Irish language

Amhráin i gcuimhne Douglass agus iar-sclábhaithe a tháinig go hÉirinn

AN DR CHRISTINE KINEALY: Thug an teagascóir in Ollscoil Quinnipiac agus stiúrthóir Institiúd an Ghorta Mhóir san ollscoil dhá chaint ag an dieadh seachtaine inar chuir sí síos ar amhráin a bhain leis an sclábhaíocht agus ar 10 cealaitheoirí dubha a thug cuairt ar Éirinn le cainteanna poiblí a thabhairt a mheall na sluaite. 
Robert McMillen

NACH iontach iad in amanna na bealaí a tharlaíonn gan coinne agus tú ag cuardach rud éigin ar an idirlíon ach téann tú ar seachrán?

Tharla sé domsa an tseachtain seo caite agus mé ag dul fríd facebook. In iontráil de chuid Mick Moloney, an ceoltoir/amhranaí/eitnicheoleolaí Éireannach nuair a chonaic mé tagairt do Connections in African & Irish American Experiences, shiompóisiam a bhí le bheith ar siúl an lá sin agus é á shruthú beo ar an Idirlíon.

Bhí aithne agam ar chuid de na rannpháirtithe – Mick, Lenwood Sloan ar scríobh mé faoi ar na leathanaigh seo cúpla seachtain ó shin agus Christine Kinealy a bhíodh in Ollscoil Learphoill ach atá anois ag obair in Ollscoil Quinnipiac in Connecticut, ait a bhfuil sí ina stiúrthóir ar Institiúid an Ghorta Mhóir na hollscoile.

Taobh amuigh den tsiompóisiam, thug Christine caint ar laoch de chuid an chine dhuibh, Frederick Douglass agus an dúil a bhí aige sa cheol agus in amhráin.

Tá Christine chomh maith mar DJ is atá sí mar bhean léinn!

Bhíodh an-dúil ag Douglass sa cheol agus nuair a theith sé ó Mheiriceá i lár na 1840idí, bhí dhá leabhar ceoil ar an bheagán a thug sé leis.

Bhí an chaint a thug an Dr Kinealy thar a bheith suimiúil agus taitneamhach.

Ar an chéad amhrán a sheinn sí, bhí an t-amhrán thar a bheith aitheanta Amazing Grace le Sasanach darbh ainm John Newton, fear a bhí gníomhach i dtrádáil na sclábhaithe é féin agus bithiúnach ceart de réir cosúlachta.

Ach in 1748, chuaigh an long sclábhaíochta a raibh Newton air, The Greyhound, i dtír ar chósta Thír Chonaill.

Rinneadh an Greyhound á athchóiriú i Loch Súile agus tháinig Newton chuige féin i ndiaidh an longbhriste i mBun Cranncha. 

Ag aithint chomh congarach ais a bhí sé don bhás, thiontaigh Newton ina Chríostaí déanta agus ina ghníomhaire in éadan na sclábhaíochta.

Scríobh sé an t-iomann, Amazing Grace, leis an dóigh a dtáinig sé ar ghrásta Dé agus mar a d’athraigh a dhearcadh ar an saol as sin amach.

Ar na hamhráin eile a sheinn an Dr Kinealy, bhí The Minstrel Boy le Thomas Moore, amhrán ar chuir Frederick Douglass an-dúil ann. Chuala an Meiriceánach an chéad uair e nuair a bhí sé ag taisteal na tíre  gcuideachta Daniel O’Connell, ag tabhairt cainteanna cumhachtacha paiseanta deisbhéalacha ar cheist na sclábhaíochta le tacaíocht ón Fhuasclaitheoir. 

Má bhí poirt na hÉireann agus ceannaithe Éireannacha ag saothrú na múrtha airgid as tionscal na sclábhaíochta, bhí guthanna ag moladh cealú na sclábhaíochta le cluinstin ag an am céanna agus daoine dubha ag teacht go hÉirinn leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh – agus cuireadh fearadh na fáilte rompu.

Ar ndóigh, ba é Douglass an duine ba chlúití acu ach i gcaint eile a thug Christine Kinealy, bhí ceann ar Black Abolitionists in Ireland, bunaithe ar a leabhar den ainm céanna.

Déanta na fírinne, deir sí gur tháinig tuairim’s ar 25 cealaitheoirí go hÉirinn ag iarraidh tacaíocht a fhail lena bhfeachtas deireadh a chur leis an chleachtas mídhaonna brúidiúil.

Shil gach duine acu gur eispéireas ar leith a bhí ann teacht anseo agus ní nach ionadh.

D’fhreastail scaiftí móra ar na cruinnithe a reáchtáladh dóibh agus dúirt Douglass gurbh iad na hÉireannaigh an dream ba dhíograisí ar fad de na daoine ar chas seo leo.   

Chuala mé féin iomrá ar Equiano Olaudah roimhe. 

Bhí a fhios agam gur fuadaíodh é féin agus a deirfiúr san Afraic agus é 11 bhliain d’aois ach gur éirigh leis a shaoirse a cheannacht sular bhog se go Londain le bheith ina chomhairleoir do William Wilberforce.

“Tháinig Equiano go hÉirinn i 1791-92, tráth a raibh Éireannaigh faoi thionchar réabhlóidí Mheiriceá agus na Fraince agus iad ag iarraidh poblacht a bhaint amach dóibh féin,” a mhínigh an Dr Kinealy.

“Bhí Equiano anseo ar cuireadh ó na hÉireannaigh Aontaithe agus tugann sé ‘joyous’ ar a chuairt anseo, go háirithe an seal a chaith sé i mBéal Feirste.

“Spreag an turas go mór é agus d’éirigh sé gníomhach i bpolaitíocht radach nuair a chuaigh sé ar ais do Londain ach níl a fhios againn cad é a bhain dó ina dhiaidh sin. “Níl a fhios againn cá bhfuil sé curtha, fiú,” ar sí.

Le linn na cainte, thug an Dr Kinealy cuntais gearra ar an seachtar fear eile agus ar an bhean amháin a tháinig go hÉirinn le stocaireacht a dhéanamh ar son sclábhaithe nach raibh chomh hádhúil nó chomh hacmhainneach leo féin. 

Is ceist í atá thar a bheith suimiúil a léiríonn na nascanna folaithe idir muid fein agus an cine dubh.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe now to get full access