Irish-Language

Jenny ina stiúrthóir cruthaitheach ar amharclannaíocht na hintinne

<strong>JENNIFER GOGGIN: </strong>Thosaigh gairmr&eacute; Jenny ag Raidi&oacute; na Life agus Raidi&oacute; R&iacute;-R&aacute; sular chaith s&iacute; s&eacute; bliana ag obair ar Blas de chuid BBC Raidi&oacute; Uladh. T&aacute; an Corca&iacute;och ar dhruim na muice san Astr&aacute;il i l&aacute;thair ag obair le PodcastOne Australia
JENNIFER GOGGIN: Thosaigh gairmré Jenny ag Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá sular chaith sí sé bliana ag obair ar Blas de chuid BBC Raidió Uladh. Tá an Corcaíoch ar dhr JENNIFER GOGGIN: Thosaigh gairmré Jenny ag Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá sular chaith sí sé bliana ag obair ar Blas de chuid BBC Raidió Uladh. Tá an Corcaíoch ar dhruim na muice san Astráil i láthair ag obair le PodcastOne Australia

AGUS Í AR a bealach ó Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh go Baile Átha Cliath agus uaidh sin go Béal Feirste, d’fhoghlaim Jennifer Goggin fírinne iontach tábhachtach – gur fiú go mór dul sa seans.

Mar léiritheoir de chuid Blas a chuir mé aithne i gcéaduair ar Jenny ach inniu, tá an Corcaíoch mná i Melbourne na hAstráile, duine de na mná óga is mó gealladh i saol na podchraoltóireachta agus í mar Cheannasaí Ábhair ag an chomhlacht phríobháideach an-rathúil, PodcastOne Australia.

Is beag déagóir a dtig leo a shamhail cad é mar a bheadh saol s’acu deich mbliana chun cinn agus sin mar a bhí sé i gcás Jenny.

Chuir a tuistí chuig Gaelscoil i mBaile an Chollaigh í, áit a bhfuair sí oideachas den scoth, agus nuair a d’fhág sí an scoil, chuaigh sí go BÁC le staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht agus ar an Ghaeilge in Institiúid Teicneolaíocht Bhaile Átha Cliath.

“Theastaigh uaim a bheith i m’iriseoir iniúcach, ag déanamh fiosrúcháin tábhachtacha agus rinneas roinnt obair iriseoireachta ach bhí léachtóir agam darbh ainm Íte Ní Chionnaith a dúirt

liom gur mhaith léi go ndéanfainn taithí oibre i Raidió na Life agus i Raidió Rí-Rá,” a mhíníonn Jenny, “ach ní raibh suim dá laghad agam sa raidió an t-am sin ach chreid Íte go mbainfinn sult as,” arsa Jenny.

Níor bhain sí sult as – thit sí i ngrá leis, ag obair le fuaim agus ag léiriú cláracha ach go háirithe.

Nuair a tugadh rogha di fanacht leis an iriseoireacht chló, chinn sí ar thrí mhí a chaitheamh ag obair ar chláracha faisnéise raidió, rud a thaitin go mór léi.

Ach ag deireadh an chúrsa céime, i dtrátha 2009, ba bheag obair sna meáin a bhí ar fáil ó deas ach ar an deá-uair, bhí post ag dul i mBéal Feirste, ag an BBC.

“Ar na chéad jabanna a bhí agam, b’éigean dom athleaganú a dhéanamh ar chluichí ríomhaireachta – cé nach raibh taithí ar bith agam ar an chineál sin oibre!” ar sí.

Bhí Antaine Ó Donnghaile ina eagarthóir ar BBC Gaeilge ag an am agus chuaigh seisean sa seans leis an chailín óg agus taobh istigh de cúig mí, bhí Jenny ag obair ar Blas, príomhchlár Raidió Gaeilge Raidió Uladh.

Léiríonn sé seo an tábhacht atá leis an chéad chéim éiginnte sin a ghlacadh. Cé go raibh sí ar bheagán taithí, chuir sí a croí sa jab agus uaidh sin a tháinig deiseanna corraitheacha ina dhiaidh.

“Measaim, achan uair a bhfuaireas post, fág nó breith a bhí ann,” ar sí.

“Dúirt mé liom féin, ‘níl seans agam an post seo a fháil ach déanfaidh mé an t-agallamh’ agus ar an dóigh sin, chuir daoine aithne orm agus in amanna dúirt siad: ‘ní chreideann muid go bhfuil an jab seo ag fóirstin duit ach tá rud éigin eile againn.’

“Is dócha gurbh é sin an chaoi go bhfuaireas na céimeanna in airde a fuair mé nó ag dul sa seans in áiteanna eile.”

Deir Jenny gur fhoghlaim sí cuid mhór ag BBC Gaeilge cé go raibh sé aisteach a bheith ag obair sna meáin Ghaeilge cionn is nach bhfuil na foinsí céanna ar fáil mar atá ag na meáin Bhéarla ach “thug an fhoireann ag Blas traenáil den chéad scoth dom ar conas léiriúchán Raidió a dhéanamh, guthanna a thaifead, scripteanna a scríobh, bheith eolach ar chúrsaí dlí mar a bhaineann siad leis an raidió, conas eagarthóireacht a dhéanamh ar fhuaim, na rudaí sin go léir agus bhí Treasa Breathnach ach go háirithe thar a bheith fial liom.

“Ba í a theagasc dom an dóigh le struchtúr ceart a chur ar chláracha faisnéise, agus na slite le bheith cruthaitheach le fuaim le go dtig leat scéal láidir a thógáil nó scéal siamsúil a insint agus bhí an méid a d’fhoghlaim mé ó Threasa thar a bheith tábhachtach dom, na scileanna atá aici agus an work ethic chomh maith!” 

Ar na rudaí eile a raibh Jenny freagrach as, bhí podchaoladh Blas, gné eile den obair a thaitin go mór lei.

I ndiaidh sé bliana ag an Bheeb, chinn Jenny ar aistriú chun na hAstraile, áit a bhfuil beirt dhearthaireacha lei ina gconai. Arís eile, bhain sé le dul sa seans.

Rinne sí clár do BBC Radio 4 faoi chimí Death Row i bpriosúin i Meiricea a chuaigh an oiread sin i bheidhm ar ABC na hAstráile gur iarr siad cead uirthi é a chraoladh thall.

Chonaic Jenny an deis láithrach bonn. Rachadh sí go Sydney le trí mhi a chaitheamh ann, rud beag taistil a dhéanamh ach tá sí ann le trí bliana go leith anois agus í mar Cheannasaí Ábhair (Head of Content) ag PodcastOne Australia.

Sa treimhse sin, d’fhorbair sí níos mó ná 50 coincheap podchraolta agus leathnaigh  a foireann léiriúcháin ó sheachtar go 11 duine agus tá sí freagrach fosta as straitéisí digiteacha agus sóisialta a thógáil le fás lucht féachana a chur chun cinn.

Ar na podchraolta is rathúla dá ndearna sí, tá Zero Waste Baby, sraith faisnéise grinn ina bhfuil an fuirseoir Astrálach, Veronica Milsom, mar “a mum on a mission to reduce her tiny newborn’s massive waste footprint.” Clúidíní, uachtair, orla, an stuif sin uilig.Yukky ach iontach greannmhar ag an am céanna, tá gradaim buaite ag an tsraith.

Measann Jenny gur féidir go bhfuil tuirse ar dhaoine bheith ag amharc ar scáileáin  – gutháin, ríomhairí nó teilifíseáin agus go bhfuil siad ag dul i dtreo na bpodchraolta le bheith “transported to the theatre of the mind.”

“Tá 1.3 milliún podchraoladh ar Apple Podcasts agus is doiligh dul i bhfeidhm ar dhaoine i margadh chomh mór sin,” ar sí, “ach tá podchraolta difriúil sa mhéid is nach bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh gach uile dhuine páirteach iontu, bíonn siad ag plé lena “dtreibheanna” féin.

“Tá siad iontach niche, tá sé cosúil le bheith ag caint le do chairde ach tá tairbhe an-mhór ag baint leis sin fosta.

“Thig leat comhairle a fháil – faoi chúrsaí airgeadais, mar shampla – duitse agus duit féin amháin, saor ina aisce. 

“Tá an t-oideachas á dhaonlathú fríd phodchraolta má aimsíonn tú an saineolaí ceart ar an phodchraoladh ceart, is cuma cad é an rud ina bhfuil suim agat.

“Tá sé sin iontach tábhachtach ag daoine agus measaim nach trend atá ann ach go mairfidh an próiseas seo agus go rachaidh sé chun cinn san am atá le teacht,” arsa Jenny.

Chonaic sí an todhchaí agus fríd phodchraoltaí a thiocfaidh sé.