Irish-Language

Ceanglaíonn an greann daoine as gach cearn den domhan le chéileHecto

<b>HECTOR NA hAFRAICE: </b>T&aacute; Hector &Oacute; hEochag&aacute;in i mbun si&uacute;il ar&iacute;s agus &eacute; ag taistil ar fud na hAfraice, ag toiseacht san Aet&oacute;ip, ag bogadh cun na S&uacute;daine agus ar deireadh go Ceinia
HECTOR NA hAFRAICE: Tá Hector Ó hEochagáin i mbun siúil arís agus é ag taistil ar fud na hAfraice, ag toiseacht san Aetóip, ag bogadh cun na Súdaine agus ar deireadh go Ceinia HECTOR NA hAFRAICE: Tá Hector Ó hEochagáin i mbun siúil arís agus é ag taistil ar fud na hAfraice, ag toiseacht san Aetóip, ag bogadh cun na Súdaine agus ar deireadh go Ceinia

DÁ LOCHTAÍ é a chuid Gaeilge is éigean a admháil do ndéan Hector Ó hEochagáin  cláracha taistil den scoth, is cuma cá háit ar domhan é ina leagann sé a chos.

Cruthaíonn fear Chontae na Mí meascán den ghreann agus den léargas – ach bíonn an bhéim i gcónaí ar an chéad ghné.

Ar na rudaí is tábhachtaí faoi na chlaracha, dar liom, léiríonn sé daoine daonna in áit na steiréitíopaí a bhíonn againn go minic de chiníocha ar an taobh eile den phláinéad.

Sa tsraith ár da chuid, An Afraic A-Z, tugann Hector aghaidh ar an Afraic agus gheobhaimid léargas ar an chéad trí áit a dtabharfaidh sé cuairt orthu agus é ar a bhealach ó Addis go dtína cheann cúrsa sa tSiombáib. 

Rachaidh sé ar safari, casfar curaidh Oilimpeacha, treibheanna, maoirseoirí fiadhúlra agus Rastafáraigh air, tabharfaidh sé cuairt ar fheirmeacha cat, ar shlumaí agus ar mhargaí camall, tabharfaidh Hector faoin aistear is teasaí dár thug sé faoi go dtí seo agus é ag déanamh a bhealaigh fríd mhór-roinn na hAfraice. Cuirfidh sé tús lena thuras in Addis Ababa na hAetóipe, déanfaidh sé a bhealach tríd na Súdáine agus as sin leis go Nairobi na Céinia. 

Ní dhéanfar dearmad go brách ar ‘A go Z’ na hAfraice seo agus Hector ina bhun!

Clár 1- An Aetóip: 8 Deireadh Fómhair, 9.30pm

In Addis Ababa a chuirfidh Hector tús lena thuras tríd an Afraic áit a mbuailfidh sé le Haile Gebrselassie, duine de na cianreathaithe is cáiliúla riamh. 

Gheobhaidh sé léargas ar an trádáil caife agus tabharfaidh spléachadh ar shaol an fhaisin agus baintear siar as nuair a fhaigheann sé amach gur in 2012 atá sé de réir a bhféilire. Ó dheas ansin leis go dtí an Pobal Rastafárach in Shashamane. Triailfidh sé roinnt cát, luibh spreagthach. Níos faide ó dheas leis ansin go Gleann Omo le páirt a ghlacadh i ndeasghnáth a bhíonn ag treibh Hamar.

Clár 2- An tSúdáin: 15  Deireadh Fómhair, 9.30pm

Tá Hector in Khartoum, príomhchathair na Súdáine, áit a dtagann an dá chuid den Níl le chéile. 

Tá athrú mór ar shaol mhuintir na háite ó bhí an réabhlóid ann roinnt míonna ó shin. 

Casfar foireann sacair mná na Súdáine air, beidh sé ina aoi speisialta ag comórtas iomrascála agus tabharfaidh sé aghaidh ar mhargadh na gcamall sula rachaidh sé ó thuaidh go Príomhchathair Ársa Ríocht Kush agus na pirimidí.

Clár 3- An Chéinia: 22/10 9.30pm

Tá Hector i Nairobi na Céinia, cathair a bhfuil athrú mór uirthi ó thug sé cuairt uirthi 16 bliana ó shin. 

I ndiaidh dó píosa cainte a dhéanamh leis an iriseoir iniúchta, John-Allan Namu, casfar misinéir as Éirinn, an tSiúr Miriam Duggan air

i slumaí Nairobi sula dtabharfaidh sé aghaidh ar Iten, baile ina bhfuil cónaí ar ‘Sheanóir rite na Céinia’ agus, mar a tharlaíonn sé, is as Éirinn ó dhúchas dó. Idir caomhantóirí agus maoirseoirí fiadhúlra turas dochreidte é a mbeidh deireadh leis i dTír na Samburu.