Irish-Language

Áiseanna oideachais do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar fáil ó Concern

TÁ ACMHAINNÍ oideachais do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna a chruthaigh clár Concern Worldwide ar Shaoránacht Ghníomhach ar fáil i nGaeilge den chéad uair. 

Tá aistrithe go Gaeilge anois ábhar don seomra ranga do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ar cheisteanna daonnúla domhanda.

Is féidir iad a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Concern nó ríomhphost a chur chuig an fhoireann Saoránachta Gníomhaí.

“Le blianta beaga anuas, tá réimse leathan d’acmhainní oideachais saor in aisce forbartha ag clár scoile Concern agus tá muid ar bís roinnt dár n-acmhainní móréilimh a chur ar fáil i nGaeilge den chéad uair don bhliain acadúil 2020/2021,” a dúirt Noeleen Doyle, feidhmeannach tiomsaithe Scoileanna agus Óige ag Concern Active.

Le linn na bliana acadúla 2019/2020, íoslódáladh na leaganacha Béarla níos mó ná míle uair agus cuireadh amach 900 cruachóip chuig scoileanna.

Ceann de na hacmhainní nua seo is ea Someone Like Me, leabhar maisithe do pháistí a bhfuil gradam buaite aige ina bhfuil scéalta ochtar páistí atá buailte ag cogaidh, tubaistí nádúrtha agus fíorbhochtaineacht. Tá treoirleabhar múinteora leis chomh maith le closleaganacha agus dhá chur i láthair bunaithe ar dhá scéal atá sa leabhar.

Aistríodh go Gaeilge fosta póstaeir agus acmhainní bunaithe ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe – tacar de 17 aidhm atá ann le go mbainfear amach  todhchaí níos fearr níos inbhuanaithe do chách faoi 2030.

Beidh fáil ag múinteoirí  i nGaelscoileanna ar acmhainní saor in aisce faoin Ocras, Athrú Aeráide agus Comhionannas Inscne a bhfuil nasc acu leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.  

Ní hamháin go bhfuil siad seo áisiúil do ranganna na hidirbhliana ach cuidíonn siad le feasacht ar cheisteanna tábhachtacha domhanda a mhéadú i measc phobal na scoile i gcoitinne”.

Tá Hunger Heroes ar fáil as Gaeilge freisin. Clár do dhaltaí bunscoile atá ann a dhíríonn ar an ngaol idir cur amú bia agus an t-ocras.  Tá pleananna ceachta, cás-staidéir agus gníomhaíochtaí ranga sa phacáiste acmhainní.

Mar gheall ar Covid19 agus na srianta a ghabhann leis tá cúrsaí athruithe anois d’fhoireann Concern Active. Don bhliain acadúil 2020/21 beidh gach clár scoile amhail Concern Debates, Speak Act Do chomh maith le ceardlanna World Day ar líne.  Is féidir cainteanna agus ceardlanna fíorúla ar líne a eagrú do scoileanna agus ranganna ach dul i dteagmháil le foireann Concern Active.

:: Is féidir na hacmhainní Gaeilge a íoslódáil ó concern.net nó ríomhphost a chur chuig an an fhoireann Saoránachta Gníomhaí ag resources@concern.net