Irish-Language

Féile a ligfidh duit do shamhlaíocht a úsaid le dul i ngleic le fadhbanna 2021

<strong>SMAOINTEOIREACHT &Uacute;R</strong>: T&aacute; samla&iacute;ocht agus cruthaitheacht de dh&iacute;th orainn le dul i ngleic leis na fadhbanna ollmh&oacute;ra at&aacute; romhainn sa 21&uacute; haois seo ach t&aacute; daoine cumasacha ar n&oacute;s Bonnie Greer (thuas), Noam Chomsky agus Paul Mason ann le comhairle a chur orainn, maith n&oacute; olc san fh&eacute;ile Imagine at&aacute; ar na gaobhair.
SMAOINTEOIREACHT ÚR: Tá samlaíocht agus cruthaitheacht de dhíth orainn le dul i ngleic leis na fadhbanna ollmhóra atá romhainn sa 21ú haois seo ach tá daoine cumasacha ar nós SMAOINTEOIREACHT ÚR: Tá samlaíocht agus cruthaitheacht de dhíth orainn le dul i ngleic leis na fadhbanna ollmhóra atá romhainn sa 21ú haois seo ach tá daoine cumasacha ar nós Bonnie Greer (thuas), Noam Chomsky agus Paul Mason ann le comhairle a chur orainn, maith nó olc san fhéile Imagine atá ar na gaobhair.

SAMHLAIGH domhain ina mbeadh cur agus cúiteamh mar ghnáth-mhodh réitigh fadhbanna i measc daoine atá naimhdeach lena chéile.

Nó samhlaigh domhan inar pléadh dul chun cinn i gcúrsaí casta an tsaoil seo go mion agus gan aon ghandaid.

Samhlaigh ag foghlaim rudaí úra, dóigheanna eile le breathnú ar an stair nó ar an pholaitíocht nó ar chúrsaí sóisialta.

Bhuel, sin cuid de na haidhmeanna atá ag an fhéile Imagine a reáchtáiltear i mBéal Feirste uair sa bhliain, ar Zoom i mbliana mar gheall ar an víreas coróineach.

San iomlán, beidh 115 craoladh gréasáin (webcasts) le feiceáil agus é mar aidhm acu deis a thabhairt do dhaoine ceisteanna tromchúiseacha ár linne a phlé fríd chainteanna, ceardlanna, greann, ceol, amharclannaíocht, scannáin, taispeántais “a thabharfaidh deis dúinn dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn.”

I measc na n-ábhar ar an chlár seachtaine, tá an chríochdheighilt 100 bliain ó shin; an Breatimeacht; an t-athrú aeráide, COVID-19 agus Black Lives Matter agus beidh bunús na n-imeachtaí saor in aisce.

Deir lucht na féile go bhfuil sé go hiomlán “non-partisan” agus glacaim leis go hiomlán go bhfuil siad dáiríre ach mothaím go dtiocfadh leo imeacht nó imeachtaí faoin Ghaeilge nó i nGaeilge a chur san áireamh ach sin ceist do lá eile.

An rud is suntasaí a gcuirfidh Gaeilgeoirí suim ann is é Managing bilingual societies in Europe, caint a thabharfaidh Cecilia Gialdini agus Marc Olivier-Loiseau ó Ollscoil Uladh.

An mbeidh siad ag díriú ar an Ghaeilge? Nope. Gascogne na Fraince agus an Tioróil Theas san Iodáil.

Sin ráite, deir an dís go mbeidh siad ag déanamh comparáid idir stát smachtúil nach n-aithneoidh ach aon teanga amháin agus stát a chosnaíonn cultúir mionlaigh ar bhonn gníomhach agus fríd sin déanfaidh siad cur chuige difriúla maidir leis an éagsúlacht teanga, ag aithint na dea-chleachtais is fearr agus straitéisí atá gearrbhreathnaitheach.

“I dteannta leis an lucht féachana, déanfaidh muid iarracht céim níos faide a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar chúrsaí anseo maidir le hAcht na Gaeilge.” 

Beidh As we speak: Managing bilingual societies in Europe ar siúl ar an 25 Marta ag 6pm.

Cionn is go bhfuil an fhéile ar líne, is féidir léi daoine a mhealladh nach mbeadh deis a dhéanamh dá mbeadh sé “beo”.

Ar thús cadhnaíochta ar ndóigh, tá Noam Chomsky, an Meiriceánach atá aitheanta ar fud na cruinne mar theangeolaí, mar fhealsúnaí agus mar ghníomhaí polaitiúil.

Beidh Chomsky faoi agallamh ag William Crawley in imeacht dar teideal Reflections on The Future of Democracy ar an 22 Márta ag a 8pm.

Is cuma cá háit a bhfuil tú ar an speictream polaitiúil, beidh an comhrá seo thar a bheith suimiúil.

An oíche dár gcionn ar a 8pm, tabharfaidh Bonnie Greer ceann de na cainteanna eile a bhfuil mé ag dúil go mór leis.

Chuir Greer go mór lena lucht leanúna in Éirinn nuair a dúirt sí  ar an teilifís” “I hear people talking as if this country (an Bhreatain) owns Ireland. Ireland owes this country nothing.”

Mar sin de, beidh caint s’aici thar bheith suimiúil agus í ag caint ar an “Samhradh Dearg” tréimhse i 1919 nuair a d’ionsaigh daoine geala – Éireannaigh sa chuid is mó – daoine dubha i Chicago.

Sa chlár, deir sí: “Ba é an chéad dráma a léirigh mé riamh ná dráma darb ainm 1919 atá suite le linn Red Summer, círéibeacha idirchiníocha a tharla i Chicago díreach i ndiaidh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.

“Dronganna Éireannacha a chuir tús leis na círéibeacha seo agus tá súil agam labhairt faoin chaidreamh atá ag pobail dhubha Mheiriceá agus Gaeil-Mheiriceánaigh; faoi MAGA, Joe Biden agus an bealach chun tosaigh do Mheiriceánaigh de shliocht na hAfraice agus na hÉireann.”

Chuala mé Paul Mason ag caint ar an nasc idir an caipitleachas agus an Coróinvíreas anuraidh agus bhí cuid mhór lón machnaimh sa mhéid a bhí le rá aige.

Beidh Mason ar ais sa chibirspás agus é ag caint ar Storming the Capitol: Trump, the far right and state failure in the USA, caint ina ndéanfaidh sé anailís ar éirí amach na heite deise ar an 6 Eanáir i Washington DC.

Deir sé go bhfuil an faisisteachas ag athrú agus go bhfuil sé ag éirí níos deacra ag rialtais liobrálacha troid ina éadan.

Agus é céad bliain i mbliana ó cuireadh an críochdheighilt i bhfeidhm, beidh díospóireacht shuimiúil eile ar siúl, eagraithe ag Áras Uí Chonghaile ar Bhóthar na bhFál ina bpléifear The Future of Partition: Women’s Perspectives.

Ar an phainéal, beidh beirt aontachtóirí, Julie-Ann Corr-Johnston agus Sarah Creighton agus beirt náisiúnaithe,  Andrée Murphy agus Clíodhna Nic Bhranair.

Ar an 25 Márta ar a 2pm, is féidir sos a fháil ó na hábhair tromchúiseacha seo agus toiseacht a mhachnamh ar Bhéal Feirste nó ar Dhoire nó ar bhaile mór ar bith san am atá le teacht.

Samhlaigh an Ascaill Ríoga, mar shampla, agus foraois uirbeach ina lár nó páirc súgartha ar bharr Castle Court.

Leis na féidirtheachtaí sin a phlé, tá ceardlann á reáchtáil ag Urban Scale Interventions (USI) ina gcuirfidh siad an dá thogra seo chun cinn, the Urban Forest agus The Belfast Rooftop Festival.

Ó thaobh an cheoil de, tá mé ag tnúth go mór le Democracy Dances, an saothar úr do cheolfhoireann agus electronica ata cumtha ag Conor Mitchell.

Shíl mé go raibh an saothar deireanach de chuid Conor, Abomination: a DUP Opera – a bhain le cás Iris Robinson agus Kirk McCambley – go hiontach agus beidh Conor ag caint ar a thaithí mar chumadoir atá sásta dul i ngleic leis an pholaitíocht in 2021, in agallamh le Patrick McCarthy ó Cheolfhoireann Uladh.

Mothaím go bhfuil go leor in easnamh san fhéile seo ach ta barraíocht stuif iontach ann le mé féin a mhealladh chuig mo scáileán ríomhaire go mion agus go minic.

::  Is féidir gach eolas ar an fhéile a fháil ag imaginebelfast.com