Irish-Language

Fathach cúig troithe agus ceithre horlaí agus anam a thíre dúchais

<b>DIEGO MARADONA: </b>An tAirgint&iacute;neach agus &eacute; ar t&iacute; an liathr&oacute;id a chur san eangach, ceann de na c&uacute;il is fearr d&aacute;r sc&oacute;r&aacute;ladh riamh i gCorn an Domhain
DIEGO MARADONA: An tAirgintíneach agus é ar tí an liathróid a chur san eangach, ceann de na cúil is fearr dár scóráladh riamh i gCorn an Domhain DIEGO MARADONA: An tAirgintíneach agus é ar tí an liathróid a chur san eangach, ceann de na cúil is fearr dár scóráladh riamh i gCorn an Domhain

THÁINIG Diego Armando Maradona Franco ar an tsaol ar an 30 Deireadh Fómhair 1960. 

Rugadh san Airgintín é i gceantar beo bocht, ach do ghasúr nach raibh aige ach ón lámh go dtí an béal, ba í an pheil an chloch ba mhó ar a phaidrín agus is iomaí uair a d’imir sé le liathróidí stocaí mura mbíodh liathróid pheile aige. 

Nuair nach raibh sé ach ocht mbliana d’aois tugadh faoi deara go raibh bua na peile go smior ann. Chonaic scabhta peile é agus bhain an peileadóir beag a anáil de. 

D’iarr sé láthreach air a bheith ag imirt leis na Argentinos Juniors. 

Nuair nach raibh Maradona ach dhá bhliain déag d’aois, chuir sé an lucht féachana faoi dhraíocht lena scileanna sacair. 

Shíl a raibh ag amharc air go raibh an liathróid pheile ar téad aige agus ba chosúla le rinceoir ná le peileadóir é. Ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach agus an fear beag i mbun liathroide. Is iomaí fioreann pheile ar fud an domhain a bhí ag iarraidh Maradona a mhealladh chuig a gclub. 

D’imir an porteño sa Chorn Domhanda sa bhliain 1982 agus bhí a fhios ag an tsaol agus a mháthair go raibh rud éigin speisialta faoin imreoir peile seo. 

Thit an drioll ar an dreall ag an lucht féachana agus nuair a chonaic siad é ag druibleáil na liathróide agus ag scóráil na gcúl, ní thiocfadh leo a chreidbheáil cé chomh maith agus cé chomh gasta agus a bhí sé. 

Thar rud ar bith eile, bhí sé cruinn ar a chosa agus bhí an liathróid mar a bheadh maighnéad ann agus í faoi smacht aige. 

Shínigh sé conradh ar luach £5 milliún é le Barcelona agus chaith sé dhá bhliain leis an chlub. 

Tá an-dúil ag muintir na Spáinne sa sacar agus bhí ráchairt mhór ar na ticéid do na cluichí nuair a bhíodh Maradona ag imirt. 

Bhí a chuid deacrachtaí féin aige, áfach, in Barcelona. Gortaíodh cúpla uair é agus é ag imirt peile. Bhí ar na himreoirí eile é a stopadh leis an liathróid a fháil uaidh agus is minic a rinneadh calaois air. 

I ndiaidh a chuid ama sa Spáinn, thaistil sé chun na hIodáile agus shínigh conradh le Napoli. Thug muintir Napoli ‘ár slánaitheoir’ air cionn is gur éirigh thar barr leis an fhoireann nuair a tháinig Maradona agus is iomaí corn agus craobh a bhain siad agus an tAirgintíneach ar an fhoireann. 

Nuair a tháinig páistí ar an tsaol in Napoli tráth a raibh Maradona ar an fhoireann, thug na tuismitheoirí Maradona mar ainm ar a gcuid mac in ómós dó. 

Bhí sé mar a bheadh Dia ann do na daoine. 

Ar an drochuair agus é in Napoli chuir sé aithne ar bhaill den Mafia agus thosaigh sé a ghlacadh drugaí. 

Tháinig cuid mhór fadhbanna leis na drugaí agus tharla ansin go raibh sé sé chomh cáiliúil taobh amuigh den pháirc imeartha agus a bhí sé ar an pháirc. 

Nuair a fuarthas amach go raibh drugaí á nglacadh aige agus é ag imirt peile, tháinig deireadh lena thréimhse le Napoli. 

Ní raibh Maradona ach sé bliana déag d’aois nuair a d’imir sé a chéad chluiche dá thír dhúchais. 

Deich mbliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1986, bhain An Airgintín an Corn Domhanda agus deirtear gurbh é Maradona a bhain an Corn dá thír. 

Ba é an captaen é, an t-imreoir ab fhearr sa chomórtas agus tharraing sé seo clú domhanda air féin, mura raibh a leithéid air cheana féin. 

Bhí muintir na hAirgintíne an-bhródúil as Maradona agus ba é laoch na himeartha é i ngach cluiche.  

Scóráil sé dhá chúl in éadan Shasana agus méadaíodh ar a stádas mar gheall air sin. Bhain sé úsáid as a lámh leis an chéad chúl a aimsiú agus bhí muintir Shasana ar buile leis. 

Chuir sé an lucht féachana faoi gheasa leis an dara cúl, áfach, agus deirtear gurbh é sin an cúl ab fhearr dar scóráladh riamh sa Chorn Domhanda. 

Bhain An Airgintín an cluiche ceannais amach sa bhliain 1990 ach fuair an Iodáil an

ceann is fearr orthu agus fágadh Maradona ag caoineadh uisce a chinn. Nuair a d’éirigh Maradona as an pheil, thosaigh sé gairm úr le post mar bhainisteoir ar fhoireann náisiúnta. 

Níor éirigh go rómhaith leis agus bhí an caidreamh idir é agus an Mafia beo go fóill sa tréimhse seo agus é go fóill ag glacadh drugaí. 

B’andúileach é agus tháinig meath ar a shláinte dá dheasca. 

Chuir sé suas cuid mhór meacháin agus is iomaí uair ar tugadh chun na hotharlainne é.

Fuair sé bás Dé Céadaoin 25 de mhí na Samhna 2020 gan é ach trí scór bliain d’aois.  Go híorónta, is é sin an dáta céanna a bhfuair George Best bás cúig bliana déag roimhe. Is féidir go mbeidh siad beirt ag imirt peile sna flaithis! Creidtear go forleathan gurbh é Maradona an t-imreoir sacair ab fhearr dar imir an cluiche riamh agus gurbh é sméar mhullaigh an chnuasaigh é. 

Is cinnte nach mbeidh a leithéid arís ann. 

Suaimhneas síoraí air agus go raibh sé i lámha Dé anois.