Irish-Language

An spotsolas á dhiriú ar litríocht an aicme oibre – rud is annamh

<b>SCR&Iacute;BHNEOIREACHT NA COSMHUINTIRE: </b>T&aacute; taith&iacute; an aicme oibre le f&aacute;il i leabhar &uacute;r ina bhfuil scribhneoir&iacute; ar n&oacute;s Linda Ervine (thuas) Celia de Fr&eacute;ine, arb as Co an D&uacute;in &oacute; dh&uacute;chas di, agus an comhfhreagra&iacute; polaiti&uacute;&iacute;l Eoin &Oacute; Murch&uacute; a rugadh i Londain&nbsp;
SCRÍBHNEOIREACHT NA COSMHUINTIRE: Tá taithí an aicme oibre le fáil i leabhar úr ina bhfuil scribhneoirí ar nós Linda Ervine (thuas) Celia de Fréine, arb as Co an Dúin ó dhú SCRÍBHNEOIREACHT NA COSMHUINTIRE: Tá taithí an aicme oibre le fáil i leabhar úr ina bhfuil scribhneoirí ar nós Linda Ervine (thuas) Celia de Fréine, arb as Co an Dúin ó dhúchas di, agus an comhfhreagraí polaitiúíl Eoin Ó Murchú a rugadh i Londain 

AR NA RUDAÍ is maoithní a mbeidh cuimhne ag daoine air faoin bhliain seo 2020, beidh an bualadh bos a thug daoine macánta do laochra na seirbhíse sláinte, na daoine sin a bhí i mbéal an chatha in éadan Covid-19.

Níos faide anonn agus tá moill á dhéanamh ar an ardú pá a bhfuil oibrithe NHS i Sasana; dhiúltaigh an rialtas ó dheas airgead a thabhairt do mhic léinn leighis a bhí fostaithe le tacaíocht a thabhairt d’otharlanna a bhí go mór faoi bhrú mar gheall ar an phaindéim agus ó thuaidh, bliain i ndiaidh iad dul ar stailc den chéad uair le 103 bliain, tá ráite ag an Royal College of Nursing (RCN) gur beag atá athraithe i ndiaidh na ngeallúintí a tugadh ag an am.

Nach gairid a mhaireann buíochas na n-údarás.

Ar ndóigh, bhí sé amhlaidh ó thús aimsire. 

Chuir an phaindéim faoinár súile nach féidir le sochaí ar bith feidhmiú gan an lucht oibre ach léirigh an Coróinvíreas sochaí atá deighilte i mórán bealaí agus orthu sin, tá an dóigh a ndéantar neamhaird ar stair, ar eispéiris agus ar luachanna an lucht oibre.

Tosaíonn cnuasach úr de scríbhneoireacht ó bhaill den aicme oibre, From the Plough to the Stars: An Anthology of Working People’s Prose from Contemporary Ireland le dán iontach leis an drámadóir Gearmánach, Bertold Brecht.

In Fragen Eines Lesenden ArbeitersCeisteanna ó Oibrí a Léann, a cumadh i 1935, cuireann Brecht ceisteanna faoin stair a theagasctar dúinn ar scoil agus ar ollscoil.

Sa dán, luann Brecht cathracha móra na staire – Thebes, Babylon agus An Róimh agus iontais eile an domhain. Cérbh iad na daoine a thóg iad? 

Cérbh iad na maoir agus na saoir a thóg Balla Mór na Síne agus cad é an cineál saoil a bhí acu? 

“Cá háit, an tráthnóna ar críochnaíodh Balla Mór na Síne, a ndeachaigh na saoir?” a fhiafraíonn Brecht agus “Chaoin Pilib na Spáinne nuair a chuaigh a loingeas go grinneall na mara. Ar chaoin duine ar bith eile deora?

Chuir sé seo an Belgrano i gcuimhne dom ach baineann sé leis na saighdiúirí uilig gan ainm, gan aitheantas, a thit i bpáirceanna áir ar fud na cruinne. 

50 caibidil ar fad atá in From the Plough to the Stars cuid acu i nGaeilge agus an mhórchuid i mBéarla, cuid acu atá go hiontach agus cuid eile nach bhfuil chomh maith céanna.

Is fiú an leabhar a cheannacht le scéal Linda Ervine amháin a léamh.

Education brúidiúil agus caoin, éadóchasach agus thar a bheith spreagúil.

Cuireann Linda síos go neamhbhalbh ar a saol, gan pioc maoithneachta ná féin-trua.

Bhí sí ag iompar clainne agus í 16 bliana d’aois, ag obair mar ghlanadoir nó i chippy ach i ndiaidh beirt phaiste eile, chinn sí dul gur mhaith léi pilleadh ar an fhoghlaim.

Chuaigh a fear céile léi chuig an lá oscailte in Ollscoil na Bariona ach ba léir go raibh sé thar a bheith míchompordach. Bhí Linda, ar an lámh eile, thar a bheith tógtha.

Chun an bhaile leo agus chuaigh Linda chuig a chuid oibre sa chippy. Níos faide anonn, nocht a fear ag doras an tsiopa agus bhain an abairt seo geit asam.

“There was no mention of our visit (ar an ollscoil) that day but when he punched me, I got the message and somewhere inside me I decided that nothing would stop me from going to university.” 

Tá sé sin ar cheann de na habairtí is fearr dár léigh me riamh, ó údar ar bith, tá an oiread sin gnéithe éagsúla fite fuaite ann.

Ceanglaíonn sé leis an quote ó ghearrscéal Mháirtín Ó Cadhain, An Bhearna Mhíl, a foilsíodh in An Braon Broghach:

“B’fhada uaithi cuimhniú ach oiread gurb é an Duine ba chiontach leis an lear léanmhar a choinnigh in adhastar an anró agus amhgair í, ... a choinnigh faoi shíor-imní agus ag síorsclábhaíocht í.”

Is iomaí bean den aicme oibre a thuigfidh sin.

Ar an phíosa Gaeilge is mó a thaitin liom, tá Caoi leis an Ord Tábhachta a chaitheamh i dTraipisí? le Celia de Fréine – tá leagan Béarla ann fosta faoin teideal A Way in Which to Overturn the Pecking Order?

“Nuair a bheidh sé seo uile thart, cén chaoi a ndéanfar ceiliúradh ar na hoibrithe úd ar phá íseal, gléasta go heasnamhach, a chuir a mbeatha féin i mbaol ar mhaithe le haire a thabhairt do na heasláin agus dóibh siúd a bhí ag fáil bháis?” a fhiafraíonn sí sula n-ofrálann sí cineál fabhalscéil dúinn.

Cuireann Eoin Ó Murchú, colúnaí le tuairisc.ie a chluin muid go minic ar Raidió na Gaeltachta, cuireann sé síos ar an Londain inar chónaigh sé féin agus cuid mhór gaolta leis.

Scríobhann sé go raibh dóigh ar leith acu déileáil leis an chiníochas fríth-Éireannach.

“Nuair a dúradh linn ‘go back to where you come from’, bhí gliondar orainn mar bhíothas ag tabhairt aitheantas don fhíric nár bhain muid leis an tír sin, ach gur bhain muid le háit éicínt eile agus bhain áit éicínt eile linn.”

Tá idir dhrámaí, chuimhní cinn agus scéalta a chuireann síos ar thaithí an lucht oibre in achan chearn d’Éirinn, uirbeach agus tuaithe in From the Plough to the Stars. 

Le linn an Renaissance, tháinig ealaíontóirí agus scríbhneoirí nár den uasaicme iad chun cinn.

Agus an spotsolas ar dhaoine ar phá íseal atá ag coinneáil an tsochaí ag gluaiseacht, nach mithid go mbeadh an aicme oibre a chur féin in iúl agus a mianta agus a n-uaillmhian agus a riachtanais a éileamh?  

From the Plough to the Stars: ISBN: 978-1-912710-25-6. Luach: €12/ £11 móide p&p. ar fáil ó shuíomh idirlín Culture Matters ag culturematters.org.uk.