Irish language

Bean rialta a ciapadh i Meiriceá Theas agus a throid ar son cearta daonna ar shlí na fírinne

AN tSIÚR DIANNA ORTIZ: Bean rialta a spréigh an soiscéal nuair a bhí sé contúirteach a leithéid a dhéanamh agus a d’fhulaing ar a shon 

FUAIR AN tSiúr Dianna Ortiz, bean rialta Chaitliceach as Nua-Mheicsiceo sna Stáit Aontaithe, bás an tseachtain seo caite mar gheall ar an ailse agus gan aici ach 62 bliain d’aois.

Ba bhean í ar chóir go mbeadh a hainm á chanadh go hard an tseachtain sé agus muid ag ceiliúradh LáIdirnáisiúnta na mban. 

Is beag a dtiocfadh le Dianna an t-uafás a bhainfeadh di a shamhail agus an uaillmhian aici bheith ag cuidiú le daoine bochta mar bhean rialta ó bhí sí an-óg, gairm a bhain sí amach agus í 15 bliana d’aois.

Ach le linn di bheith ag teagasc i nGuatamala, d’fhuadaigh fórsaí armtha Guatamalacha í – fórsaí a raibh tacaíocht na Stát Aontaithe acu –  d’éignigh siad í agus chiap go fíochmhar í. 

I ndiaidh í imeacht ón tromluí fisiceach agus meabhrach seo, throid sí in éadan an chéasta agus ar son cearta daonna agus cur chun cinn na síochána.

Chláraigh Dianna Ortiz leis na Siúracha Ursalacha agus í ina déagóir. Ba é an cuspóir ba thábhachtaí riamh ag an Ord atá ar an fhód lá corradh agus 400 bliain ná oideachas a sholáthar do chailíní agus aire a thabhairt dóibh siúd a bhí ar an ghannchuid nó a bhí tinn. 

Theagasc Dianna Ortiz i naíolann ar feadh deich mbliana sular aistrigh sí go Guatamala i 1987 agus í 28 mbliana d’aois.

Obair chontúirteach a bhí ann ag tréimhse thar a bheith contúirteach. 

Bhí Guatamala á réabadh as a chéile ar feadh na mblianta de chogadh cathartha a tháinig sa tóir ar coup a d’eagraigh an CIA i 1954 inar cuireadh Jacobo Árbenz, an t-uachtarán forásach a toghadh go daonlathach, as oifig.

Ina áit, cuireadh deachtóireachtaí míleata den eite dheis ar bun le tacaíocht SAM, dronga a chuaigh i mbun cinedhíothaithe in éadan mhuintir Maya na tíre.

Le linn an chogaidh chathartha a mhair 36 bliain, maraíodh corradh le 200,000 Guatamalach, scriosodh níos mó ná 600 sráidbhaile agus díbríodh daoine gan áireamh - tuathánaigh Maya den chuid is mó.

Taobh istigh de dhá bhliain i ndiaidh í bogadh go Guatamala, thosaigh an tSiúr Dianna ag fáil bagairtí i litreacha a mhol dí an tír a fhágáil.

Sa deireadh, d’imigh sí ar ais chuig teach an oird in Kentucky. Ach ní thiocfadh léi bheith ar a suaimhneas.

D’fhill Ortiz ar Ghuatemala i mí mheán an Fhómhair, 1989. An mhí dár gcionn, thosaigh sí a fháil bagairtí báis ach ar mhaithe lena sábháilteacht, chinn Ortiz ar thearmann a fháil in Posada de Belén, clochar agus díseart 170 míle de San Miguel in Antigua.

Ar an 2 Samhain, bhí Ortiz ag léamh sa ghairdín nuair a d’athraigh a saol as a riocht go deo na ndeor. In agallamh a rinne sí, chuimhnigh sí ar eachtraí an lae sin.

“Chuala mé glór domhain fir ar mo chúl: ‘Dia duit, mo ghrá’ ar sé i Spáinnis. ‘Tá rudaí le plé againn.’  

“Thiontaigh mé agus chonaic mé an ghrian ag glioscarnach ar ghunna a bhí ag fear a rinne bagairti orm ar an tsráid uair amháin roimhe.

Bhrúigh sé fein agus a chomhghleacaí mé isteach i mbus, agus ina dhiaidh sin, chuir siad isteach i gcarr póilíní mé, inar chuir siad dallóg orm.

“Bhain muid foirgneamh amach agus threoraigh siad mé síos staighre mé agus d’fhág mé i gcillín dorcha, áit a dtiocfadh liom fear agus bean a chluinstin agus iad á gciapadh.

“Ar theacht ar ais do na fir, dúirt siad liom gur guerrilla a bhí ionam agus thosaigh siad mo dhiancheistiú. Le gach freagair a thug mé, dhóigh siad mo dhroim nó mo bhrollacha le toitíní.

Ina dhaidh sin, d’éignigh siad arís agus arís eile mé,” ar sí.

Ag pointe amháin, bhog na fir isteach i seomra ina raibh bean eile í. Níos maille, phill siad agus camera agus machete leo. Deir Ortiz gur chuir siad bru uirthi an bhean eile a mharú le linn doibh bheith á scannanú mar fhianaise ina héadan.

Mhaígh sí fosta go raibh Meiriceánach i measc lucht a ciaptha ach nuair a thug sé faoi deara gur Meiriceánach ise, chuidigh sé léi, á tiomáint ar shiúl.   

“Dúirt sé go raibh sé ansin le Guatamala a shaoradh ón Chumannachas,” arsa Ortiz. 

Má shíl an bhean rialta go bhfaigheadh sí ceart agus cóir ina tír dhúchais, bhí dul amú uirthi.

Mhaigh taidhleoirí SAM gur eagraigh sí féin fuadach bréige le brú a chur ar rialtas George H.W. Bush cabhair mhíleata do Ghuatamala a stopadh. 

“Thug rialtas SAM maoiniu, traenáil agus fearas do scuaid mharfacha Ghuatemala - na daoine céanna a chiap mé,” ar sí.

Sceith oifigigh Mheirceanaigh an ráfla go raibh sí ag iarraidh caidreamh leispiach a cheilt, an cleas céanna a d’imir feidhmeannas Ronald Reagan le bean rialta Ursalach eile a dhanmú, Dorothy Kazel a maraíodh i gcuideachta bheirt bhanrialta eile in El Salvador i 1980.

Bhí bua de chineál éigin ag Ortiz i mí Aibrean 1995 nuair a rialaigh cúirt i Meiricea go gcaithfeadh an Gen. Héctor Gramajo, aire cosanta Guatemala suim $47.5 milliún a thabhairt do naonúr a ciapadh sa tír, Ortiz ina measc. 

In 1999, rinne an tUachtaran Bill Clinton leithsceal do mhuintir Ghuatamalan as an ról a d’imir Stáit Aontaithe Mheiriceá sa dortadh fola, sa sceimhle agus sa chos ar bolg.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe now to get full access

Irish language