Halkidiki

Tá tránna gainimh mar a bheadh méara iontu agus foraoiseacha taobh thiar dóibh ar fud chósta Halkidiki ar mhórthír thuaisceart na Gréige, ar a bhfuil trí leathinis le sult a bhaint astu.

Tá Kassandra breactha le láithreáin thurasóireachta ach níl Sithonia chomh “tráchtálach” is atá an chuid eile agus meallann sé eachtránaithe chuig a sráidbhailte traidisiúnta, tránna an bhrataí ghoirm agus camais scoite. 

Ach in Gerakini agus Psakoudia, tá réimse deas tavernas agus cathaoireacha suaimhnis gréine dóibh siúd nach maith leo bheith scartha ró-fhada ó dhaoine eile.

Is é an “méar” is lú forbairt ná Athos, áit a bhfuil sliabh naofa ann mar phríomhchathair spioradálta an domhain Chríostaí Cheartchreidmheach, arb é ceanncheathrú phobal mainistreach traidisiúnta Biosántach é.

Ar an drochuair, fir amháin a fhaigheann cead speisialta dul isteach sa suíomh naofa seo.

5. An áit is fearr, gach rud san áireamh: Corfu

Bhí Corfu ar cheann de na hoileáin ba luaithe a bhunaigh tionscal turasóireachta agus ó shin i leith, tá an-ráchairt air ar chúiseanna intuigthe.

Bíonn seanbhaile Corfu i gcónaí i mbéal na ndaoine.

Is iomaí dream coimhthíoch a d’imir tionchar ar an bhaile – Veinéisigh, Francaigh, Sasanaigh (ar ndóigh) – agus mar gheall ar bhlas an bharócachais agus an Renaissance atá ar ailtireacht an tseanbhaile, ainmníodh mar Láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid Unesco é in 2007.

Bain sult as na páláis mhóra agus as na dúin shuntasacha agus ansin iontacha sula siúlann tú fríd chaolsráideanna a dtugtar  kandounia orthu.

Ar na tránna is fearr, tá Mirtiotissa ar an chósta thiar, é idir sráidbhailte Pelekas agus Vatos. 

Tá sé thar a bheith scoite mar gheall ar na haillte géara, creagacha ach tá a áilleacht molta ag filí agus ag scríbhneoirí – ach cionn is go bhfuil sé chomh scoite sin, is áit í a tharraingíonn daoine ar maith leo bolg le gréin a dhéanamh agus iad lomnocht!