Irish-Language

Na focail Ghaeilge a thugann bealach éagsúil dúinn an domhan a fheiceáil

<strong>MACH&Aacute;N MAGAN:</strong> Chaith Mach&aacute;n s&eacute; bliana ag taisteal, ag &eacute;isteacht agus ag baili&uacute; cuid de na focail a l&eacute;ir&iacute;onn meon &aacute;r sinsir agus an caidreamh a bh&iacute; acu lena dtimpeallacht &nbsp;
MACHÁN MAGAN: Chaith Machán sé bliana ag taisteal, ag éisteacht agus ag bailiú cuid de na focail a léiríonn meon ár sinsir agus an caidreamh a bhí acu lena dtimpeallacht   MACHÁN MAGAN: Chaith Machán sé bliana ag taisteal, ag éisteacht agus ag bailiú cuid de na focail a léiríonn meon ár sinsir agus an caidreamh a bhí acu lena dtimpeallacht  

AR FEADH na mblianta fada agus fuaimeanna agus foghraíocht na Gaeilge ag teacht amach as mo bhéal, na dea-leabhair á léamh agam, cuideachta bhreá Ghaeilge thart orm i nGaeltacht agus i nGalltacht, bhí a fhios agam go raibh saibhreas ar leith agam cionn is go raibh an teanga uasal seo agam.

Ach ní raibh mé riamh in ann friotal a chur ar an dóigh ar cheangail an teanga seo mé le hanam, le saíocht agus le sprid an chomhluadair a mhúnlaigh í le dhá mhíle bliain romham. 

Bhí sé amhlaidh go dtí an tseachtain seo caite, nuair a fuair mé cóip le leabhar úr Mhacháin Magan, 32 Words for a Field: Lost Words of the Irish Landscape.

Is leabhar é a ghealaíonn an dorchla a shíníonn siar in am a fhad leis na chéad fhocail Ghaeilge – nó a leagan béite – a labhraíodh riamh ar thalamh na hÉireann agus a léiríonn an continuum teanga fríd na mílaoiseanna go dtí gur caitheadh a saíocht amach mar mhuirchur as an bhád agus é ag tarraingt ar bhun scríbe doiléir na nua-aimsearthachta.  

Is breá liom go bhfuil an leabhar i mBéarla le go bhfeicfidh daoine gan Gaeilge  agus lucht an díspeagtha ach go háirithe, an áisiúlacht agus an áilleacht atá inti.

Is leabhar thar a bheith siamsúil, suimiúil, spreagúil é 32 Words for Field mar a bheifeá ag súil leis ó Manchán, fear atá le feiceáil ar shraith teilifíse ar TG4 i láthair na huaire, DNA Caillte agus a bhfuil blag aige ar shuíomh gréasáin RTÉ, The Almanac of Ireland.

Is furasta titim i ngrá leis na focail fholaithe, dhearmadta atá ag tarraingt anáil go fóill ar leathanaigh an leabhair agus tú ag cur aithne ar lucht a n-úsáide amuigh sna, er, páirceanna nó cois cladaigh. 

Níl rud ar bith níos daonna ná teanga nó mar a dúirt Czelaw Milosz, “language is the only homeland.”  

Bhí a fhios agam go raibh rud éigin speisialta faoin leabhar ón chéad leathanach ina gcuireann Manchán síos ar an fhreagair a thug a máthair mhór, Sighle Humpreys, nuair a d’fhiafraigh sé di cad é an Ghaeilge a bhí ar an fhocal Béarla “hole”.

“Do you mean one dug into the ground by an animal? That’s an uachas,” a d’fhreagair sí.

“Or one made by fish in a sandy riverbed for spawning? That’s a saothar. Or if it’s been hollowed out by the hoofs of beasts and then filled with rain, it’s a plobán

“Or if a lobster is hiding in one, it’s a fach. Or if it’s been created as a hideaway by a wild beast, it’s a puathais.”

Admhaíonn Machán nach mbeadh na focail seo agus na hidirdhealaithe eatarthu in úsáid ag mórán daoine inniu ach cá hait a bhfuair sé féin an saibhreas seo Gaeilge atá in 32 Words for Field a d’fhiafraigh mé de an tseachtain seo caite.

“Bíonn a lán daoine ag scríobh chugamsa go hairithe Béarlóirí ag iarraidh focail Ghaeilge ar chuid mhór rudaí nach bhfuil cnuasaithe in aon ait amháin ach de bharr teicneolaíochta, de bharr an idirlín, tá sé níos fusa teacht orthu,” ar sé.

“Tá suíomhanna iontacha twitter anois ann ag tabhairt dripfeed d’fhocail shuimiúla  don phobal gach cúpla lá, eDil.ie go príomha, an foclóir seana-Ghaeilge ach tá sé ana-dheacair dul tríd le focail a aimsiú mar sin is i bhfoclóir Dinneen a fuair mé bunús an bhfocal atá sa leabhar seo. Tá muid fós ag brath ar an nDuinníneach!” 

Sin ráite, tá foclóirí eile ar líne, ar nós Foclóir Lane (bit.ly/me2ZhVRNi) agus foclóir Liam S Gogan (focloir.com) ina bhfuil saibhreas teanga.

“Dá bhfeicinn téama a thaitin liom, rachainn a chuardach in Dinneen agus in Ó Dónaill agus sna seanfhoclóirí agus gach aon uair, rachainn ar chamchuairt éigean níos doimhne isteach sa scéal.

“Thóg sé sé bliana orm an leabhar a scríobh ach chun an ábhar uilig  a cheangal i slí fhileata agus ealaíonta go raibh cuma éadrom air ach déanta na firinne, bhris sé mo chroí ag iarraidh na nascanna uilig go léir a dhéanamh agus bunús stairiúil agus teangeolaíochta a bheith leo.” ar sé.

Ach síos fríd an leabhar tá an luascadh seo anonn is anall ag dul ar aghaidh, a léimeann amach is isteach den dá shaol, alltar agus ceantar, an chéad cheann a chuireann síos ar an saol nach bhfeiceann muid agus an dara ceann a chuireann síos ar an saol nithiúil.

Tugann Magan sampla dúinn, an focal scim.

Scim is a world that links reality to the world beyond in a gritty and visceral way. Its basic meaning is a thin coating of tiny particles like the limewash on a house or dust on a mantelpiece, but it can also mean a fairy film that covers the land, or a magical vision or succumbing to the supernatural world through sleep.

“These notions seem to be vestiges of a simpler age, and yet, the current frontiers of physics are proposing a theory of the universe that is eerily similar. Leaving behind a reality that was based

firmly on the molecular interactions between electrons, physicists have now come to realise that electrons don’t exist – or at least not as we imagined them – in one place. 

“They are quantum, forever materialising and reappearing somewhere else.”

Is leabhar é seo ina bhfuil eolaíocht an lae inniu agus Tuatha Dé Danann ann ina suí go compordach lena chéile.

Bhí lucht labhartha na Gaeilge in ann rudaí a fheiceáil a bhfuil muid dall orthu inniu agus an friotal acu le cur síos air. 

Má bhí sé d’achmhainn ionainn an stóras mór focal seo a chumadh le cur síos ar an timpeallacht a bhí de de dhlúth agus d’inneach ár saoil, cad chuige nach bhfuil sé ar ár gcumas an grinneas, an bheaichte, agus an ghéarchúis chéanna a mhúscailt le cur síos ar shaol cathrach an lae inniu nó le mothúcháin an duine i suíomh uirbeach?

An ann do 32 fhocal Gaeilge le cur síos ar an timaistear laethúil chun na hoibre nó mar a mhothaíonn tú agus tú i do shuí os comhair do ríomhaire i rith na hoíche nó an eagla nach bhfuil tú i do thionscaire? 

Cá háit ar chaill muid an géire intinne sin?   

Is leabhar é seo a chuirfidh tú ag smaoineamh ar an teanga a úsáideann tú, ar áilleacht an tsaoil thart ort, sofheicthe agus dofheicthe.

Gheobhaidh sibh amach gach ceann de na 32 fhocal do pháirc, an 14 fhocal maidir le bradáin, 45 focal le haghaidh clocha, 54 focal le haghaidh bod, 4,300 focal le cur síos a dhéanamh ar charachtar daoine agus 60,000 logainm sa leabhar iontach seo.

:: Thirty-Two Words for Field le Machán Magan foilsithe ag Gill Books ar €19.99.