Irish language

Léargas beag úr ar an chaidreamh idir Éireannaigh agus daoine dubha

LENWOOD (LENNY) SLOAN: Tá an-eolas ag Lenny agus ag Mick Moloney ar stair an cheoil a cruthaíodh nuair a bhí daoine dubha agus Éireannaigh i mullach a chéileagus ar an dóigh a bhfuil an dá chine níos cóngaraí dá chéile ná mar a thuigeann muid 

D’éirigh Lenwood Sloan go grástúil ón chathaoir agus bhog a cholainn mór láidir le gluaiseacht eascaí, rithimiúil.

Bhí “an tÉireannach dubh” ag léiriú an dóigh a mbíonn dhá chine ag damhsa, Éireannaigh agus daoine gorma.

Ba é an cleachtadh a bhí ag na hÉireannaigh go mbeadh an cholainn chomh righin le slat, gan an cloigeann ag bogadh, na lámha ag an taobh, na cosa ag dul chun tosaigh nó ag léimnigh in áit a bheith greamaithe don urlár.

Ó thaobh na ndaoine dubha, bhí an cholainn cruptha, na glúine lúbtha, na cosa spréite amach ar an talamh, na lámha sínte amach, agus an cloigeann ag casadh.

CÚPLA SEACHTAIN o shin, bhí agallamh agam ar an Irish News (i mBéarla) leis an cheoltóir, bailitheoir agus eitnicheoleolaí Ciarraíoch Mick Moloney.

Tá clú agus meas ar Mick mar gheall ar an stór mór amhrán atá bailithe aige a chuireann síos ar stair agus ar chultúr na nÉireannach i Meiriceá.

Thaitin an comhrá a bhí eadrainn go mór liom agus le linn an réamhthaighde tháinig mé ar chúpla caint a thug Mick agus Lenny Sloan, ónar fhoghlaim mé an dúrud faoin chaidreamh idir Éireannaigh agus an cine dubh sna Stáit Aontaithe le dhá chéad bliain anuas. 

Bhí sé níos casta ná mar a shíl mé.

Seachas Naomh Breandan, ar ndóigh, ba iad Albanaigh Uladh a chuir fúthu ar dtús sa tír ar a dtabharfaí na Stáit Aontaithe níos faide anonn.

Tá clú ar an dream seo mar gheall ar líon na n-Uachtarán a shíolraigh uathu agus an tionchar a d’imir siad ar bhreith an bluegrass agus old-time ach níl an oiread sin cainte faoin ról a bhí acu i ndíothú na ndúchasach Meiriceánach. 

Ní hé go raibh “taobh s’againne” i gcónaí ceart agus cóir; ní hé go raibh “an taobh eile” i gcónaí contráilte. 

Tá stair chasta idir Éireannaigh – na Scotch-Irish agus “Éireannaigh an Ghorta” araon – agus na ciníocha eile ina measc, daoine dubha, imircigh eile ón Eoraip agus ón Áis agus gach dream eile a bhí ag iarraidh saol suaimhneach a bhaint amach ar an Oileán Úr gan a bheith ag caint ar na bundúchasaigh a dhíshealbhaíodh ó tháinig an fear bán an chéad lá riamh. 

Bhí na hÉireannaigh agus iar-sclábhaithe ina measc i gcónaí ag bun an dréimire ach mar gheall ar an dath a bhí ar a gcraiceann, bhí tús áite i dtólamh ag an chine gheal.

Sa streachailt seo, d’éirigh leis na Gaeil lámh an uachtair a fháil mar gheall ar an dath a bhí ar a gcraiceann.

Deirtear gur éirigh na hÉireannaigh chomh ciníoch céanna nó níos measa ná na Poncánaigh ach tá an scéal níos casta ná sin. 

Mar shampla – agus cuirfidh sé seo iontas oraibh – 38% den chine dubh i Meiriceá, tá DNA Éireannach iontu.

Cad chuige a bhfuil sé chomh hard sin? Míníonn Sloan go dtéann sé siar go dtí na 18ú/19ú céad.

“I New Orleans an t-am sin, 31 an meán-ionchas saoil (average life expectancy) d’fhir Éireannacha den aicme oibre agus 18 i measc na mban.

“Ba é 36 an meán-ionchas saoil i measc mná dubha agus 14 meán-ionchas saoil i measc na bhfear dubh.”

Ciallaíonn sé seo, ar ndóigh, go raibh fir bhána Éireannacha agus mná dubha ar na daoine is faide a mhair agus ní nach ionadh gur tharla an t-imeascú seo.

Tugadh scéim darbh ainm plaçage isteach inar tugadh cailíní ar altramas d’Éireannaigh fear mar sin ní nach ionadh go raibh an cinemheascadh seo ann. 

Seo scéal a insíonn Lenny scéal le linn comdhála a raibh sé féin agus Mick Moloney páirteach inti. 

“Deireadh m’athair i gcónaí liom,” ar sé, “airgead a fháil as obair ar bith a rinne mé - seachas ó fhear amháin, fear geal, a bhí ina chónaí ag bun na sráide.

“Ní bhfuair mé amach go dtí níos faide anonn, nuair a bhí mé 25 bliana d’aois gur athair mór m’athar a bhí ann, mo shin-sheanathair. An fear bán seo.”

Agus sin mar a thosaigh Lenwood Sloan amach ar a aistear taighde a dhéanamh ar an nasc idir Éireannaigh agus daoine dubha i Meiriceá.

Luann sé an code noir a bhí i réim i Louisiana agus i stáit dheisceartacha eile a rialaigh gurb ionann stádas an Éireannaigh agus stádas an fhir dhuibh.

“An dóigh amháin le dul chun cinn a dhéanamh ná tú féin a bhogadh ón chatagóir “eile” go dtí an chatagóir “bán”,” arsa Sloan agus sin an rud a rinne na hÉireannaigh, a oiread spáis agus ab fhéidir a chur idir iad féin agus an fear dubh, ainneoin an bráithreachas a bhí ann go dtí sin agus ainneoin gur tháinig an dá chultúr, cultúr na hÉireann agus cultúr na nAfraiceach i Meiriceá, le chéile, ag athrú cultúr na Mór-roinne go deo.   

:: Is féidir Mick Moloney agus Lenwood Sloan a chluinstin ag www.youtube.com/watch?v=R1wS36FGXIQ

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe now to get full access

Irish language